Deireadh seachtaine mór siamsaíochta roimh mhuintir na Gaeltachta agus féilte móra ar siúl i gConamara agus Corca Dhuibhne

Beidh an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta, Féile na Bealtaine agus Féile Joe Éinniú ar siúl in Indreabhán, an Daingean agus Carna an deireadh seachtaine seo

Deireadh seachtaine mór siamsaíochta roimh mhuintir na Gaeltachta agus féilte móra ar siúl i gConamara agus Corca Dhuibhne

Cuirfear tús anocht leis an bhFéile Náisiúnta Drámaíochta in Indreabhán i gCois Fharraige. Osclóidh Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta an fhéile sa Seanscoil ag 8 a chlog anocht sula gcuirfidh Scoil Éigse Chamuis radharc as an dráma Typhus — an t-aon dráma a scríobh Máirtín Ó Cadhain – ar an stáitse. Beidh Caoineadh Airt Uí Laoghaire, le hEibhlín Dhubh Ní Chonaill, á léiriú i ndiaidh Typhus, ag aisteoirí Chúil Aodha.

Beidh an fhéile ar siúl in Indreabhán ar feadh an deireadh seachtaine agus sé dhráma le cur ar stáitse ag complachtaí ó cheann ceann na tíre, Curthaíonn Bréag Bréaga, dráma nuascríofa le Proinsias Ó Cuilinn, ina measc.

Beidh ‘Éigse na Féile’ ar siúl Dé Domhnaigh ag 2 a chlog agus bronnfaidh an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne, Gradaim na Féile ag a 9 a chlog tráthnóna Dé Domhnaigh. Beidh an bronnadh sin á chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Féile na Bealtaine

I nGaeltacht Chiarraí, tá Féile na Bealtaine faoi lánseol cheana féin sa Daingean. Beidh an fhéile ar siúl go dtí Dé Luain, an 1 Bealtaine, agus clár leathan imeachtaí beartaithe don deireadh seachtaine. Beidh drámaí, seisiúin fhilíochta, imeachtaí ealaíon, coirmeacha ceoil agus imeachtaí do ghasúir ar siúl in ionaid éagsúla ar fud an bhaile as seo go ceann trí lá. Tá clár na féile ina iomláine ar fáil ar www.feilenabealtaine.ie

Féile Joe Éinniú

Cuirfear tús anocht freisin le Féile Joe Éinniú i gConamara. Seolfaidh fear an bhéaloidis, John Faulkner, an fhéile in Áras Shorcha Ní Ghuairim ag 8 a chlog anocht agus beidh oíche mhór cheoil ar siúl i ndiaidh an tseolta Tigh Mheaic, áit a mbeidh Maidhc Ó hEanaigh, Richard Neylon, Paul McClure agus Michael Clancy ag casadh.

Is in Áras Shorcha Ní Ghuairim a bheidh formhór na n-imeachtaí ar siúl an deireadh seachtaine seo agus ceardlanna amhránaíochta agus damhsa ar an sean-nós, léacht faoi shaol Joe Éinniú,agus an comórtas amhránaíochta sean-nóis do ghasúr.

Beidh imeachtaí eile, ceolchoirm na féile, agus seisiúin cheoil, ar siúl i dtithe ósta Charna i gcaitheamh na deireadh seachtaine freisin, in Óstán Chuan Charna, Tigh Mheaic agus Tigh Mhóráin.

Craolfar cuid d’imeachtaí na féile ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Deireadh seachtaine mór siamsaíochta roimh mhuintir na Gaeltachta agus féilte móra ar siúl i gConamara agus Corca Dhuibhne'

  • Hiy

    Scaoil amach an pocaire a fheara mo chroi.