Deis ag na Connachtaigh rudaí a chur ina gceart i gcoinne Treviso

Tá na cúigí ag tabhairt aghaidh ar Bhabhta 2 den Pro 14 an tseachtain seo agus ba chóir go mbeadh an bua ag trí cinn acu ar a laghad

Deis ag na Connachtaigh rudaí a chur ina gceart i gcoinne Treviso

Pictiúr: INPHO/Ben Whitley

Is iad Cúige Laighean is túisce a bheas ag cur chun páirce an Aoine seo, i mBabhta 2 den Pro 14. Sa mbaile san RDS a bheas siad agus iad ag cur fáilte roimh na hOspreys, foireann a chaill go dona, 14 – 38, agus iadsan i mBéal Feirste seachtain ó shin.

Ní dóigh go mbeidh sé tada níos éasca do na cuairteoirí sa gcluiche seo, mar gur chuir foireann dara rogha na Laighneach tús snasta le comórtas na bliana seo nuair a fuair siad an ceann is fearr, 32-27, ar Treviso san Iodáil, an Satharn seo caite.

Cé go bhfuil go leor imreoirí chéad rogha ón dá fhoireann seo sa tSeapáin faoi láthair, tá mise ag súil le sárchluiche agus iomaíocht ghéar. Mar sin féin ní dóigh gur mór an seans go mbeidh an bua na hOspreys.

Is cinnte go bhfuil áthas ar na Connachtaigh gur sa mbaile ar an mBóthar Beag a bheas siad ag tabhairt faoi Treviso na hIodáile amárach, Dé Sathairn.

Níor éirigh le foireann na Gaillimhe aon bhuntáiste a bhaint as an méid imreoirí ó na Scarlets atá sa tSeapáin, nuair a chaill siad, 10-18, an Satharn seo caite. Tá deis acu rudaí a chur ina gceart i gcoinne Treviso ach ní bheidh sé éasca an ceann is fearr a fháil ar fhoireann a thug tástáil mhaith do Chúige Laighean i mBabhta 1. Bua do Chúige Chonnacht, sin nó beidh siad i dtrioblóid go luath sa séasúr.

Cuirfidh na hUltaigh agus na Muimhnigh tús le cuairt dhá chluiche ar an Afraic Theas an deireadh seachtaine seo.

Seans gur ag Cúige Mumhan a bheidh an cluiche is éasca an Satharn seo agus iad ag tabhairt faoi na Southern Kings, foireann a chaill sa mbaile seachtain ó shin agus nár bhuaigh ach dhá chluiche anuraidh. Bua do na cuairteoirí.

Ní dócha go mbeidh rudaí chomh bog sin ag na hUltaigh agus iadsan i gcoinne na Cheetahs, foireann a bhuaigh 48-14 agus iad i gcoinne Ghlaschú an Satharn seo caite. Cuimhnigh gur éirigh le Glaschú an cluiche ceannais a bhaint amach anuraidh. Mar bharr ar an mbua iontach a bhí ag na Cheetahs i mBabhta 1, is fiú a mheabhrú go bhfuil Ruan Pienaar, a chaith seacht mbliana ag imirt do na hUltaigh, ag imirt le foireann na hAfraice Theas anois. Beidh sárchoimhlint anseo agus beidh an t-ádh ar na hUltaigh má éiríonn leo an lá a thabhairt leo.

Fág freagra ar 'Deis ag na Connachtaigh rudaí a chur ina gceart i gcoinne Treviso'