Deis iontach d’Éirinn an Ostair a chur as an áireamh

Má bhuann Éire i Staid Aviva tráthnóna, bheadh sé thar a bheith deacair ag an Ostair áit a bhaint amach ag Corn an Domhain 2018

Deis iontach d’Éirinn an Ostair a chur as an áireamh

James McClean. INPHO/James Crombie

Cé go mairfidh an comórtas cáilithe do Chorn an Domhain ceithre mhí eile, d’fhéadfadh torthaí na hoíche anocht a bheith cinniúnach.

na ceithre fhoireann a bhfuil deis acu áit a bhaint amach sa Rúis ag imirt a chéile agus

Éire ag tabhairt aghaidh ar an Ostair tráthnóna i Staid Aviva agus an Bhreatain Bheag as baile in aghaidh na Seirbia níos déanaí anocht.

Faoi láthair, tá an tSeirbia agus Éire ceithre phointe chun cinn ar an Ostair agus an Bhreatain Bheag.

Má bhuann an dá fhoireann baile, beidh an Ostair agus an Bhreatain Bheag sa tríú agus sa cheathrú háit faoi seach agus iad seacht bpointe taobh thiar dá gcéilí comhraic. Sa chás sin bheadh sé thar a bheith deacair orthu cáiliú do Chorn an Domhain agus gan ach ceithre chluiche fágtha.

Is cluiche fíorchinniúnach é ceann an lae inniu d’fhoireann Martin O’Neill mar sin.

Roimh an bhfeachtas seo, is beag rath a bhí ar Éirinn in aghaidh na hOstaire. Sa chomórtas cáilithe do Chorn an Domhain 2014, níor éirigh le hÉirinn ach pointe amháin a ghnóthú sna cluichí idir na foirne seo, rud a chuir iarracht cháilithe na hÉireann ó mhaith.

Nuair a chas na foirne ar a chéile sa Vín mí na Samhna seo caite, áfach, thuill cúl James McClean bua tábhachtach d’Éirinn.

Níos fearr fós do O’Neill tá slua imreoirí in easnamh ar an Ostair tráthnóna, idir ghortuithe agus tréimhsí fionraíochta. Mar shampla níl fáil acu anocht ar an imreoir de chuid Stoke, Mauro Arnautovic, atá ar dhuine de na himreoirí is aitheanta atá acu. Is é an scéal céanna é le Marc Janko agus Alessandro Schoepf, beirt a thosaigh in aghaidh na hÉireann sa Vín.

Bhí amhras ann i rith na seachtaine an mbeadh Jon Walters in ann imirt i gcluiche an lae inniu ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil biseach tagtha ar an tosach a raibh gortú glúine ag cur as dó le cúpla lá anuas.

Breathnaíonn sé gurb é an cinneadh is mó a bheidh le déanamh ag O’Neill ná cé a roghnóidh sé i lár páirce. Bhí Harry Arter ar fheabhas in aghaidh Uragua an tseachtain seo caite agus seans maith go roghnóidh O’Neill é a thosú tráthnóna.

Má tharlaíonn sé sin, is é Wes Hoolahan is mó a bheidh i mbaol. Bheadh Arter in ann áit Glenn Whelan a thógáil chomh maith ach tá ardmheas ag O’Neill ar Whelan agus is annamh nach n-imríonn sé i gcluichí móra ar nós an chluiche seo.

Seans go dtabharfaidh pé foireann a roghnóidh O’Neill léargas maith dúinn ar an meon agus ar an gcur chuige a bheidh ag Éirinn. Is maith a thuigeann an bainisteoir nach é deireadh an domhain é má éiríonn le hÉirinn pointe a ghnóthú agus tuigeann sé leis go mbeidh ar an Ostair dul ar an ionsaí agus bua ag teastáil uathu.

Má tá O’Neill ag iarraidh go bhfanfadh imreoirí na hÉireann siar d’fhonn leas a bhaint as an bhfrithionsaí, seans gur ag teacht isteach mar ionadaí a fheicfear Hoolahan.

Tá deis iontach ag Éirinn ceann dá gcéilí comhraic a chur as an iomaíocht tráthnóna áfach agus má theipeann orthu é sin a dhéanamh, d’fhéadfadh aiféala a bheith orthu amach anseo.

Fág freagra ar 'Deis iontach d’Éirinn an Ostair a chur as an áireamh'