Deis iontach ag Gaillimh agus Corcaigh agus deireadh curtha le réim na Ríochta

Agus deireadh tagtha le tréimhse fhorlámhais Chiarraí i gcraobh mhionúir na hÉireann, tá deis ag Corcaigh agus Gaillimh Corn Tom Markham a thabhairt leo tráthnóna i bPáirc an Chrócaigh

Deis iontach ag Gaillimh agus Corcaigh agus deireadh curtha le réim na Ríochta

Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Corcaigh v Gaillimh – Páirc an Chrócaigh, 1.00pm (Beo ar TG4)

Is iomaí cor agus casadh a bhain do Chorcaigh agus do Ghaillimh sular bhain siad áit amach i gcluiche ceannais mionúir na hÉireann an lae inniu.

Chaill an dá fhoireann na chéad chluichí a d’imir siad sa chraobh agus cé gur shroich an dá chontae cluichí ceannais a gcúigí, chaill siad ansin chomh maith. Chaill Gaillimh i gcoinne Mhaigh Eo in am breise agus fuair Ciarraí an ceann is fearr ar Chorcaigh den dara huair.

Is ó neart go neart a chuaigh an dá fhoireann ó shin, áfach.

I mbabhta ceathrú ceannais na hÉireann, bhuaigh Gaillimh ar sheaimpíní Laighean, Cill Dara, agus sháraigh siad Ciarraí sa chluiche leathcheannais. Ba iad na Gaillimhigh an chéad dream a bhuaigh ar fhoireann mhionúir na Ríochta ó 2013.

Fuair Corcaigh an ceann is fearr ar sheaimpíní Uladh, Muineachán, sa bhabhta ceathrú ceannais sular thug siad taispeántas cumasach uathu sa chluiche leathcheannais, cluiche inar chuir siad Maigh Eo de dhroim seoil, 4-12 in aghaidh 1-13.

Deis iontach a bheidh sa chluiche ceannais tráthnóna ag an dá fhoireann craobh na hÉireann a thabhairt leo den chéad uair le tamall. 2007 an uair dheireanach a bhuaigh Gaillimh an chraobh mhionúir agus bliain na mílaoise an uair dheireanach ar tugadh Corn Tom Markham ó dheas cois Laoi.

Ré órga Chiarraí sa chraobh an chúis ba mhó nár éirigh leis na foirne seo le blianta beaga anuas. Cúig cinn de chraobhacha a bhuaigh foirne Chiarraí as a chéile ó 2014 ach chuir Gaillimh deireadh le réim na Ríochta trí seachtaine ó shin.

Bua iontach a bhí ann d’imreoirí na Gaillimhe agus dá mbainisteoir, fear an Spidéil Dónal Ó Fátharta, go háirithe ó tharla gurbh iad Ciarraí a fuair an ceann is fearr orthu i gcluiche ceannais na bliana seo caite.

Dar ndóigh is mór an t-athrú atá tagtha ar an bhfoireann i mbliana. Níl ach ceathrar ó fhoireann na bliana seo caite fós ag imirt do Ghaillimh – Donie Halloran, Cian Hernon, Daniel Cox agus Tomo Culhane.

Rinne an ceathrar sin go maith i gcoinne Chiarraí, mar a rinne an captaen Jonathan McGrath, an t-imreoir lár páirce James McLaughlin agus fear Naomh Anna, Warren Seoighe, ach caithfidh siad a bheith chomh maith céanna inniu más leo Corcaigh a shárú.

Bhí géar-iomaíocht idir na Muimhnigh agus Maigh Eo ar feadh 45 nóiméad nó mar sin sa chluiche leathcheannais ach d’aimsigh Corcaigh 3-3 sa chuid dheireanach den chluiche agus bhí an lá leo.

Ba é captaen na foirne Conor Corbett is mó a rinne gaisce agus fuair sé 2-3.  Ba é Patrick Campbell a d’aimsigh an chéad chúl sa chluiche agus fuair an leathchúlaí Daniel Linehan cúl den scoth sa dara leath.

Beidh ar Ghaillimh súil ghéar a choinneáil ar Jack Cahalane, Hugh Murphy agus a leithéidí chomh maith ach chomh fada agus nach ngéilleann siad cúil, mar a rinne Maigh Eo, beidh an-seans acu.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Fág freagra ar 'Deis iontach ag Gaillimh agus Corcaigh agus deireadh curtha le réim na Ríochta'