‘Déistin’ ar an Aire Gnóthaí Eachtracha le Campbell

Dúirt an tAire Flanagan nár cheart d’éinne a bheith ag caitheamh anuas ar an nGaeilge mar a rinne Campbell ag an deireadh seachtaine.

An tAire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan. Pictiúr: Photocall Ireland
An tAire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan. Pictiúr: Photocall Ireland

Tá ‘déistin’ ar an Aire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan, leis an méid a dúirt Gregory Campbell ón DUP faoin éileamh ar Acht Teanga do phobal na Gaeilge ó thuaidh.

Ag freagairt ceist Dála ó Brendan Smith, Fianna Fáil, ar an Acht Teanga átá á lorg le fada an lá, dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha gur ghoill a ndúirt Campbell ag comhdháil an DUP go mór ar dhaoine “fud fad an oileáin”.

Dúirt an tAire Flanagan nár cheart d’éinne a bheith ag caitheamh anuas ar an nGaeilge mar a rinne Campbell ag an deireadh seachtaine.

“I wish to deplore what were most unhelpful comments on a matter of importance.  I recognise that his comments were deeply hurtful to many people across the island, that our language should be denigrated in such a way,” a dúirt Charlie Flanagan, an tAire Gnóthaí Eachtracha.

Dúirt Gregory Campbell ag an deireadh seachtaine nach raibh san Acht Teanga don Tuaisceart ach éileamh ar ‘liosta aislingeach’ arb ionann é agus ‘páipéar leithris’.

Thug sé le fios do chomhdháil an DUP i mBéal Feirste nach ngéillfeadh a pháirtí ‘go deo’ don éileamh ar Acht Teanga.

Dúirt sé go gcaithfeadh an DUP le gach éileamh ar “wish list” Shinn Féin, an tAcht Teanga san áireamh, “as no more than toilet paper”.

Fág freagra ar '‘Déistin’ ar an Aire Gnóthaí Eachtracha le Campbell'

  • Eoghan ONeill

    Ní haon mhasla Acht Teanga a bheith curtha ar chomhchéim le páipeir leithris – mura mbeadh páipéir leithris á usáid ag na daoine bheadh orthu feidhm a bhaint as glac féir i ndiaidh gnó na maidine agus dá gcuirfí an féar sin síos sa leithreas ní fada go mbeadh an córas searachais tachta, rud a chruthódh faidhbeanna tromcúiseacha scaipeadh galair gan chaint ar an bholadh! Mar sin bhí an t-Uasal Cambell ag léiriú riachtannais an Acht Teanga ach faraoir, mar a tharlaíonn go minic sa saol, baineadh ciall contráilte as a dúirt sé.

  • Ciarán Ó Coigligh

    Tá cosúlacht amháin ar a laghad idir an tUasal Gregory Campbell agus an tAire Gnóthaí Eachtracha an tUasal Charlie Flanagan. Ní labhraíonn ceachtar acu Gaeilge. Is fianaise shoiléir an bheirt acu nach bac ar bith ar ghabháil chun cinn sa bpolaitíocht ó Thuaidh ná ó Dheas a bheith d’uireasa na Gaeilge. Tá an t-éileamh ón bpobal Aontachtach ar Ghaeilge ag méadú de réir a chéile agus is fearr i bhfad an seans go dtabharfaidh an tUasal Campbell aird ar an éileamh sin ná ar éileamh de chuid Shinn Féin. Freisin, tá méadú leanúnach ag teach ar líon na gCaitliceach a thugas tacaíocht don Pháirtí Aontachtach Daonlathach as ucht gur páirtí ar son na beatha é. Beidh daoine go leor ina measc siúd a chuirfeas cás na Gaeilge chun cinn agus tabharfaidh an tUasal Campbell agus bunaíocht an PAD aird orthu siúd freisin le cúnamh Dé.