Deis á tabhairt ag Schmidt don óige in aghaidh Cheanada

Tá foireann rugbaí na hÉireann athraithe go mór do chluiche an tSathairn in aghaidh Cheanada agus deis tugtha d’ochtar geansaí na hÉireann a chaitheamh den chéad uair

Deis á tabhairt ag Schmidt don óige in aghaidh Cheanada

Garry Ringrose ©INPHO/Billy Stickland

Tá athrú ó bhonn déanta ag Joe Schmidt ar fhoireann rugbaí na hÉireann don chluiche in aghaidh Cheanada an Satharn beag seo. Níl aon imreoir a bhí ar an gcéad fhoireann don bhua stairiúil in aghaidh na Nua-Shéalainne ag tosú arís agus deis á tabhairt ag Schmidt do thriúr, Garry Ringrose, Jack O’Donoghue agus Billy Holland, a gcéad chluiche a imirt d’Éirinn.

Bhí Ringrose mar ionadaí do chluiche stairiúil na seachtaine seo caite, ach níor tháinig sé chun páirce. Tá ag éirí thar barr leis féin agus an bheirt Mhuimhneach, O’Donoghue agus Holland, lena gcuid cúigí le bliain anuas agus a luach saothair á fháil anois acu.

Tá cúigear eile i measc na n-ionadaithe a bheidh ag imirt d’Éirinn den chéad uair má chuirtear chun páirce iad le linn an chluiche Dé Sathairn, sin iad James Tracy, John Ryan, Dan Leavy, Luke McGrath agus Niyi Adeolokun.

Chaill Seán O’Brien agus Peter O’Mahony amach ar an mbua i Chicago an deireadh seachtaine seo caite nuair a cinneadh nach raibh siad tagtha chucu féin go hiomlán ó ghortuithe fadtéarmacha. Tosóidh siad beirt in aghaidh Cheanada agus deis acu áit a bhaint amach ar an bhfoireann don chéad cluiche eile in aghaidh na nAll Blacks faoi cheann seachtaine.

Is é O’Mahony a bheidh ina chaptaen ar an Satharn agus é ag imirt i ngeansaí na hÉireann den chéad uair ó gortaíodh é le linn Chorn an Domhain os cionn bliain ó shin.

Is é Kieran Marmion, duine de cheathrar ó Chúige Chonnacht a bhfuil áit bainte amach acu ar an bhfoireann, a thosóidh taobh le Paddy Jackson sna leathchúlaithe.

Foireann na hÉireann v

Ceanada

15. Tiernan O’Halloran

14. Craig Gilroy

13. Garry Ringrose

12. Luke Marshall

11. Keith Earls

10. Paddy Jackson

9. Kieran Marmion

1. Cian Healy

2. Sean Cronin

3. Finlay Bealham

4. Ultan Dillane

5. Billy Holland

6. Peter O’Mahony

7. Sean O’Brien

8. Jack O’Donoghue

Ionadaithe:

16. James Tracy

17. Dave Kilcoyne

18. John Ryan

19. Donnacha Ryan

20. Dan Leavy

21. Luke McGrath

22. Joey Carbery

23. Niyi Adeolokun

Fág freagra ar 'Deis á tabhairt ag Schmidt don óige in aghaidh Cheanada'