Deis ar fáil d’Éireannaigh an Ghaeilge a mhúineadh i Meiriceá

Tá iarratais á lorg ag Coimisiún Fulbright ó Éireannaigh ar spéis leo an Ghaeilge a mhúineadh i Meiriceá cur isteach ar phost teagaisc faoin gclár

Grianghraf le Conor McCabe Photography: Scoláirí Fulbright 2015-2016 Kevin Leahy agus Gillian Murphy, in éineacht le hAire Ghnóthaí an Diaspora, Jimmy Deenihan, an tOllamh John Hegarty, Cathaoirleach Bhord Choimisiún Fulbright in Éirinn agus Ambasadóir na Stát Aontaithe chun na hÉireann Kevin O’Malley.
Scoláirí Fulbright 2015-2016 Kevin Leahy agus Gillian Murphy, in éineacht le hAire Ghnóthaí an Diaspora, Jimmy Deenihan, an tOllamh John Hegarty, Cathaoirleach Bhord Choimisiún Fulbright in Éirinn agus Ambasadóir na Stát Aontaithe chun na hÉireann Kevin O’Malley. Pictiúr: Conor McCabe Photography

Tá deis á tairiscint ag daoine le Gaeilge ar suim leo dul i mbun taighde nó teagaisc i Meiriceá tréimhse deich mí a chaitheamh ansin, a bhuíochas do scéim ag Coimisiún Fulbright.

Tá Coimisiún Fulbright ag lorg iarratas anois ó shaoránaigh Éireannacha faoi scéim deontais Fulbright don bhliain acadúil 2016-17.

Tá sé riachtanach go mbeadh líofacht i nGaeilge ag aon duine ar mhian leo an Ghaeilge a mhúineadh ar chúrsaí sna Stáit Aontaithe ach tá deiseanna ar fáil do dhaoine gan Gaeilge freisin i ndisciplíní éagsúla, lena n-áirítear an innealtóireacht, gnó, na heolaíochtaí agus na daonnachtaí.

Tá na deiseanna seo a leanas ar fáil do shaoránaigh na hÉireann sna Stáit Aontaithe faoi scéim Fulbright: taighde iarchéime a chur i gcrích thar thréimhse 4-12 mí; taighde iarchéime nó gairmiúil a chur i gcrích thar 3-12 mí; nó Gaeilge a mhúineadh agus cúrsaí a dhéanamh thar thréimhse deich mí.

Dúirt an Dochtúir Dara Fitzgerald, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Choimisiún Fulbright, go bhfuil “ríméad” air go bhfuil an oiread sin disciplíní ar fáil do mhic léinn agus do thaighdeoirí na hÉireann.

“Teastaíonn uainn an teachtaireacht a threisiú go bhfuil deiseanna ar fáil do mhic léinn, do thaighdeoirí agus do ghairmithe ar fud gach disciplín.

“Mholfainn do gach iarratasóir a bhfuil spéis acu cur lena gcuid saineolais, taithí nua a fháil agus teorainneacha cultúrtha a thrasnú cur isteach ar thréimhse mar ‘Fulbrighteoir’,” a dúirt sé.

Caithfear iarratas a chur isteach roimh 4in Dé hAoine an 30 Deireadh Fómhair na bliana seo. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin scéim ar shuíomh Fulbright.

Fág freagra ar 'Deis ar fáil d’Éireannaigh an Ghaeilge a mhúineadh i Meiriceá'