Deiseanna ag Gaillimh tar éis cleas Quaid
Tá an-chuid cainte déanta faoin mbriseadh san imirt a tharla 24 nóiméad isteach sa chluiche idir Gaillimh agus Luimneach. Bhí Evan Niland tar éis buille saor a scóráil chun na Gaillimhigh a chuir sé phointe chun tosaigh, 1-12 in aghaidh 1-6, agus iad go mór i gceannas sa choimhlint.
Chuaigh cúl báire Luimnigh Nickie Quaid síos ar a ghlúin, tháinig dochtúir isteach chuige agus stop an imirt ar feadh beagáinín le cois nóiméad. Tá sé curtha i leith an chúil báire nach raibh tada mícheart leis agus nach raibh sé ach ag iarraidh an cluiche a stopadh chun deis a thabhairt d’imreoirí Luimnigh treoir a fháil ón taobhlíne. Tá sin séanta ag John Kiely ach, i ndáiríre, is beag duine a chreideann é, go háirithe nuair a tharla an rud céanna do Quaid nuair a bhí Luimneach faoi bhrú i gcluiche in aghaidh Thiobraid Árann níos luaithe sa chraobh.
Bhí Henry Shefflin ar buile nuair a stop Quaid an imirt ar an Satharn agus thuigfeá dó. Bhí Gaillimh ag imirt ar fheabhas nuair a tharla sé, ach is í fírinne an scéil ná nár athraigh treo na himeartha ar an bpointe ach an oiread. Bhuaigh Gaillimh seilbh ar an sliotar nuair a cuireadh tús arís leis an gcluiche agus chuir Conor Whelan iarracht ar strae. Baineadh an liathróid de Shéamus Flanagan sa chéad ghluaiseacht eile, chlis ar ionsaí de chuid na Gaillimhe agus ansin chuir Barry Nash iarracht ar fóraoil.
Tháinig an chéad scór sa chluiche cúig nóiméad i ndiaidh bhriseadh Quaid nuair a d’aimsigh Diarmuid Byrnes poc saor ach chuaigh Gaillimh díreach suas an pháirc agus bheadh cúl acu a chuirfeadh ocht bpointe chun tosaigh iad ach ach gur éirigh le Mike Casey camán a chur le hiarracht Brian Concannon. Is ina dhiaidh sin a tosaigh teacht aniar Luimnigh i gceart agus is beag duine a bheadh ag caint faoi chleas Quaid dá mbeadh na deiseanna sin scóráilte ag Gaillimh.
Ní shárófar Cill Chainnigh ó thaobh oibre de
Tá ceannas ar fhoireann iomána Chill Chainnigh tugtha ar láimh ag Brian Cody ach tá tionchar an iarbhainisteora fós le feiceáil go mór in imirt na gCat agus cluiche ceannais na hÉireann bainte amach ag Derek Lyng ina chéad bhliain mar bhainisteoir.
Ba é cumas Chill Chainnigh san aer a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine i gcluiche ceannais Laighean agus theip ar Ghaillimh dul san iomaíocht leo sa ghné sin den imirt. Ba iad na bunscileanna céanna sin a d’fhág go rabhadar in ann an ceann is fearr a fháil ar chontae an Chláir ag an deireadh seachtaine.
Cé go bhfuil gaiscí á ndéanamh fós ag TJ Reid agus sár-imirt déanta freisin ag ógánaigh ar nós Eoin Cody agus Adrian Mullen, ní déarfadh aon duine gurb í seo an bhuíon imreoirí is cumasaí a bhí riamh ag Cill Chainnigh ach níl a sárú ann ó thaobh oibre.
Tháinig cúl na gCat ó dhíograis Billy Ryan, é ag rith siar chun seilbh a bhaint de Rory Hayes. Bhí TJ Reid ar an láthair ar an bpointe agus thug seisean an pas d’Eoin Cody a chuir an bhratach ghlas á hardú.
Bhí an obair sin á déanamh i gcaitheamh an lae. Bhí thart ar dheich nóiméad caite nuair a rinne Adrian Mullen an-bhlocáil ar Chathal Malone. Rinne Richie Reid péire eile chun pointí a chosc agus stop Conor Fogarty cúl sa 23ú nóiméad nuair a rith sé siar go dtí an líne chúil chun iarracht ó Mark Rodgers a choinneáil amach.
D’fheabhsaigh an Clár go mór sa dara leath ach, nuair a bhí an cluiche idir dhá cheann na meá, bhí na Cait fós ag déanamh na hoibre. Sna deich nóiméad deireanach, rinneadh dhá bhlocáil laistigh de chúpla soicind ar iarrachtaí ó David Reidy agus Peter Duggan chun an Clár a choinneáil amach arís.
Cinneadh aisteach an Chláir
Chaith daoine cuid mhaith den tseachtain seo caite agus na seachtainí roimhe ag tabhairt buille faoi thuairim faoi cé a d’imreodh in áit Declan Hannon i lár chosaint Luimnigh. Bhí Dan Morrissey, Kyle Hayes agus Darragh O’Donovan ar na himreoirí ba choitianta a measadh a bheadh ann ach, mar a tharla sé, ba é William O’Donoghue a roghnaigh John Kiely mar leathchúlaí láir agus d’éirigh go maith le fear na bPiarsach.
