Deireadh seachtaine mór d’imreoirí Faoi-21 na Gaeltachta

Agus cluichí ceannais peile i nDún na nGall, Gaillimh agus Ciarraí ar na bacáin, beidh scoth na bpeileadóirí óga Gaeltachta le feiceáil ag imirt an deireadh seachtaine seo.

Ryan McHugh 31/8/2014

Is i nGaillimh a thosóidh an t-aicsean an Satharn beag seo le Cluiche Ceannais Faoi-21 A idir Bearna-Na Forbacha agus Corafinne in Eanach Dhúin ag 1.30i.n tráthnóna.

Bhain foireann Chois Fharraige áit amach sa chluiche ceannais le bua i gcoinne Bhóthar na Trá/Cnoc na Cathrach an mhí seo caite. Is é Jason Lyons, a raibh sárbhliain aige leis an bhfoireann sinsear, príomhimreoir Bearna-Na Forbacha.

Tá sé dochreidte gur cháilligh Cora Finne don chluiche seo ar an 10 Bealtaine, seacht mí ó shin, nuair a bhuail siad An Creagán/Maigh Locha. Ba é sin an cúigiú craobh de chuid thuisceart na Gaillimhe a bhuaigh siad as a chéile agus tá roinnt imreoirí acu a d’imir leis an gcontae faoi aois, Ian Burke agus Liam Silke ina measc.

Ar 3i.n. an lá céanna, tabharfaidh Cill Chartha agus Naomh Adhamhnáin aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais Faoi-21 A Dhún na nGall.

Is sa Chonmhaigh a imreofar an cluiche sin agus foireann Cill Chartha ag iarraidh an chraobh a bhuaigh siad anuraidh a bhuachtaint in athuair.

Agus  beirt acu a d’imir i gCluiche Ceannais na hÉireann i mbliana, Paddy McBrearty agus Ryan McHugh, níl aon easpa taithí ag foireann Chill Chartha.

Má tá Naomh Adhamhnain chun an beart a dheanamh, beidh súil acu go gcoinneoidh Seán Hume air ag aimsiú na scóranna atá ag teastáil uathu. Bhí ról cinniúnach ag an tosaí sna buanna ag foireann Leitir Ceannainn go dtí seo.

Beidh Cluiche Leathcheannais Faoi-21 Chiarraí Thiar á imirt an Satharn seo chomh maith sa Daingean ag 2i.n. Beidh An Ghaeltacht ag iarraidh an bua a fháil ar fhoireann chónasctha Lios Póil/Abhainn an Scáil/Caisleán Ghriaire d’fhonn aghaidh a thabhairt ar An Daingean sa chluiche ceannais.

Beidh buachaillí na Gaeltachta ag iarraidh Craobh Chiarraí Thiar a chur le ceann an chontae a bhuaigh siad in aghaidh Na Crócaigh ag tús mhí na Samhna.

Cé go dtuigtear go bhfuil gortuithe ag cur as do chuid d’imreoirí na Gaeltachta, tá imreoirí eile acu a bhuaigh Corn Uí hÓgáin le Pobalscoil Chorca Dhuibhne i mbliana, chomh maith le Craobh Mionúr na hÉireann le Ciarraí, Tomás Ó Sé ina measc. Mar sin ní bheidh siad gann ar thalainn.

Dé Satharn, 20 Nollaig

Gaillimh

Cluiche Ceannais Peile Faoi-21 A – Bearna-Na Forbacha v Corafinne, Eanach Dhúin, 1.30i.n.

 

Dún na nGall

Cluiche Ceannais Peile Faoi-21 A – Cill Chartha v Naomh Adhamhnáin, Conmhaigh, 3i.n.

 

Ciarraí

Cluiche Leathcheannais Peile Faoi-21 Chiarraí-Thiar – An Ghaeltacht v Lios Póil/Abhainn an Scáil/Caisleán Ghriaire, Daingean, 2i.n.

 

 

Fág freagra ar 'Deireadh seachtaine mór d’imreoirí Faoi-21 na Gaeltachta'