‘Deirtear gur muid an cumann spóirt is mó fás in Éirinn’ – scéal Na Gaeil Óga inste i bhfíseán nua

Labhair cuid de bhaill bhunaidh an chumainn ar bhunú agus dul chun cinn an chumainn lán-Ghaeilge

‘Deirtear gur muid an cumann spóirt is mó fás in Éirinn’ – scéal Na Gaeil Óga inste i bhfíseán nua

Tá scéal agus stair Na Gaeil Óga inste i bhfíseán nua atá curtha amach ar líne.

Is iad AIG Ireland a chuir le chéile an físeán don tsraith ‘Dub Club Chronicles,’ ina dtugtar léargas ar chuid de chumainn CLG Bhaile Átha Cliath.

Sa bhfíseán is deireanaí, déantar cur síos ar an smaoineamh a spreag bunú Na Gaeil Óga deich mbliana ó shin agus an dul chun cinn suntasach atá déanta ag an gcumann lán-Ghaeilge ó shin.

“Tá muidne cosúil le gach aon chumann eile. Tá comharsana ag imirt linn, deartháireacha, deirfiúracha agus cairde scoile ag imirt linn. An t-aon rud difriúil fúinn ná an rud a cheanglaíonn muid ar fad le chéile ná teanga, ní paróiste,” a deir Daithí de Buitléar, duine de bhaill bhunaidh Na Gaeil Óga.

“Nuair a bhíonn tú sa mheánscoil, deirtear leat go bhfuil todhchaí ann don Ghaeilge, go bhfuil an Ghaeilge láidir. Ansin críochnaíonn tú ar scoil agus níl aon áit ann le Gaeilge a labhairt. Is rud tábhachtach í do dhaoine ach níl aon áit ann í a úsáid.”

Tháinig grúpa beag le chéile i dtreo dheireadh 2010 chun an cumann nua a bhunú agus cé nach raibh ach seachtar, agus madra, ag an gcéad seisiún traenála acu, chuaigh an cumann ó neart go neart ó shin.

“Is dócha go bhfuil muid imithe ar aistear fada ó shin,” a deir de Buitléar. “Anois, tá páirceanna againn, Páirc Chaitríona agus bímid i bPáirc an Fhionnuisce freisin.

“Thosaíomar foirne faoi aois freisin in 2014 i Leamhcán agus anois ceapaim go bhfuil 250 páiste agus 20 foireann againn. Deirtear linn gur muid an cumann spóirt is mó fás in Éirinn faoi láthair.”

Fág freagra ar '‘Deirtear gur muid an cumann spóirt is mó fás in Éirinn’ – scéal Na Gaeil Óga inste i bhfíseán nua'

  • derry o'sullivan

    Togra iontach, daoine thar barr, scéim láidir tábhachtach dos na leanaí is don teanga labhartha! Grá is treise leo!