Deiseanna oiliúna i ngnó na teilifíse fógartha ag TG4 agus Údarás na Gaeltachta

Beidh cuid den airgead á chaitheamh ar dhaoine atá ag tosú sa tionscal agus an chuid eile ar dhaoine ar mhian leo sainscileanna nua a fhorbairt

Deiseanna oiliúna i ngnó na teilifíse fógartha ag TG4 agus Údarás na Gaeltachta

Tá €320,000 le hinfheistiú don dara bliain as a chéile ag Údarás na Gaeltachta agus TG4 i scéim le tacú le comhlachtaí léiriúcháin teilifíse scileanna agus tallann nua a fhorbairt sa tionscal sin.

Caithfear cuid den airgead ar dhaoine a bhfuil Gaeilge acu atá ag tosú amach i ngnó na teilifíse agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil. Taithí oibre bliana a bheidh i gceist i “réimsí forbartha agus cruthaitheacha, nó scileanna ar leith ina bhfuil lucht saothair gann”. Cuirfear “clár cuimsitheach oiliúna” ar fáil faoi stiúir GMIT, Galway Film Centre agus Gréasán na Meán.

Caithfear an chuid eile den airgead ar scéim do dhaoine atá ag saothrú sa tionscal cheana féin agus atá ag iarraidh cur lena gcuid oiliúna trí “freastal ar chúrsa sainscileanna nó ar ócáid foghlamtha sainspéise” a chuideoidh leo a ngairm a fhorbairt.

Cuirfidh TG4 leath an airgid, €160,000 ar fáil agus Údarás na Gaeltachta an leath eile.

Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4 gur éirigh go maith leis an gcéad bhliain de na scéimeanna seo agus go raibh daoine cumasacha oilte tagtha chun cinn, a raibh toradh a gcuid oibre le feiceáil cheana féin ar scáileán.

Dúirt Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta gur breá an rud é go bhfuil tóir ar an “scéim nuálaíoch bhríomhar seo” le tallann agus scileanna nua a fhorbairt san earnáil chlosamhairc agus sna meáin dhigiteacha.

Is féidir sonraí agus foirmeacha iarratais a fháil ag www.tg4.ie/oiliuint agus  www.udaras.ie

Fág freagra ar 'Deiseanna oiliúna i ngnó na teilifíse fógartha ag TG4 agus Údarás na Gaeltachta'