Deis ag na Connachtaigh cliseadh na seachtaine seo caite a chúiteamh lena lucht leanta dílis

Seachas Cúige Chonnacht, bhí an tús a bhí uathu ar fad ag na cúigí sa chéad bhabhta den Pro 14 an tseachtain seo caite

Deis ag na Connachtaigh cliseadh na seachtaine seo caite a chúiteamh lena lucht leanta dílis

Chuir Cúigí na hÉireann, seachas Cúige Chonnacht, tús maith dearfach le comórtas nua an Pro 14 an deireadh seachtaine seo caite. D’éirigh leis na Laighnigh, foireann a d’imir as baile agus leis na Muimhnigh agus na hUltaigh, foirne a bhí sa mbaile, pointí bónais a aimsiú. Sín díreach an tús a bhí uatha ar fad.

Níorbh ionann an cás do na Connachtaigh faraor, in ainneoin go raibh buntáiste an bhaile acu agus iad ag imirt os comhair ceithre mhíle dá lucht leanta dílis ar an mBóthar Beag. Theip ar fhir an iarthair leas a bhaint as an gcóir gaoithe láidir a bhí leo sa gcéad leath agus d’íoc siad go daor as sa dara leath nuair a d’aimsigh na cuairteoirí, foireann Ghlaschú, dhá úd. Lena gceart a thabhairt do na Connachtaigh bhí na coinníollacha i nGaillimh uafásach ar fad agus seans go bhfuil moladh tuillte acu as pointe bónais cailliúna a shlánú. Mar sin féin, is peaca marfach do chéad chluiche baile sa séasúr a chailliúint.

Is iad na hUltaigh an t-aon chúige atá ag taisteal as baile i mBabhta 2 den Pro 14 an deireadh seachtaine seo. Beidh siadsan san Iodáil i gcoinne Treviso amárach, Dé Sathairn, agus i bhfianaise chaighdeán na himeartha a chonaic muid ó na hIodálaigh agus iadsan i gcoinne na Muimhneach seachtain ó shin, seans maith go mbeidh an lá le fir Bhéal Feirste.

Sa mbaile san RDS a bheas na Laighnigh ag tabhairt faoi Chaerdydd, dream a chaill sa mbaile i mBabhta 1. Níl a lucht leanta féin ag tabhairt mórán seans don fhoireann ón mBreatain Bheag agus iad in Áth Cliath tráthnóna.

Cuirfidh na Muimhnigh fáilte roimh Cheetahs na hAfraice Theas go Tuamhan den chéad uair riamh. Is cinnte go mbeidh slua mór sa Staid don ócáid stairiúil seo ach is cinnte freisin go mbeidh na Muimhnigh ag iarraidh cur leis an mbua cuimsitheach a bhí acu i mBabhta a hAon. Seans go n-éireoidh leo sin a dhéanamh: ní raibh an Cheetahs thar mholadh beirte agus iad i mBéal Feirste an Aoine seo caite mar a raibh bearna 23 pointe idir iad féin agus na hUltaigh. Tá mise ag tuar bua eile le pointe bónais do na Muimhnigh.

Amárach, beidh na Connachtaigh sa mbaile don dara cluiche agus den dara deireadh seachtaine as a chéile. Seans atá ann dóibh cúrsaí a chur ina gceart. Beidh fir an iarthair ag cur fáilte go Gaillimh roimh na Southern Kings ón Afraic Theas den chéad uair riamh. Fuair na Kings greadadh uafásach (57 – 10) ó na Scarlets, curaidh an Pro 12, an deireadh seachtaine seo caite. Beidh iontas ar chách má éiríonn leo na deacrachtaí a tháinig chun cinn sa gcluiche sin a shárú in imeacht sé lá. Bua do na Connachtaigh, a deirimse, sa chluiche seo agus seans maith ar phointe bónais freisin.

Fág freagra ar 'Deis ag na Connachtaigh cliseadh na seachtaine seo caite a chúiteamh lena lucht leanta dílis'