‘Deis ann a ceart a thabhairt don Ghaeilge sna meáin den chéad uair ó bhunú an stáit’

Ní raibh “soláthar sásúil” don Ghaeilge riamh sna meáin, a dúradh ag cruinniú den Choimisiún um Thodhchaí na Meán in Éirinn. Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le baill an Choimisiúin go gcloistear go minic daoine ag maíomh nach mbíonn éileamh ar ábhar Gaeilge sna meáin ach gurbh amhlaidh nár deineadh aon iarracht […]

‘Deis ann a ceart a thabhairt don Ghaeilge sna meáin den chéad uair ó bhunú an stáit’

Ní raibh “soláthar sásúil” don Ghaeilge riamh sna meáin, a dúradh ag cruinniú den Choimisiún um Thodhchaí na Meán in Éirinn.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le baill an Choimisiúin go gcloistear go minic daoine ag maíomh nach mbíonn éileamh ar ábhar Gaeilge sna meáin ach gurbh amhlaidh nár deineadh aon iarracht cheart riamh an t-éileamh sin a chothú.

“Tógfaidh sé am agus acmhainní seo a bhaint amach agus tá súil agam go mbeidh an Coimisiúin um Thodhchaí na Meán in Éirinn in ann féachaint chuige, 100 bliain ó bunaíodh an stát ó dheas, go mbeidh soláthar sásúil déanta ar na meáin do phobal na Gaeilge, na Gaeltachta agus dóibh siúd le spéis sa teanga den chéad uair riamh,” arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Mhol de Spáinn don Choimisiún gur chóir  TG4 “a mhaoiniú i gceart agus ar an mbonn céanna le S4C sa Bhreatain Bheag”. Chaithfí sin a dhéanamh, a dúirt sé, chun a chinntiú go gcuirfidh TG4 “soláthar iomlán de chláracha as Gaeilge” ar fáil.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur cheart go gcraolfadh RTÉ ar a laghad 5% de chláir RTÉ i nGaeilge agus go bhféadfaí an sprioc sin a bhaint amach ach gearradh siar ar na sraitheanna teilifíse Béarla a bhíonn ar fáil ar stáisiúin eile chomh maith.

Ba chóir, a dúirt ceannasaí Chonradh na Gaeilge, go gcuirfeadh  TG4 agus RTÉ seirbhís Ghaeilge ar fáil do dhaoine óga idir a 7am agus 7pm. Moladh freisin go gcuirfeadh RTÉ tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil do gach cluiche CLG, rugbaí agus sacair agus go gcuirfí fotheidil i nGaeilge mar rogha le cláir Ghaeilge. 

Maidir leis na stáisiúin raidió, moladh gur chóir coinníoll a chur le haon cheadúnas raidió nua a chuirfeadh ceangal ar stáisiúin líon áirithe cláracha Gaeilge a chur ar fáil “laistigh agus lasmuigh d’amanna barréisteachta”. Moladh tuilleadh acmhainní a chur ar fáil do RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tacaíocht a thabhairt do Raidió Rí Rá.

Dúirt Julian de Spáinn chomh maith gur chóir ciste faoi leith a bhunú chun cabhrú le Tuairisc.ie agus na hirisí Gaeilge a fhorbairt “go háirithe le cabhrú leo breis iriseoirí lánaimseartha agus saoririseoirí a fhostú”.

Ba chóir chomh maith, a dúirt sé, sciar d’aon chiste iriseoireachta a chuirfear ar bun amach anseo a chur ar leataobh d’ailt as Gaeilge sna nuachtáin agus sna hirisí Béarla.

Bhí Julian de Spáinn ag caint ag cruinniú de chuid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán in Éirinn a phléigh le ‘téama’ na Gaeilge, na n-ealaíon agus an spóirt.

Fág freagra ar '‘Deis ann a ceart a thabhairt don Ghaeilge sna meáin den chéad uair ó bhunú an stáit’'

  • Gerry

    Ba chóir é a bheith riachtanach do na núachtáin atá ar díol in Éirinn altanna i nGaeilge nó núacht i nGaeilge a chur ar fáil nó iriseoirí le Gaeilge a bhfostú.Tá an tír ar maos le Béarla agus neamhaird iomlan déanta ar an Gaeilge.

  • Mairead de Faoite

    Aontaím le Gerry.
    Máiread.