Deireadh tagtha leis an mbanna ceoil aitheanta Walking on Cars ón Daingean

D’fhógair an banna an scéala ar maidin agus a gceirnín deireanach, Clouds, seolta acu

Deireadh tagtha leis an mbanna ceoil aitheanta Walking on Cars ón Daingean

Tá deireadh tagtha leis an mbanna ceoil aitheanta ón Daingean, Walking On Cars, agus é fógartha acu go bhfuil siad ag éirí as a bheith ag seinm le chéile tar éis deich mbliana.

D’fhógair an banna an scéal ar maidin agus a gceirnín deireanach, Clouds, seolta acu.

Ba iad Pa Sheehy, Sorcha Durham, Paul Flannery agus Evan Hadnett baill an bhanna. Bhí Dan Devane ar dhuine de bhunaitheoirí an bhanna chomh maith. D’éirigh Devane as an mbanna in 2018.

Is as an Daingean an cúigear ceoltóirí agus d’fhreastail siad ar fad ar scoil le chéile.

Bhain an banna cáil amach in Éirinn ar dtús na bliana 2013 leis an amhrán Catch Me If You Can agus in 2015 bhí amhrán dá gcuid Speeding Cars sna cairteacha in ocht dtír ar fud an domhain.

Fág freagra ar 'Deireadh tagtha leis an mbanna ceoil aitheanta Walking on Cars ón Daingean'