Feachtais earcaíochta dírithe ar Ghaeilgeoirí, deiseanna do chainteoirí Gaeilge obair ón mbaile, scoláireachtaí Gaeltachta do mhic léinn, ranganna teanga agus tréimhsí taithí oibre ag obair trí Ghaeilge.
Sin cuid de na beartais a bhfuiltear ag cuimhneamh orthu chun go n-éireodh le sprioc an Rialtais go mbeadh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina gcainteoirí Gaeilge faoi 2030.
De réir eolais atá curtha ar fáil ag Roinn na Gaeltachta chuirfí na beartais seo i gcrích mar chuid den Phlean Náisiúnta earcaíochta a d’ullmhófaí ar mhaithe le cur leis an soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge, mar atá geallta sa Bhille Teanga nua.
Faoin dréachtreachtaíocht nua atá ag dul trí Thithe an Oireachtais faoi láthair, bhainfí an sprioc 20% amach faoin 31 Nollaig 2030, cé go bhféadfadh aire Gaeltachta an sprioc sin a chur siar in 2028.
Bhí go leor míshástachta ann nuair a foilsíodh an dréachtreachtaíocht chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ar dtús toisc nach raibh aon spriocdháta luaite leis an bplean earcaíochta.
Ach bhíothas ann chomh maith a shíl go raibh an sprioc 20% féin míréalaíoch, go háirithe gan athruithe bunúsacha a bheith déanta ar an gcóras earcaíochta.
Faoin mbille nua bhunófaí Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge chun tacú leis an obair seo agus réiteodh an coiste sin Plean Náisiúnta. Faoin bplean sin d’fhostófaí níos mó Gaeilgeoirí trí chomórtais ar leith, trí mhodhanna nua earcaíochta agus trí dheiseanna cianoibre a thairiscint dóibh.
Déanfar iarracht freisin cur le cumas teanga daoine le go mbeadh dóthain líofachta acu dualgais áirithe a dhéanamh i nGaeilge.
I measc na mbeartas le cur le cumas teanga daoine, beidh tionscnaimh teagaisc teanga ar láithreacha oibre agus in ionaid oideachais, scoláireachtaí a mheallfadh mic léinn tríú leibhéal le semester a chaitheamh sa Ghaeltacht agus deiseanna ar thréimhsí intéirneachta agus taithí oibre in áiteanna arb í an Ghaeilge teanga na hoibre.
Deirtear chomh maith go gcuirfear chun cinn “go gníomhach” i scoileanna agus institiúidí tríú leibhéal na deiseanna fostaíochta a bheidh ann do chainteoirí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí.
Ní bhunófar an Coiste Comhairleach nua go dtí go mbeidh na leasuithe déanta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus tá sé mhí ceadaithe chun an coiste a bhunú ina dhiaidh sin.
Beidh dhá bhliain ag an gCoiste Comhairleach an Plean Náisiúnta a ullmhú ina dhiaidh sin. Fágann sin gur faoi lár na bliana 2023 ar a thúisce a d’fhoilseofaí an plean nua.
Tá amhras léirithe ag cuid den fhreasúra, ag an gCoimisinéir Teanga agus ag Conradh na Gaeilge gur ionadaithe ó ranna rialtais agus on tseirbhís phoiblí is mó a bheidh ar an gcoiste nua agus nach gá ach ionadaí amháin ón nGaeltacht a bheith air.
Tá míshuaimhneas freisin ann faoin stádas a bheidh ag an bPlean Náisiúnta nua agus gan aon deimhniú faighte faoi cé a bheidh freagrach as é a chur i bhfeidhm.
Dúirt an Roinn gur faoin gCoiste nua a bheadh sé comhairle a thabhairt do chomhlachtaí poiblí maidir lena gcuid seirbhísí trí Ghaeilge a fhorbairt agus líon na mball foirne a mbeadh Gaeilge líofa acu a mhéadú. Dúradh freisin go mbeadh na spriocanna sa Phlean Náisiúnta bunaithe ar “thaighde sainiúil” agus “ag eascairt as cur chuige fianaise-bhunaithe”.
Aontaíodh sa Dáil an mhí seo caite go gcuirfí an bille teanga ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile, céim an choiste.
Déanfaidh Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán scagadh ar an reachtaíocht anois agus é i gceist ag an bhfreasúra cuid mhaith leasuithe a mholadh uirthi.
Chuir Teachtaí Dála an fhreasúra fáilte roimh leasuithe an rialtais, go háirithe an moladh go gcuirfí spriocdháta – an 31 Nollaig 2030 – leis an sprioc sa bhille go mbeadh Gaeilge ag 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí agus an moladh go neartófaí an chumhacht atá ag an gCoimisinéir Teanga faireachán a dhéanamh ar achtanna eile seachas an t-acht teanga.
Ach thagair na Teachtaí Dála go léir do na laigí atá fós ar an mbille, dar leo, agus do na leasuithe a shíleann siad a bhfuil gá leo ag an gcéad chéim eile den bhille.
Tá tuairimí an phobail á lorg ag Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais, Aengus Ó Snodaigh, maidir le leasuithe ar an mbille.
Donncha
Nach iontach iad na pleananna! Go dtí go gcaithfear iad a chuir i bhfeidhm. Tá Údarás na Gaeltachta ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód ag “cur chun cinn na Gaeltachta” agus ag an am céanna ag déanamh iarratais pleanála, ag tuairisciú agus ag seoladh comhfhreagras i mbéarla chuig pobal na Gaeltachta. Tá an cath caillte ó thaobh na Gaeilge dhi sa nGaeltacht agus is iad Údarás na Gaeltachta a ghéill é. Níl sa phlean náisiúnta ach maisiúchán.
Údarás na Lámha Nite
A Dhonncha, nach bhfaca tú go bhfuil an tÚdarás ró-ghnóthach anois ag seoladh teachtaireachtaí an HSE le bheith ag déanamh imní faoin nGaeilge sa nGaeltacht? Nigh do lámha maith fear agus ná dearmad má tá tú ag “streachailt” faoi láthair go bhfuil tacaíochtaí ann- fhad is nach le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta atá tú ag streachailt, más é níl aon chomhairle ag Údarás na Gaeltachta dhuit!
John Dunphy
Cuspóir ionraic is ea é, níl gá le rá. Caithfeadh an tSeirbhís um Cheapacháin Poiblí a gcóras a athdhearadh go bunúsach chun é a chur i gcrích, áfach. I láthair na huaire is féidir leat agallamh Gaeilge a dhéanamh chun do líofacht a thaispeáint ar lá an “phríomhagallamh”. Tá 6% marcanna breise ag baint leis. Ach mura éiríonn tú sa Phríomh agallamh is cuma cé chomh líofa is atá an iarrthóir. Na laethanta seo, tá an PAS/SCP ag baint úsáid as “Psychometric Testing” agus “agallamh Video”. Ní thugann siad rogha duit iadsan a dhéanamh trí mheán na Gaeilge -ach as Bearla amháín. Mar sin nuair atá do “Verbal Reasoning” á mheasúnú acu (nó ag an gcomhlacht eachtrannach -Meiriceánach “cute-E” a úsáidtear) tá do chumas i mBearla i gceist.