Nach ait an mac an saol? Sular imir na cúigí ar fad i mBabhta 2 den URC an deireadh seachtaine seo caite, ní raibh d’údar imní ann ach toradh na gConnachtach agus iad i gcoinne churaidh Curry Cup na hAfraice Theas, na Bulls. Ach thug foireann na Gaillimhe ceann de na taispeántais is fearr, sa dara leath go háirithe, a chonaic muid uathu le blianta. Thug siad greadadh 34 – 7 do na cuairteoirí.
Theastaigh aiséirí ghlórmhar ó na Muimhnigh in aghaidh na Stormers agus bearna 15 pointe le hiamh acu i Luimneach. Bhí bua iontach sa deireadh acu, 38 – 18. Ní raibh stró ar bith ar na hUltaigh agus iad ag aimsiú bua le pointe bónais san Iodáil i gcoinne Zebre ach is iad na Laighnigh, curaidh an Pro 14, an chúis chaidéise is mó atá againn ag deireadh chluichí Bhabhta 2.
Ní chuirfidh mé fiacail ann, bhí foireann Leo Cullen náireach ar fad i gcoinne na nDragons, foireann atá ar cheann de na foirne is laige sa gcomórtas. Cinnte, bhí bua 7 – 6 ag foireann Átha Cliath ach bhí siad gan treoir, plean ná spriorad le linn dóibh an taispeántas is laige a chonaic muid uathu ó thús an Celtic League, i bhfad siar sa mbliain 2001.
Tá mé cinnte go mbeidh a lucht leanta ag rá gur maith an rud bua a fháil agus foireann ag imirt go dona agus cé gur fíor sin, léirigh cur chuige Chúige Laighean go bhfuil go leor lochtanna fós le sárú i measc na n-imreoirí dara rogha a bhí ar an bpáirc acu i mBabhta 2.
Fós féin, tá deis eile ag na cúigí ar fad cur lena stádas ar chlár thábla an chomórtais nua arís an deireadh seachtaine seo. Cúige Uladh is túisce a bheas san iomaíocht agus iad sa mbaile anocht i gcoinne Treviso na hIodáile, foireann a bhuaigh i mBabhtaí 1 agus 2, díreach mar a rinne foireann an baile. Tá mise ag tuar bua eile d’fhoireann Bhéal Feirste, mar gur acu atá buntáiste an bhaile agus go mbeidh neart dá lucht tacaíochta sa staid.
Sa mbaile a bheas Cúige Laighean agus Cúige Chonnacht amárach. Fiú má imríonn Cúige Laighean níos measa ná mar a rinne siad an Domhnach seo caite is deacair bua a thuar dá bhfreasúra, Zebre. Seans go mbainfidh foireann Leo Cullen díoltas amach ar na hIodálaigh agus iad ag iarradh maithiúnas óna lucht leanta.
An fhoirmle chéanna a chinntigh bua stairiúil dóibh an deireadh seachtaine seo caite a bheidh ó na Connachtaigh agus iad ar an mBóthar Beag i gcoinne na nDragons. Ní dóigh go mbeidh a lucht leanta dílis glórach róshásta má theipeann orthu teacht ar an imirt sin arís.
Ar an Domhnach, beidh na Muimhnigh as baile den chéad uair an séasúr seo agus iad i gcoinne na Scarlets sa mBreatain Bheag. Tá dhá bhua agus dhá pointe bónais slánaithe ag Cúige Mumhan as dhá iarracht i gcomparáid leis an aon bhua amháin atá slánaithe ag foireann na Breataine Bige. Mar sin féin is fiú a mheabhrú go raibh siad ag imirt sa mbaile nuair a bhuaigh siad an cluiche sin seachtain ó shin. Ábhar dóchais do na Scarlets gan aon dabht. Caithfidh na Muimhnigh a bheith cúramach.
Fág freagra ar 'Deis ag na cúigí ar fad cur lena stádas sa chomórtas nua'