‘Deis amú’ atá i leasuithe maidir le ceapacháin bhreithiúna le Gaeilge

Deir saineolaithe nach bhfuil aon rud i leasuithe atá molta ag an Aire Dlí agus Cirt ar an mbille nua faoi cheapacháin bhreithiúna a chinnteodh go mbeadh Gaeilge mhaith ag breithiúna

‘Deis amú’ atá i leasuithe maidir le ceapacháin bhreithiúna le Gaeilge

Deir saineolaithe nach bhfuil aon rud i leasuithe atá molta ag an Aire Dlí agus Cirt ar an mbille nua faoi cheapacháin bhreithiúna a chinnteodh go mbeadh Gaeilge mhaith ag breithiúna

Tá dhá leasú reachtaíochta maidir le ceapacháin bhreithiúna a bhfuil Gaeilge acu molta ag an Aire Dlí agus Cirt, ach deir saineolaithe ar an dlí agus an Ghaeilge gur “deis amú” atá iontu toisc gan “aon téagar a bheith iontu”.

De réir ceann de na leasuithe atá á mholadh ag an Aire Charlie Flanagan,  “the membership of the judiciary should include persons with a proficiency in the Irish language”.

Dá nglacfaí leis an leasú eile ar an mBille Fá Choimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha a bhaineann leis an nGaeilge, bheadh ar an gcoimisiún nua dul i gcomhairle le Seirbhís na gCúirteanna ar mhaithe le hathbhreithniú a dhéanamh faoi riachtanais daoine sna cúirteanna ó thaobh na Gaeilge de.

Dúirt an t-aturnae Antoin Delap le Tuairisc.ie gur “deis amú” atá sna leasuithe ar an mBille fad is a bhaineann sé lena chinntiú go mbeadh Gaeilge ag líon áirithe breithiúna agus nach bhfuil sa mhéad atá molta “dáiríre ach mian”.

“Is fearr ann ná as na moltaí, ach is beag téagar atá leo. Tá siad an-scaoilte agus ní dóigh liom go gcuirfeadh siad ná go mbainfeadh siad den chleachtas atá faoi láthair ann.

“An focal ‘should’, mar shampla, níl i bhfocal chomh teibí sin dáiríre ach mian agus bheadh an focal ‘shall’ féin ní ba láidre ná sin. Tugtar aird ar mhianta ó am go chéile ach is minic chomh maith nach dtugtar aon aird orthu,” a dúirt Antoin Delap.

Dúirt a sé gurbh fhearr go mór go mbeadh foclaíocht sa reachtaíocht nua a déarfadh go soiléir go mbeadh “inniúlacht i ngach dlínse cúirte le cásanna Gaeilge a ionramháil”, is é sin go gcinnteofaí go mbeadh breithiúna a mbeadh Gaeilge acu ar dualgas sna cúirteanna dúiche, sna cúirteanna cuarda, san Ard-Chúirt, sa Chúirt Achomhairc agus sa Chúirt Uachtarach.

Dúirt Antoin Delap go mbeadh ceist mhór ann chomh maith maidir leis an bhfocal ‘proficiency’ sa leasú atá molta ag an Aire, faoi cén caighdeán líofachta a bheadh i gceist agus faoi conas a leagfaí síos an caighdeán sin.

Dúirt an sochtheangeolaí John Walsh, ar saineolaí é ar chás na Gaeilge i reachtaíocht na hÉireann, nach bhfuil “aon rud sna leasuithe molta” a chinnteodh “go mbeadh Gaeilge mhaith ag breithiúna mar thoradh ar an bpróiseas ceapacháin”.

“D’fhéadfadh 0.1 faoin gcéad de bhreithiúna a bheith i gceist leis an moladh éiginnte ‘should include persons’ mar ní luaitear íoschéatadán ann. Níl aon chinnteacht againn faoin leibhéal inniúlachta ach an oiread.

“Is é A1 an leibhéal is ísle de chuid an Fhráma Tagartha Eorpaigh agus ní fhágfadh sé sin ach smeadar Gaeilge ag duine. Is eagal liom go bhfuil macalla den gcur chuige i leith ceist na teanga i gcúrsaí earcaíochta sa státseirbhís le clos sna leasuithe seo – easpa cinnteachta faoin gcaighdeán Gaeilge a bheadh de dhíth agus easpa sprice maidir le céatadáin,” a dúirt an Dr. John Walsh ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Fág freagra ar '‘Deis amú’ atá i leasuithe maidir le ceapacháin bhreithiúna le Gaeilge'

  • Mánus

    Oireann an cleachtas polaitiúil chun breithimh a cheapadh na páirtithe polaitíochta. Níl bocanna móra na polaitíochta ag iarraidh go gcuirfeadh an Ghaeilge aon bhac urthu a ngiollaí a cheapadh mar bhreithimh.
    Cén fáth go mbeadh saineolaí acadúil ar nós John Walsh ag súil lena mhalairt? Nárbh é Race of the Gael a chuir deireadh leis an Ghaeilge sa státsheirbhís agus nár ghlac Soldiers of Destiny leis an tathrú ó shin.