Deis á tabhairt ag Na Gaeil Óga do dhaoine iad féin a chur i gcomparáid le laochra móra na peile

Deis á tabhairt ag Na Gaeil Óga do dhaoine iad féin a chur i gcomparáid le laochra móra na peile

Deis á tabhairt ag Na Gaeil Óga do dhaoine iad féin a chur i gcomparáid le laochra móra na peile

Max, Emily, Anna agus Jake Nesbitt ag traenáil do 'An Solo Fada'

Beidh daoine in ann a gcuid scileanna peile a chur i gcomparáid le scileanna na n-imreoirí mór le rá mar chuid d’fheachtas nua atá ar bun ag Na Gaeil Óga.

Tá an cumann lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath ag eagrú rás digiteach, ‘An Solo Fada’ chun airgead a bhailiú d’fhorbairt an chumainn.

Sa rás, beidh ar dhaoine 5km a rith agus liathróid pheile á preabadh acu ó chos go lámh i gcaitheamh an ama. Is féidir an rás a dhéanamh le camán agus sliotar chomh maith.

Beidh daoine in ann ansin an t-am a thóg sé orthu a chur i gcomparáid le h-am an churaidh uile-Éireann Rory O’Carroll, laoch Thír Chonaill Kevin Cassidy agus láithreoir TG4, Caitlín Nic Aoidh agus a leithéidí.

“Is club é Na Gaeil Óga atá gar do mo chroí, is fíor-cheannródaíoch an obair atá ar siúl acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn trí mheán na gcluichí gaelacha agus tá mé an-sásta tacú leo aon bhealach ar féidir liom,” a dúirt Rory O’Carroll, fear a bhfuil Craobh Shinsir Peile na hÉireann buaite cúig uaire aige le foireann Bhaile Átha Cliath.

Tá an rás oscailte do gach aoisghrúpa. Beidh ar dhaoine fásta ruathar aonair a dhéanamh go leanúnach ar feadh 5km; páistí idir 11-14 bliain d’aois ar feadh 2km agus páistí faoi 10 ar feadh 1km.

Iarrtar ar dhaoine ansin físeán nó pictiúr díobh féin agus iad ag glacadh páirt sa dúshlán ar Instagram nó Twitter leis an haischlib #SoloFada agus clibeáil @nagaeiloga.

Dúirt Cathaoirleach Na Gaeil Óga Rónán Ó Dálaigh go bhfuil súil aige go dtabharfaidh an rás ábhar spraoi do dhaoine “sna laethanta dúshlánacha seo”.

“Tuigeann gach duine gur chrua an tús a bhí leis an mbliain seo ar chlubanna CLG ar fud na tíre. Bhí muid ag iarraidh rud éigin a thabhairt d’imreoirí agus don lucht leanúna ar fud na tíre a bhféadfadh siad a bheith ag tnúth leis,” arsa Ó Dálaigh.

“Tá súil againn go gcuirfidh an dúshlán seo in iúl don samhlaíocht CLG i leith airgead a thiomsú a chabhróidh linn leanacht ar aghaidh ag fás mar cheann de na clubanna spóirt is mó fáis in Éirinn.”

Beidh an dúshlán ar siúl ar an deireadh seachtaine 27-28 Feabhra. Tá táille €25 an duine nó €50 an teaghlach i gceist agus is féidir clár anseo.

Is iad Na Gaeil Óga an cumann is mó fáis i mBaile Cliath ó bunaíodh é in 2010. Lonnaithe i Leamhcán, tá breis is 600 imreoir fásta agus faoi aois ag imirt ar 30 foireann s’acu, idir pheil, chamógaíocht agus iomáint.

Fág freagra ar 'Deis á tabhairt ag Na Gaeil Óga do dhaoine iad féin a chur i gcomparáid le laochra móra na peile'