Deireadh seachtaine deacair do Bhaile Átha Cliath agus Corcaigh sa tSraith Náisiúnta Iomána

Agus an chéad chluiche caillte acu an tseachtain seo caite, ní éireoidh rudaí níos éasca do Bhaile Átha Cliath agus Corcaigh inniu agus aghaidh á tabhairt acu ar an nGaillimh agus ar Phort Láirge faoi seach.

Greg Lally agus David Burke (Gaillimh) ag cur stop le Fionntan McGibb (Baile Átha Cliath). INPHO/Colm O'Neill
Greg Lally agus David Burke (Gaillimh) ag cur stop le Fionntan McGibb (Baile Átha Cliath). INPHO/Colm O’Neill

Baile Átha Cliath v Gaillimh, Páirc Parnell, Dé Sathairn 20 Feabhra, 7i.n.

Ar an gcéad fhéachaint, i bhfianaise thorthaí an deireadh seachtaine seo caite, cheapfá gur bua éasca a bheadh ag na Gaillimhigh anseo. Bhí farasbarr sé chúilín acu ar Chorcaigh an Domhnach seo caite, lá tar éis do Bhaile Átha Cliath drochthaispeántas a thabhairt uathu in aghaidh Thiobraid Árann i nDurlas.

Seans maith nach mbeidh rudaí chomh héasca sin ag Micheál Donoghue áfach. Níl ann ach cúpla seachtain ó bhuail foireann na príomhchathrach Gaillimh le naoi gcúilín i gCorn Uí Bhreathnach agus nuair a chas siad ar a chéile sa tsraith anuraidh, bhí farasbarr sé chúilín ag Baile Átha Cliath ar fhir an iarthair.

É sin ráite, is mór an t-athrú atá tagtha ar fhoireann na Gaillimhe ón gcoimhlint is déanaí sin i mí Eanáir. Tá leithéidí Joe Canning, Conor Whelan agus Cathal Mannion ar ais i measc na dtosaithe a rinne scrios ar chúlaithe Chorcaí an deireadh seachtaine seo caite.

Is é an dúshlán atá roimh Ger Cunningham anois ná a chuid imreoirí a spreagadh mar, gan ach cúig chluiche á n-imirt sa ghrúpa seo acu, tá sé tábhachtach pointí a aimsiú chomh luath agus is féidir d’fhonn an t-ísliú céime a sheachaint. Níl ach dhá chluiche baile ag Baile Átha Cliath sa tsraith i mbliana agus beidh orthu leas iomlán a bhaint astu.

Bhain Tiobraid Árann leas as ‘an modh díreach’ chun scóranna a aimsiú in aghaidh Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite agus ní foláir dóibh feabhsú agus iad i mbun na cosanta nó déanfaidh Gaillimh scrios orthu faoi mar a rinne siad ar Chorcaigh.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Pa Cronin (Corcaigh) ag tabhairt iarracht ar an gcúl i gcluiche sraithe na Mumhan i m Eanáir. INPHO/James Crombie
Pa Cronin (Corcaigh) ag tabhairt iarracht ar an gcúl i gcluiche sraithe na Mumhan i m Eanáir. INPHO/James Crombie

Corcaigh v Port Láirge, Páirc Uí Rinn, Dé Sathairn 20 Feabhra, 7i.n.

Faoi dhó a d’imir Corcaigh agus Port Láirge a chéile anuraidh agus faoi dhó a bhuaigh na Déisigh.

Bhí bua slachtmhar deich gcúilín ag foireann Derek McGrath ar a gcomharsana i gcluiche ceannais na sraithe ag tús mhí na Bealtaine agus mí ina dhiaidh sin, fuair Port Láirge an ceann is fearr ar Chorcaigh i gCraobh na Mumhan chomh maith.

Níl ann ach dhá bhliain go leith ó shroich Corcaigh cluiche ceannais na hÉireann ach tá siad tite siar go mór ó shin agus fiú i gCúige Mumhan tá ar a laghad dhá trí chontae atá níos láidre ná iad. Ar cheann de na foirne sin tá Port Láirge, a bhfuil dul chun cinn dochreidte déanta acu faoi chúram McGrath.

go raibh dhá imreoir déag ón bhfoireann a bhuaigh Craobh na hÉireann sé mhí ó shin ar fhoireann Chill Chainnigh i bPáirc Uí Bhreathnach an Domhnach seo caite, b’iad fir óige Phort Láirge a thug an lá leo. Bhí smacht chomh mór sin ag na Déisigh ar an gcluiche go raibh níos mó tuillte acu ná an farasbarr ceithre chúilín a bhí ann sa deireadh. Chuir siad roinnt mhaith iarrachtaí amú, go háirithe sa chéad leath.

Beidh díomá ar Chorcaigh go háirithe leis an easpa déine a léirigh siad sa chluiche in aghaidh na Gaillimhe. Bhí cuma an chluiche dúshláin ar an gcoimhlint i bPáirc an Phiarsaigh. Níorbh amhlaidh an scéal i gcás Phort Láirge. Beidh ar na gCorcaígh a bheith i bhfad níos díograisí anocht.

