Deis caillte i mbuiséad beagmhaitheasach

Leagadh béim ar na tosaíochtaí míchearta i mBuiséad 2022

Deis caillte i mbuiséad beagmhaitheasach

Is minic le linn díospóireachtaí buiséid a chloisfeá an sáiteán “deis chaillte” ón bhfreasúra, ach feictear domsa gur deis chaillte an buiséad a d’fhógair an rialtas an tseachtain seo caite toisc go bhfuiltear ag leagan béim ar na tosaíochtaí míchearta.

Mar a tharla bhí níos mó airgid ag an rialtas ná mar a cheap siad a bheadh mí roimhe. Ach in ionad leas a bhaint as an airgead sin le cabhair bhreise a thabhairt dóibh siúd atá i sáinn nó infheistíocht bhreise a dhéanamh sna seirbhísí atá riachtanach dúinn, nó dul níos faide maidir le seasamh i gcoinne an athraithe aeráide ar bhonn cothrom, chinn an rialtas gurbh fhearr fiacha an stáit a laghdú.

Is maith an rud go bhfuil méadú ar íocaíochtaí pinsin is leasa sóisialacha eile, ach is ar éigean go gcoinneoidh na méaduithe céanna suas leis an mboilsciú.

Mar shampla, i gcás na bpinsinéirí, deir eagraíochtaí ar nós Age Action Ireland go bhfuil cumhacht caithimh deich euro níos lú ag pinsinéir inniu i gcomparáid le dhá bhliain ó shin.  Ní líonann ardú €5 an bhearna sin, gan trácht ar na méaduithe móra atá ag teacht ar an gcostas breosla.

Is maith freisin go mbeidh táillí iompair phoiblí níos ísle le híoc ag daoine óga, ach arís ní haon phlean é sin chun a chinntiú go n-imeoidh muid ó bheith ag brath ar bhreosla iontaise.  Ní plean ceart é ach an oiread cáin ar charbóin a ardú ceal roghanna eile a bheith ag duine maidir le taisteal nó córais teasa.

Is maith go deimhin go bhfuil méadú ar an íosphá, cé nach mórán é 30 cent, ach ní raibh aon trácht ar cháin ar chaipiteal nó ar árachas sóisialta na bhfostóirí a ardú – bearta atá ag teastáil má tá muid le seirbhísí poiblí a fheabhsú agus an infheistíocht atá riachtanach a dhéanamh.

Ina ionad sin, tá sé tugtha le fios gur mar a chéile i ndáiríre a bheas an caiteachais poiblí go dtí 2025 ar a laghad.

Bhí rud beag éigin d’an-chuid earnálacha sa bhuiséad agus go deimhin luaigh roinnt tráchtairí go raibh caiteachas déanta ar oiread sin rudaí nach raibh ach rud éigin suarach ag gach dream sa deireadh.

Mhaígh an rialtas go bhfuil fadhb na tithíochta ar na tosaíochtaí atá acu, ach dheimhnigh siad go mbeidh siad ag cloí leis na pleananna ar theip orthu go dtí seo agus le scéimeanna ar nós na hÍocaíochta Cúnaimh Tithíochta (HAP) a thugann airgead poiblí do dhaoine san earnáil phríobháideach gan aon leas a dhéanamh don stoc tithíochta sa deireadh.

Agus, ar ndóigh, an míol mór sa bhfolcadán: tá na mílte daoine óga agus an glas curtha amuigh orthu ó thaobh úinéireacht tí, agus iachall orthu ionad cónaithe a fháil ar cíos, san earnáil phríobháideach den chuid is mó.

Tá cíos ardaithe go mór ar fud na tíre ach ní raibh aon tagairt don fhadhb sin sna hóráidí cáinaisnéise.  Freisin níl aon fhreagra ag an rialtas ina bplean ‘Tithíocht do Chách’ a réiteodh na fadhbanna seo agus beidh na praghsanna an-ard i gcónaí agus gan aon bhealach as gaiste an chíosa ag daoine óga.

Agus freagra pháirtithe an rialtais air sin?  Bhuel, beidh laghdú ar tháillí iompair acu.

Ní nach ionadh gur thug Piaras Ó Dochartaigh, urlabhraí airgeadais Shinn Féin, an coimriú seo ar an gcáinaisnéis: ní raibh aon tuiscint ar an saol, aon smaointe ná aon am” fágtha ag an Rialtas.

Ar deireadh thiar, i ndiaidh na díospóireachta, ní bheidh mórán breise le tabhairt faoi deara ag daoine ina bpócaí, agus is ar éigean mar sin abheidh an pobal i gcoitinne róthógtha lena bhfuil fógartha ag an rialtas.

Is cosúil ó thuairiscí na dtráchtairí go bhfuil cúlbhinseoirí na bpáirtithe rialtais sásta go maith leis an mbuiséad beagmhaitheasach.

Dúradh gur thug páirtí parlaiminte Fhine Gael bualadh bos mór dó, agus tuige nach dtabharfadh!  Tuairiscíodh go raibh níos lú muiníne i measc mhuintir Fhianna Fail ach iad ag súil go mbeadh gach rud ceart go leor.

Thug eite Eamon Ryan den Chomhaontas Glas an chluas bhodhar do ghearáin na mball, is bhí daoine a bhaineann leis an eite chlé den pháirtí ag fiafraí díobh féin arbh fhiú fanacht le dream a bhfuil droim láimhe tugtha acu don Athrú Cothrom ar thacaigh formhór na mball leis ag a gcomhdháil, cé nach bhfuair sé an dá thrian a raibh gá leis lena scríobh isteach i mbunreacht an pháirtí.

An doras éalaithe é sin, nó gaiste a bhéarfaidh ar an bpáirtí ar deireadh thiar?

Neosfaidh an aimsir.

Fág freagra ar 'Deis caillte i mbuiséad beagmhaitheasach'