Deireadh tagtha go fóill le ré órga Phobalscoil Chorca Dhuibhne i gCorn Uí Mhuirí

Ní imreoidh curaidh na hÉireann i gcluiche ceannais na Mumhan den chéad uair ó 2010 tar éis do Choláiste Bhréanainn an ceann is fearr a fháil orthu i gcluiche ceathrú ceannais Chorn Uí Mhuirí

Foireann na Pobalscoile roimh chluiche ceannais Chorn Uí Ógáin 2015. Pic le Seán Ó Mainnín
Foireann na Pobalscoile roimh chluiche ceannais Chorn Uí Ógáin 2015. Pic le Seán Ó Mainnín

deireadh tagtha le ré Phobalscoil Chorca Dhuibhne mar ríthe na peile i Cúige Mumhan agus teipthe orthu cluiche ceannais Chorn Uí Mhuirí a bhaint amach den chéad uair ó 2010. Is i gcoinne Choláiste Bhréanainn a chlis foireann na Pobalscoile sa chluiche ceathrú ceannais níos luaithe inniu agus bua maith ag scoil Chill Airne orthu, 1-14 in aghaidh 0-4.

Le linn ré órga scoil an Daingin, bhuaigh an Phobalscoil craobh na Mumhan ceithre huaire as a chéile (2012, ’13, ’14, ’15) agus bhuaigh siad Corn Uí Ógáin, sin é craobh na hÉireann do na hiarbhunscoileanna, faoi dhó, i 2014 agus arís i 2015.

Is éacht ar leith a bhí sa mhéid sin ar fad, go háirithe i gcomórtais na scoileanna, mar a mbíonn dianchoimhlint i gcónaí ann. Ní hamháin sin ach bíonn líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar an scoil in iarthar Chiarraí i bhfad níos lú mar a bhíonn i gcuid mhaith de na scoileanna a bhfuair siad an ceann is fearr orthu.

Faraor, tá deireadh tagtha go fóill le gaiscí caide na Pobalscoile, agus bhí soiléir ó thús an tséasúir seo go mbeadh sé deacair Corn Uí Mhuirí a bhuachan don chúigiú huair as a chéile. I mí Mheán Fómhair, chaill siad in aghaidh Scoil Phobail Sliabh Luachra, an chéad chluiche a chaill siad sa chomórtas ó chluiche ceannais na bliana 2011. Is ar éigin a tháinig siad slán óna ngrúpa ar deireadh cé go ndearnadar teacht aniar iontach ina gcluiche deireanach in aghaidh Choláiste Chríost Rí chun a chinntiú go mbeadh áit sa chéad bhabhta eile acu.

go raibh cóir na gaoithe leo sa chéad leath i gcluiche an lae inniu, bhí siad fós cúig phointe, 1-5 in aghaidh 0-3, chun deiridh ag leath ama agus d’éirigh le Coláiste Bhréanainn cur leis an bhfarasbarr sin sa dara leath.

Ba ré órga a bhí ann cinnte don Phobalscoil le roinnt blianta anuas. Ní hamháin go raibh rath ar an scoil féin ach bhí baint mhór chomh maith ag cuid de bhuachaillí na Pobalscoile leis na gaiscí atá déanta ag a gclubanna agus ag a gcontae.

Bhí naonúr den fhoireann a bhuaigh Corn Uí Ógáin leis an scoil i 2014 i scuad mionúr Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann an bhliain chéanna. D’fhill triúir acusan, Tomás Ó Suilleabháin, Marc Ó Conchúir agus Conor Ó Géibheannaigh, ar Pháirc an Chrócaigh an bhliain dar gcionn chun craobhacha na hÉireann a bhuachan arís don scoil agus don chontae.

Fág freagra ar 'Deireadh tagtha go fóill le ré órga Phobalscoil Chorca Dhuibhne i gCorn Uí Mhuirí'