Deis iontach ag an nGaeltacht Corn an Aire a thabhairt leo ar a bhfód féin

Caitheann Tuairisc.ie súil ar na foirne atá ag imirt i gcraobh shinsir na bhfear ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2019

Deis iontach ag an nGaeltacht Corn an Aire a thabhairt leo ar a bhfód féin

PJ Mac Láimh (An Ghaeltacht). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Cé gur cuireadh tús le Comórtas Peile na Gaeltachta 2019 aréir nuair a imríodh an chéad chluiche i gcraobh shóisir na bhfear, is inniu a chuirfear tús leis an bpríomhchomórtas, craobh shinsir na bhfear.

Breá luath ar maidin a chuirfidh Bhulf Tón, seaimpíní na bliana seo caite, tús le feachtas na bliana seo agus iad ag tabhairt aghaidh ar Oileáin Árann.

Bhí fir na Mí an-láidir i gcomórtas na bliana seo caite sna Dúnaibh agus bhí an-tionchar ag na hiar-imreoirí contae, Eoghan Harrington agus Cian Ward, ar imirt na foirne. Níl ag éirí rómhaith leo go dtí seo i mbliana, áfach. Bhuaigh siad ar sheaimpíní an chontae, Naomh Peadar, sa gcraobh mí Aibreáin ach seachas an cluiche sin, níl buaite acu sa tsraith ach cluiche amháin eile, thiar i mí Feabhra.

Patrick O’Donnell (Oileáin Árann). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

An deireadh seachtaine seo caite a d’imir Oileáin Árann sa chraobh idirmheánach i nGaillimh den chéad uair i mbliana, cluiche a chríochnaigh ar comhscór le Seamróga Chortúin. I Roinn 2 na sraithe contae, tá dhá chluiche buaite ag na hoileánaigh, péire caillte acu agus chríochnaigh péire eile ar comhscór. Seo é an dara huair riamh acu páirt a ghlacadh sa chraobh shinsir ag an gcomórtas náisiúnta agus más leo na babhtaí ceannais a bhaint amach, beidh géarghá acu le taispeántais mhaithe ó Cholm Ó Braonáin, Patrick Ó Domhnaill agus Tyler Ó Flaithearta.

Cibé foireann a thiocfaidh slán as an gcluiche sin, beidh lá crua rompu mar caithfidh siad dul chun páirce arís tráthnóna i gcoinne Chill na Martra. Bhí bliain iontach ag foireann Mhúscraí anuraidh nuair a bhuaigh siad craobh idirmheánach Chorcaí agus bhuaigh siad a gcéad chluiche sa phríomhghrád idirmheánach an mhí seo caite. Foireann chumasach iad atá ag imirt i Roinn 1 na sraithe i gCorcaigh agus tá tosaithe den scoth acu. Bhuaigh siad craobh idirmheánach Chorcaí anuraidh agus níl aon amhras ach go mbeidh bua eile ina gceann acu.

Seaimpíní Thír Chonaill, Cill Chartha a thabharfaidh aghaidh ar sheaimpíní Mhaigh Eo, Cill tSéadhna, i gceann de na cluichí ceathrú ceannais. Ó tharla Dún na nGall a bheith ag imirt i gcluiche leathcheannais Uladh an tseachtain seo chugainn, ní bheidh Ryan McHugh ná Paddy McBrearty ar fáil do Chill Chartha ach ba cheart go mbeadh a gcuid deartháireacha, beirt imreoirí den scoth eile, Mark McHugh  agus Stephen McBrearty leo. Tá foireann Chill Charthaigh ag imirt ar fheabhas i mbliana agus tá gach cluiche i Roinn 1 na sraithe i nDún na nGall buaite go dtí seo acu.

Imreoir Chill Charthaigh, Mark McHugh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

B’fhéidir nach mbeadh ainm in airde ar imreoirí Chill tSéadhna chomh mór céanna ach is mairg a dhéanfadh a bheag díobh. Tá siad ag imirt sa chraobh shinsir i Maigh Eo le roinnt blianta agus tá sé chluiche as sé cinn buaite acu i Roinn 2 na sraithe sa chontae. Ar an tosach Mikey Sweeney is mó a bheadh aithne ag daoine ach tá Liam O’Donoghue, a bhí ar fhoireann mhionúir Mhaigh Eo anuraidh, ansin freisin agus d’fhéadfaidís bua gan choinne a sciobadh leo.

Beidh an-suim sa chluiche ceathrú ceannais eile tráthnóna nuair a thabharfaidh An Rinn agus Daingean Uí Chúis aghaidh ar a chéile mar beidh buaiteoir an chluiche sin ag tabhairt aghaidh ar an bhfoireann bhaile sa mbabhta leathcheannais amárach.

Is ar ‘Clásico Chorca Dhuibhne’ Dé Domhnaigh atá cuid mhór de lucht freastail an chomórtais ag cuimhneamh, ach is cinnte go mba bhreá le muintir na Rinne, a bhain na babhtaí leathcheannais amach in 2017, tuisle a bhaint as na Ciarraígh.

Seans go mbeidh cuid de na himreoirí is fearr atá acu in easnamh ar an dá fhoireann toisc iad a bheith gafa le foirne idirchontae. Cinnte beidh ar a laghad ceathrar ar iarraidh ar an Daingean mar tá triúr de mhuintir Ghéibheannaigh, Paul, Mikey agus Conor, agus Tom O’Sullivan ar phainéal Chiarraí a bheidh ag imirt in Inis tráthnóna. Tá triúr, Ray Ó Ceallaigh, Tadhg Ó hUallacháin agus Fearghal Ó Cuirrín, ag an Rinn ar phainéal Phort Láirge a bheidh ag imirt sa chraobh an tseachtain seo chugainn. Mar sin féin, foireann chontúirteach i gcónaí iad agus na hiar-imreoirí idirchontae Donie Breathnach agus Liam Ó Lonáin i measc na dtosaithe acu.

Donie Breathnach (An Rinn). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Fós féin, ba cheart go mbeadh foireann láidir ag an Daingean go háirithe, ó tharla scata imreoirí acu a rinne gaisce le foirne faoi aois Chiarraí agus le Pobalscoil Chorca Dhuibhne le blianta beaga anuas. Ba mhór an t-údar misnigh agus mórtais dóibh Comórtas Peile na Gaeltachta a bhuachan i nGallaras.

Maidir leis an bhfoireann bhaile , beidh deis ag imreoirí Chumann Caide na Gaeltachta a scíth a ligean inniu agus iad ag prapáil don chluiche leathcheannais amárach. Cé gur chaill siad cluiche ceannais idirmheánach an chontae an mhí seo caite, is léir go bhfuil an fhoireann tagtha chucu féin faoin tráth seo agus cúpla cluiche buaite acu i Roinn 1 na sraithe ó shin. Tá siad anois neadaithe ar bharr an tábla agus na ceithre chluiche atá imeartha acu sa tsraith buaite acu.

Bhí Tomás Ó Sé gortaithe agus dá bharr chaill sé an cluiche ceannais craoibhe ach ba cheart go mbeadh an tosach ar fáil an deireadh seachtaine seo agus má bhíonn is buntáiste mór eile a bheidh ann d’fhoireann atá óg go maith ach a bhfuil a lán taithí acu.

Bíonn an-deis ag na hóstaigh gach bliain Comórtas Peile na Gaeltachta a bhaint agus bheadh an fhoireann bhaile mar rogha na n-údar agat i láthair na huaire.

Fág freagra ar 'Deis iontach ag an nGaeltacht Corn an Aire a thabhairt leo ar a bhfód féin'