Deis mhór ann faoi láthair dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh na meáin Ghaeilge – Catherine Martin

Táthar ag súil le plé i seomra na Dála inniu faoi conas is féidir leis na meáin seirbhís Ghaeilge ‘níos leithne agus níos cuimsithí’ a chur ar fáil 

Deis mhór ann faoi láthair dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh na meáin Ghaeilge – Catherine Martin

Déarfaidh an tAire Gaeltachta Catherine Martin ag cruinniú i dTithe an Oireachtais inniu go bhfuil deis mhór ann faoi láthair dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh na meáin Ghaeilge.

Déarfaidh an tAire Martin, a bhfuil freagracht na meán uirthi chomh maith, go gcuirfidh bunú rialtóra nua in áit an BAI agus foilsiú thuarascáil  an Choimisiún um Thodhchaí na Meán ar chumas na n-údarás tabhairt faoi na deacrachtaí a bhíonn ag na meáin Ghaeilge.

Pléifear cuid de na deacrachtaí sin i seomra na Dála tráthnóna nuair a thiocfaidh an tAire Martin agus ceannasaí an BAI Michael O’Keeffe os comhair choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh go bhfuil “ceart “ag saoránaigh na hÉireann, ar sheirbhís craolta i nGaeilge atá “ar comhchéim” leis an tseirbhís atá ar fáil dóibh i mBéarla.

“Faraor, ní hamhlaidh atá sé faoi láthair, nó a bhí sé riamh,” a deir Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.

I measc na n-ábhar a bhfuil sé i gceist ag baill an choiste iad a phlé ag an gcruinniú, tá maoiniú na nuachta Gaeilge i bhfianaise na gciorruithe atá á ndéanamh ar RTÉ ar Nuacht TG4.

Pléifear maoiniú na meán Gaeilge go ginearálta chomh maith.

Meastar go bpléifear chomh maith tuarascáil taighde faoi chraoltóireacht na Gaeilge a d’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann níos luaithe i mbliana.

Léirigh Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge an BAI go mbíonn craoltóireacht teilifíse na Gaeilge dírithe den chuid is mó ar pháistí agus ar an lucht féachana ginearálta, go mbíonn sí ag brath ar líon an-ard athchraoltaí agus gur ar éigean gurb ann di aon áit eile seachas ar TG4.

Meastar go bpléifear chomh maith ag cruinniú an lae inniu bunú seirbhís raidió don aos óg ar FM. Tá seirbhís don óige a bheadh ar fáil ar líne agus ar FM á scagadh ag an BAI faoi láthair agus tuarascáil le foilsiú acu ina leith. Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh le fada go gcuirfí Raidió Rí Rá ar fáil ar FM.

Tá sé i gceist lánscor a dhéanamh ar Údarás Craolacháin na hÉireann agus a chuid feidhmeanna a aistriú chuig rialtóir nua, feidhmeanna a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge san áireamh. 

Táthar ag súil gur i mí Iúil a chuirfear tuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán faoi bhráid an Aire Martin.

Cuirfidh an tAire Martin in iúl inniu go bhfuil sí sásta gur cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoi na dúshláin atá roimh na meáin Ghaeilge agus go bhfuil sí ag súil le moltaí an Choimisiúin i dtaobh chás na Gaeilge. 

Déarfaidh sí chomh maith go bhfuil sé tábhachtach féachaint chun cinn ar thábhacht na meán Gaeilge ar líne chomh maith. 

Deirtear in aighneacht a chuir Comhar faoi bhráid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán, aighneacht ar thacaigh Tuairisc.ie léi, go bhfuil an maoiniú a chuirtear ar fáil do na meáin scríofa Ghaeilge “easnamhach amach is amach’.

Deirtear san aighneacht, sin gur bac an easpa maoinithe ar fhorbairt na meán scríofa Gaeilge.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais, Aengus Ó Snodaigh, go raibh súil aige go mbeadh plé ag cruinniú an lae inniu i seomra na Dála ar conas is féidir leis na meáin seirbhís “níos leithne agus níos cuimsithí” a chur ar fáil i nGaeilge.

Fág freagra ar 'Deis mhór ann faoi láthair dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh na meáin Ghaeilge – Catherine Martin'