Deis ag Éirinn críoch mhaith a chur le comórtas measartha

I bPáras anocht a bheidh an cluiche mór ar siúl ach tá deis ag foireann na hÉireann bua fónta a fháil ag baile

Deis ag Éirinn críoch mhaith a chur le comórtas measartha

Johnny Sexton. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Ba cheart go mbeadh deireadh le comórtas na Sé Náisiún na bliana seo inniu ach chinntigh an Covid-19 nach raibh an dara rogha ann ach an cluiche idir Albain agus an Fhrainc a chur ar athlá. Tá an cluiche sin socraithe anois don 26 Márta sa Stade de France.

Má éiríonn leis na Breatnaigh an lámh an uachtar a fháil ar na Francaigh i bPáras anocht is cuma cén toradh a bheas ar an gcluiche sin idir Albain agus an Fhrainc. Beidh bua faighte i ngach cluiche ag an mBreatain Bheag agus an Chaithréim Mhór, an Grand Slam, acu dá réir sin.

Is é an cluiche sin i bPáras an tríú cluiche a bheas á imirt inniu, ceann a bheas ag mealladh lucht féachana domhanda mar go bhfuil gradam an Grand Slam i gceist. Is deacair toradh a thuar. Is cinnte go raibh an t-ádh glan ar na Breatnaigh agus iad i gcoinne na hÉireann, na hAlban agus Shasana. Chuidigh cinneadh réiteora leo bua nach raibh súil ar bith leis a aimsiú sna trí chluiche. Mar sin féin, bhí na Breatnaigh sách oilte agus críochnúil le fanacht sa gcoimhlint leis na pointí a chinntiú.

I gcás na bhFrancach, agus iad ina rogha na coitiantachta don choimhlint seo, is acu atá buntáiste an bhaile. Tá siad ag forbairt agus ag feabhsú i ngach cluiche. Ní bhíonn tada éasca ag baint le cluiche i bPáras riamh, is cuma an foireann láidir nó lag a chuireann siad chun páirce. Is mór an dúshlán atá roimh na Breatnaigh anocht más leo an cluiche seo agus an Grand Slam a thabhairt leo. Níl cúis ar bith nach mbeadh an t-ádh ag rith arís leis na Breatnaigh arís, ós é a thug chomh fada seo iad.

Roimhe sin ar fad, cuirfidh Albain agus an Iodáil tús le himeachtaí an lae i nDún Éideann. Ní dóigh gur fiú mórán a rá faoin gcluiche seo seachas gur míorúilt a bheadh ann dá mbeadh an lá leis na hIodálaigh, foireann atá i ndroch-áit faoi láthair.

I Staid Aviva a bheas muid ag tabhairt faoi na Sasanaigh i gcluiche a bheas iomaíoch, fisiciúil agus sách trodach, seans. Ar ndóigh níl seans ag ceachtar foireann greim a fháil ar aon chraobh agus dhá cluiche an taobh caillte acu go dtí seo. Ach beidh an dá fhoireann ar a míle dícheall bua a fháil a chinnteodh áit níos airde ar an tábla dóibh.

Más linn seans ar bith a bheith againn sa gcoimhlint seo caithfidh feabhas damanta teacht ar imirt na gcosantóirí.

Bhí na gnéithe sin d’imirt na hÉireann an-lag ar fad i gcoinne na hAlban an tseachtain seo caite, agus ní haon iontas go bhfuair cúpla imreoir bata agus bóthar sa gcluiche sin.

Mura n-éiríonn linn na deacrachtaí sin a cheartú íocfaidh muid go daor as i gcoinne na gcuradh, foireann atá gonta agus náirithe fiú ag Albain agus ag an mBreatain Bheag.

Beidh gá freisin le sár-imirt ón gcúigear déag Éireannach a bheas ar an bpáirc i gcomparáid leis an lag-iarracht a chonaic muid ó chúpla imreoir sna cluichí go dtí seo.

Thar rud ar bith eile beidh go leor ag brath ar cheannaireacht agus ar bhróg Jonny Sexton.

Ní maith leis na Sasanaigh a bheith ag imirt in Áth Cliath, ach ó tharla nach mbeidh aon tacaíocht ag na Gaeil sa staid ach oiread ní dóigh go mbeidh an drogall céanna orthu inniu.

Fág freagra ar 'Deis ag Éirinn críoch mhaith a chur le comórtas measartha'