Ba é Séamus Harnedy an tosach b’éifeachtaí a bhí acu an tseachtain seo caite ach gortaíodh eisean sa chéad leath. D’éirigh go maith le Luke O’Farrell, a tháinig isteach ina háit, ach beidh ar imreoirí an beart a dhéanamh má siad chun Port Láirge a thástáil.

Rogha Tuairisc.ie: Port Láirge

Richie Hogan (Cill Chainnigh) faoi bhrú ag Conor O'Brien, Ronan Maher agus Kieran Bergin (Tiobraid Árann). INPHO/Donall Farmer
Richie Hogan (Cill Chainnigh) faoi bhrú ag Conor O’Brien, Ronan Maher agus Kieran Bergin (Tiobraid Árann). INPHO/Donall Farmer

Cill Chainnigh v Tiobraid Árann, Dé Domhnaigh 21 Feabhra, 2i.n.

Agus Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann ag tabhairt aghaidhe ar a chéile, is cuma ar bhealach faoi thorthaí na seachtaine seo caite. Fiú mura mbeadh tábhacht ar bith leis an gcluiche seo bheadh na foirne áirithe seo fós ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar a chéile.

Ceann de na fadhbanna ba mhó a bhí ag Cill Chainnigh sa chluiche in aghaidh Phort Láirge an Domhnach seo caite ná an easpa cruthaitheachta a léirigh siad i measc na dtosaithe. Níor aimsigh siad ach ceithre chúilín sa dara leath agus cóir na gaoithe acu agus le linn na tréimhse imeartha chéanna thug siad 20 nóiméad agus gan aon scór aimsithe.

Tháinig Ger Aylward chun coinlíochta anuraidh agus bliain den scoth aige i measc thosaithe Chill Chainnigh ach beidh ar Brian Cody tosach eile a aimsiú i mbliana agus Aylward gortaithe. Níl teacht aige ar Eoin Larkin fós agus tá Richie Power éirithe as an imirt. Tá an chuma ar Chill Chainnigh go bhfuil easpa tosaithe acu. Bheadh sé amaideach áfach iad a chur as an áireamh.

Thug Tiobraid Árann sárthaispeántas uathu in aghaidh Bhaile Átha Cliath an Satharn seo caite, a gcéad chluiche faoi stiúir a bhainisteora nua, Michael Ryan. Níor imir na Tiobradaigh in aon cheann de na comórtais réamhshéasúir ach ní raibh aon easpa díograise nó déine ina gcuid imeartha an tseachtain seo caite. Bhí siad naoi gcúilín chun cinn ag leath ama agus mhéadaigh siad an bhearna sin sa dara leath agus an tuáille caite isteach ag Baile Átha Cliath faoin am sin.

Baineann dúshlán ar leith le bheith ag imirt in aghaidh Chill Chainnigh i bPáirc Uí Nualláin áfach, agus is fearr a thuigfimid an fhorbairt atá déanta ag na foirne seo i ndiaidh chluiche an Domhnaigh.

Rogha Tuairisc.ie: Cill Chainnigh


Dé Sathairn, 20 Feabhra

Sraith Iomána Roinn 1A

Corcaigh v Port Láirge, Páirc Uí Rinn, 7i.n.

Baile Átha Cliath v Gaillimh, Páirc Pharnell, 7i.n.

Sraith Iomána Roinn 3A

Warwickshire v An Lú, Páirc na hÉireann, 3i.n.


Dé Domhnaigh, 21 Feabhra

Sraith Iomána Roinn 1A

Cill Chainnigh v Tiobraid Árann, Páirc Uí Nualláin, 2i.n.

Sraith Iomána Roinn 1B

Ciarraí v Luimneach, Staid Mhic Gearailt, 2i.n.

Uíbh Fhailí v Laois, Páirc Uí Chonchúir, 2i.n.

Loch Garman v An Clár, Páirc Loch Garman, 2i.n.

Sraith Iomána Roinn 2A

Ceatharlach v Londain, Páirc Uí Chuilinn, 1i.n.

Aontroim v Cill Dara, Páirc MacUílín, 2i.n.

An Iarmhí v Doire, Páirc Uí Chíosóg, 2i.n.

Sraith Iomána Roinn 2B

Dún na nGall v Ard Mhacha, Páirc Uí Dhónaill, 2i.n.

An Dún v Cill Mhantáin, Páirc Mhic Chionnaith, 2i.n.

An Mhí v Maigh Eo, Páirc Naomh Lomáin, 2i.n.

Sraith Iomána Roinn 3A

Ros Comáin v Muineachán, Páirc Waldron, 2i.n.

Tír Eoghain v Fine Gall, Páirc Uí hÉil, 2i.n.

Fág freagra ar 'Deireadh seachtaine deacair do Bhaile Átha Cliath agus Corcaigh sa tSraith Náisiúnta Iomána'