Ba é an cinneadh ba mhó a tháinig aniar aduaidh ar dhaoine i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine, áfach, ná ceann Brian Lohan go dtabharfaí Séadna Morey isteach ar fhoireann an Chláir in áit Ian Galvin. Níor imir an Clár le seachtar cosantóirí i gcluiche ar bith i mbliana agus b’ait an t-athrú Morey a thriail den chéad uair i gcluiche leathcheannais na hÉireann.
Is cinnte nár éirigh leis an tseift ach an oiread. Sheas Morey sa spás os comhair líne lántosaithe Chill Chainnigh ach níor bhreathnaigh sé go raibh sé an-chompordach sa ról agus bhí an chuma ar an scéal freisin go raibh sé ag cur as do John Conlon, a thiteann isteach sa spás sin uaireanta.
Dúirt Lohan tar éis an chluiche go raibh sé ag iarraidh a chinntiú nach scórálfadh Cill Chainnigh an chéad chúl. Seans gur chuir na ceithre chúl a scóráil na Cait in aghaidh na Gaillimhe i gcluiche ceannais Laighean imní ar Lohan ach ba í cosaint lag na Gaillimhe ba chúis leosan uile, nach mór, seachas teaictic ar leith ag Cill Chainnigh.
Caitheadh an plean sin i dtraipisí ag leath ama agus tugadh Galvin isteach in áit Morey agus d’fheabhsaigh an Clár go mór. Agus iad cúig phointe chun deiridh faoin am go ndearnadh an t-athrú sin, bhí an iomarca oibre le déanamh.
An-deis ag Tiobraid Árann agus Port Láirge sa chamógaíocht
Fágann an tarraingt do bhabhtaí leathcheannais camógaíochta na hÉireann go bhfuil deis ag contae eile seachas Gaillimh, Corcaigh agus Cill Chainnigh cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach den chéad uair le breis is deich mbliana anuas. Ba in 2012 an uair dheireanach nach raibh péire de na trí chontae sin ag imirt sa chluiche mór agus an chraobh buaite den tríú huair as a chéile ag sárfhoireann Loch Garman an bhliain sin.
Tá bearna idir Gaillimh, Corcaigh, Cill Chainnigh agus chuile dhream eile sa tír ó shin ach tá deis anois ag Tiobraid Árann, a bheidh ag iarraidh an cluiche ceannais a bhaint amach den chéad uair ó 2006, agus Port Láirge, nár imir sa chluiche ceannais ach uair amháin, nuair a chaill siad in 1945, an lá mór a bhaint amach. Casfaidh na foirne sin ar a chéile i gcluiche leathcheannais amháin agus Gaillimh agus Corcaigh le haghaidh a thabhairt ar a chéile sa chluiche leathcheannais eile tar éis do Chorcaigh Cill Chainnigh a chloí ar an Domhnach.
B’iontach an bua a bhí ansin do Chorcaigh sa chluiche céanna agus ceithre cinn de na chúig chluiche deireanach a bhí acu i bPáirc an Chrócaigh caillte acu. Níl Craobh na hÉireann buaite ag mná Chorcaí le cúig bliana anuas ach beidh an-seans acu Corn Uí Dhufaigh a thabhairt ar ais cois Laoi má fhaigheann siad an ceann is fearr ar Ghaillimh faoi cheann coicíse.
jpmorley0@gmail.com
Tuairisc bhreá uait, grma. Bhíos i láthair don dá chluiche. Thit an tóin as na Gaillimhigh ar fad ar fad sa dara leath; liathróidí á mbualadh isteach acu i gcearnóig Luimnigh is gan aon tosaí beo istigh. Cá raibh CWhelan ag fánaíocht? Nach i dteannta na mine is fusa fuineadh? Agus cén diabhal riastradh nó neamheabhair a thagann ar PMannion, imreoir sár-mhaith, ráite gur bhronn sé cúl neafaiseach eile don dara cluiche as a chéile ar an bhfreasúra (Gillane an babhta seo) agus é ag iarraidh an sliotar a ghlanadh? Liathróid a bhí níos deise ná aon cheann a chuirfeadh Luimníoch chuige, aon lá! Caithfidh Mannion an ceann is fearr a fháil ar an anbhá a ghabhann lastuas de nó ní bhuafaidh an treibh dada go deo. Agus caithfidh gach foireann eile sa tír gliocas, galamaisíocht agus soiniciúlacht Luimnigh a shárú. Maidir leis na Cait, níl aon oidhre orthu nuair a bhíonn siad luite amach orthu féin mar sin…ach madraí confaigh! Ach rinneadh leithcheal (‘macánta’) aríst ar na Cláirínigh, mo léan, nuair a shéid Lyons an fheadóig ró-luath agus an sliotar báite sa chúl acu. Ach cén fáth nár athraigh sé an cinneadh sin? Cé thógfadh air é? Beidh an corn i lapaí na gCat aríst gan aon mhoill, mo thuairim; clab go cluasa orthu, is gach aon mhí-abha acu!