D’éirigh ár gceannairí as an obair ar son na fírinne

Níl aon stát ar domhan gan locht, agus níl aon stát ar domhan nach ‘obair idir lámha’ atá i gceist leis

D’éirigh ár gceannairí as an obair ar son na fírinne

Tomás Eoin Ó Laoghóg

Tá an píosa beag seo faoin Úcráin á scríobh agam le mí anuas. Chuaigh an drochscéala go croí ionam. Ceithre bliana is daichead ó bhí mé san Úcráin, cúpla lá i gCív agus i L’vìv. Ré eile a bhí ann, ré an Aontais Shóivéadaigh. Sna seachtóidí bhí mé ag déanamh staidéir ar an Rúisis agus ar an dteangeolaíocht in Ollscoil Georgetown in Washington. Nuair a bhí an ollscoil ar shaoire an tsamhraidh i 1978, rinne mé cúrsa Rúisise in Ollscoil Stáit Chathair Pheadair (СПбГУ), ollscoil a raibh ainm eile uirthi an tráth sin. Thug mé cuairt ar Chív agus ar L’vìv ar an traein.

Sa bhliain 1991 tháinig deireadh le ré an Aontais Shóivéadaigh, bunaíodh Cónaidhm na Rúise, agus bhain an Úcráin neamhspleáchas amach. Bhí riachtanais slándála faoi leith dá gcuid féin ag an dá stát nua sin. Mar shampla, i 1990 bhí bunáit chabhlach na Mara Duibhe de chuid an Aontais Shóivéadaigh sa Chrimé. I 1992 bhí an cabhlach céanna lonnaithe sa bhunáit chéanna sa Chrimé, ach níorbh i gcríocha Chónaidhm na Rúise a bhí an Chrimé faoin tráth sin, ach i gcríocha na hÚcráine. Ní raibh sé socraithe fós idir Cónaidhm na Rúise agus an Úcráin conas dul i gceannas ar an gcabhlach sin, ná conas an cabhlach a roinnt eatarthu féin.

Is tionscadal pobail í an fhírinne, agus cé go mbíonn cúrsaí slándála casta go leor, is féidir le saighdiúirí agus taidhleoirí gairmiúla dul i ngleic leis na cúrsaí sin, agus dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na fírinne, fiú i gcás na slándála. Ba chóir dár dtaidhleoirí agus dár státairí a bheith i mbun na hoibre sin i gcónaí. 

Is cosúil, áfach, go raibh drogall millteanach ar an bpobal idirnáisiúnta a leithéid a dhéanamh sa chás seo le roinnt blianta anuas. Samhlaítear dom féin go raibh impirí i mbréagriocht i measc ár gceannairí, agus a ladair mhóra á gcur isteach acu siúd sa scéal. 

Pé cúis a bhí leis, d’éirigh ár gceannairí as a bheith ag obair ar son thionscadal na fírinne. Faoi dheireadh fágadh an iomarca oibre faoi na taidhleoirí agus ní raibh an acmhainn acu an obair chasta sin a dhéanamh. Ba é a bhí mar thoradh air sin ná go raibh a leagan féin den fhírinne ag stáit éagsúla. Ansin thosaigh ár gceannairí ag glaoch ar na saighdiúirí. 

Anois tá sé ina chogadh dearg ar fud na hÚcráine, agus bolscaireacht an chogaidh á scaipeadh ar fud na cruinne as gach treo. 

Le tríocha bliain anuas tá forbairt na hÚcráine sin idir lámha ag muintir na hÚcráine. I gcríocha an stáit tá pobal na hÚcráinise, pobal na Rúisise agus pobail eile chomh maith. Níl aon stát ar domhan gan locht, agus níl aon stát ar domhan nach ‘obair idir lámha’ atá i gceist leis. Ach samhlaítear dom féin arís go raibh impirí i mbréagriocht i measc cheannairí na hÚcráine féin, agus a ladair mhóra á gcur isteach acu siúd sa scéal chomh maith. 

Breis is mí ó shin a thosaigh an cogadh san Úcráin. Le hocht mbliana anuas tá na mílte duine á marú sa stát sin, agus na mílte á gcur as seilbh de bharr an chogaidh. 

Le breis is mí anuas tá Cónaidhm na Rúise i mbun a gnó mhíleata mórthimpeall ar Chív agus ar fud na hÚcráine, agus dá bharr sin tá na na mílte duine maraithe agus na milliúin ar a dteitheadh ón mbaile.

Ré an uafáis atá san Úcráin faoi láthair.

Fág freagra ar 'D’éirigh ár gceannairí as an obair ar son na fírinne'

  • Aonghus Ó hAlmhain

    Alt spéisiúil, ach ní léir dom cén fhírinne atá i gceist ag an údar!

    Tá teorainn Lár na hEorpa casta agus bhí riamh mar go bhfuil na náisiún fite fuaite ina chéile, agus go mbaineann na teorainneacha atá ann anois le riarachán impireachtaí a theip.

  • Indrek Ois

    Gabh mo leithscéal, a Thomáis, cé hiad na himpirí atá i gceist agat anseo? Ceannairí na Stát Aontaoithe agus na hEorpa? Go bhfios dom, ní ar iarratas ó thíortha an Iarthair a chuir muintir na hUcráine tús leis an MAIDAN in 2014, ach le a bheith saor ó thionchar agus ó thromaíocht a comharsan móire atá ag iarraidh a himpireacht féin a athchruthú …

  • Seán Ó Floinn

    Ní heol dom go díreach céard atá á rá san alt seo. Bhí an t-údar sa Rúis tráth, ní maith leis cogadh, tá a ‘ladar á chur’ ag mórán tíortha i ngnóthaí tíortha eile, tá an saol athraithe le 30 bliain anuas…