Deireadh seachtaine cinniúnach go maith roimh fhoirne Gaeltachta

Tá na comórtais chraoibhe faoi lán seoil sna contaetha Gaeltachta an deireadh seachtaine seo

Deireadh seachtaine cinniúnach go maith roimh fhoirne Gaeltachta

Cé is moite de Mhaigh Eo, áit nach gcuirfear tús leis na craobhacha peile go ceann coicíse, tá na comórtais sin faoi lán seoil sna contaetha Gaeltachta eile. Go deimhin is Domhnach cinniúnach go maith é i gCiarraí, áit a bhfuil dhá bhabhta imeartha déanta sa bpeil shinsearach agus idirmheánach agus ina n-inseoidh an deireadh seachtaine seo cuid mhaith dúinn fúthu siúd a bhainfidh na babhtaí ceannais amach.

Tar éis dóibh cliseadh in aghaidh an Spá sa gcéad bhabhta sinsir, bhuaigh an Daingean ar na Gaeil Dé Sathairn seo caite agus tá a n-aghaidh ar Neidín an Satharn seo áit a n-imreoidh siad na Seamróga. Tabharfaidh bua eile áit dóibh i mbabhta ceathrú ceannais – fiú go bhféadfadh comhscór an beart a dhéanamh.

Déanfaidh comhscór an Spá freisin in aghaidh na nGael i nGrúpa A.

An scéal mór i nGrúpa B go bhfuil an baol ann go mbeidh na Crócaigh as an iomaíocht mura bhfaigheann siad an bua ar na Stacaigh i gCill Airne.

Ceithre chúilín as a chéile in aghaidh Chill Chuimín Dé Domhnaigh seo caite a shaothraigh an bua don Ghaeltacht sa gCraobh Idirmheánach. Tá siadsan ar bóthar freisin an deireadh seachtaine seo mar go n-imreoidh siad na Deasúnaigh in Oileán Ciarraí. Seo lá na cinniúna i nGrúpa 3 den chomórtas sin, na foirne atá luaite agam mar aon le Gleann Beithe-Gleann Chárthaigh agus dhá phointe an taobh acu. Beidh na buaiteoirí ag dul chun cinn.

An dara babhta den chraobh shinsir a bheas ar siúl i nDún na nGall freisin, ach nach mbeidh an iomaíocht baileach chomh cinniúnach ansiúd siocair an leagan amach atá ar na comórtais ina mbeidh cúig bhabhta le n-imirt.

Bhuaigh Gaoth Dobhair, Cill Charthaigh, Béal Átha Seanaidh agus na Cealla Beaga a gcuid cluichí céad bhabhta agus chríochnaigh Gleann tSúilí agus Naomh Conall ar chomhscór. Ar an Satharn a bheidh na foirne Gaeltachta ag dul chun páirce sa dara babhta, Naomh Conall in aghaidh na gCealla, Ard a’ Rátha in aghaidh Aodh Rua, Gleann Fhinne in aghaidh Ghaoth Dobhair agus Cloch Chionnaola in aghaidh Chill Charthaigh.

An leagan amach céanna atá ar an gCraobh Idirmheánach i nDún na nGall, ina bhfuil dhá bhabhta imeartha déanta – lánphointí ag Naomh Columba, An Clochán Liath agus Bun Cranncha, ceann buaite agus caillte ag Naomh Muire Íochtar na Rosann agus Na Dúnaibh folamh.

An Satharn seo imreoidh Naomh Muire in aghaidh Ghaeil Fhánada ar na Méilte agus Dé Domhnaigh a bheidh Na Dúnaibh in aghaidh Naomh Columba ar Pháirc na nDúnaibh.

Faoin iomáint a bheidh formhór pháirceanna imeartha na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo agus an tríú babhta den Chraobh Shinsir agus Idirmheánach á imirt.

Tá buaite ar an Spidéal sa dá chluiche atá imeartha sa gcomórtas is deireanaí acusan agus iad le haghaidh a thabhairt ar an Turlach Mór ag meán lae i bPáirc an Phiarsaigh Dé Domhnaigh. Sa gCraobh Shóisir A beidh Micheál Breathnach ag taisteal go Béal Átha Ghártha.

Fág freagra ar 'Deireadh seachtaine cinniúnach go maith roimh fhoirne Gaeltachta'