Deireadh seachtaine cinniúnach do Ghaoth Dobhair, Naomh Anna agus An Ghaeltacht

Imreofar cluichí ceathrú ceannais i gCraobhacha Sinsir Peile Dhún na nGall agus na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo, chomh maith le cluiche leathcheannais i gCraobh Idirmheánach Chiarraí, agus foirne Gaeltachta ar fud na tíre sa tóir ar bhua mór

Deireadh seachtaine cinniúnach do Ghaoth Dobhair, Naomh Anna agus An Ghaeltacht

Foireann peile Ghaoth Dobhair. Pictiúr: gaothdobhairclg/Twitter.ie

Beidh an-choimhlint i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall amárach agus boic mhóra an chontae, Gaoth Dobhair agus Naomh Adhamhnán, ag tabhairt aghaidh ar a chéile sa bhabhta ceathrú ceannais.

Tá Corn an Dochtúra Mhic Uidhir buaite 14 uair an taobh ag an dá chumann, níos minice ná aon chumann eile sa chontae, agus beidh deis ar an 15ú craobh ag ceann acu i ndiaidh chluiche an Domhnaigh i bPáirc Mhic Cumhaill Bhealach Féich.

Agus iad sa bhabhta ceathrú ceannais den chéad uair le ceithre bliana anuas, is buille mór do Ghaoth Dobhair é nach mbeidh teacht acu ar Odhrán Mac Niallais don chluiche agus é ag imirt i Nua-Eabhrac an lá céanna.

Fiú d’uireasa Mhic Niallais, tá roinnt imreoirí ar foireann Mhachaire Gathlán a chaith geansaí Dhún na nGall, bíodh sin faoi aois nó leis na sinsir, ach ní bheidh sé éasca Naomh Adhamhnán a shárú agus a gcuid cluichí uile i nGrúpa D buaite ag fir Leitir Ceanainn.

Seans go mbeidh an cluiche eile i bPáirc Mhic Cumhaill ar an Domhnach beagáinín níos aontaobhaí. Is iad Cill Charthaigh rogha na coitiantachta chun an chraobh a thabhairt leo agus beidh sé thar a bheith deacair dá gcéilí comhraic, Réalt na Mara, teacht aniar aduaidh orthu.

Imreofar dhá chluiche eile sa bhabhta ceathrú ceannais tráthnóna, Naomh Mícheál i gcoinne na Birte agus na Cealla Beaga in aghaidh Naomh Conaill.

Agus Naomh Mícheál ag imirt i Roinn 1 den tsraith, agus an Bheart ag imirt i Roinn 3, shamhlófá go mbeadh fir Dhún Fionnachaidh sách láidir sa cheann seo.

Gach seans go mbeidh an fhoireann ‘naofa’ eile ag ceiliúradh freisin tráthnóna. Níl an bhearna chéanna idir Naomh Conaill agus na Cealla Beaga, ach tá fir na nGleannta ar cheann de na foirne is láidre i nDún na nGall le cúpla bliain anuas. Le cabhair Dermot ‘Brick’ Molloy, Ciarán Thompson agus Anthony Thompson, ba cheart gurb iadsan a bheidh ag tabhairt aghaidh ar na cluichí leathcheannais níos deireanaí an mhí seo.

Dé Sathairn, 9 Meán Fómhair

Naomh Mícheál v An Bheart, 6.00i.n., Páirc Uí Dhomhnaill

Na Cealla Beaga v Naomh Conaill, 7.30i.n., Ard an Rátha

Dé Domhnaigh, 10 Meán Fómhair

Cill Charthaigh v Réalt na Mara, 2.00i.n., Páirc Mhic Cumhaill (Beo ar eir Sport 2)

Gaoth Dobhair v Naomh Adhamhnán, 4.00i.n., Páirc Mhic Cumhaill (Beo ar eir Sport 2)


Imreoir Naomh Anna, Ferdia Breathnach. Pictiúr: NaomhAnnna/Twitter.ie

Imreofar cuid de chluichí ceathrú ceannais Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo chomh maith. Is iad Maigh Cuilinn agus Naomh Anna, Leitir Móir na foirne Gaeltachta a bheidh ag dul chun páirce Dé Domhnaigh.

Más faoi Mhaigh Cuilinn cáiliú don chéad bhabhta eile beidh orthu taispeántas speisialta a thabhairt uathu agus fathaigh na Gaillimhe, Cora Finne rompu i bPáirc an Phiarsaigh. Chas na foirne ar a chéile níos luaithe sa chraobh, cluiche a chaill fir Chonamara cé nach raibh siad chomh dona agus a shílfeá ón scór deireanach, 2-17 in aghaidh 0-11.

Tá deis níos fearr ag fir Leitir Móir áit a bhaint amach sa bhabhta leathcheannais agus iadsan ag tabhairt aghaidh ar Eanach Dhúin. Ní raibh mórán sa chontae ag súil go mbainfeadh ceachtar foireann an babhta seo den chraobh amach, ach bhí siad ar fheabhas go dtí seo sa chomórtas.

Agus gortuithe ag cur as do cúpla imreoir de chuid Eanach Dhúin, beidh dóchas ag Naomh Anna go mbeidh Seán Andy Ó Ceallaigh, Ciarán Barrett Ferdia Breathnach agus a leithéidí in ann iad a stiúradh i dtreo an chluiche leathcheannais den chéad uair riamh. Más fúthu sin a dhéanamh, caithfidh siad tosach na Gaillimhe Damien Comer a stopadh ar dtús.

Beidh dhá fhoireann Ghaeltachta ag imirt i gcluichí dícháilithe i gCraobh Shinsir na Gaillimhe tráthnóna chomh maith. Imreoidh Bearna in aghaidh Chill Fhir Iarainn agus beidh an Cheathrú Rua ag tabhairt aghaidh ar Chill Aithnín. Seans gurb iad na foirne Gaeltachta is láidre sna cluichí sin ach is beag a bheidh idir na foirne sa dá chluiche.

Dé Sathairn, 9 Meán Fómhair

Bearna v Cill Fhir Iarainn, 4.00i.n., Cora Finne

An Cheathrú Rua v Cill Aithnín, 6.00i.n., Páirc an Phiarsaigh

Dé Domhnaigh, 10 Meán Fómhair

Maigh Cuilinn v Cora Finne, 2.00i.n., Páirc an Phiarsaigh

Eanach Dhúin v Naomh Anna, 3.45i.n., Páirc an Phiarsaigh


Tomás Ó Sé. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Is sa bhabhta leathcheannais a chlis ar an nGaeltacht anuraidh i gCraobh Idirmheánach Peile Chiarraí agus tá siad meáite ar dhul dul céim níos faide, ar a laghad, i mbliana. An deireadh seachtaine tabharfaidh siad aghaidh ar Naomh Muire sa bhabhta ceathrú ceannais.

Mar a tharlaíonn sé, fuair an Ghaeltacht an ceann is fearr ar fhoireann Chathair Saidhbhín an deireadh seachtaine seo caite i gcluiche sraithe a chinntigh go mbeadh fir in iarthair i gcluiche ceannais na sraithe Roinn 1. Ach b’fhéidir gur beag tábhacht a bheadh le cluiche an Domhnaigh seo caite nuair a bhí an Ghaeltacht go mór chun tosaigh nó go ndearna Naomh Muire teacht aniar áirithe sa dara leath.

Bhuaigh Naomh Muire Craobh Idirmheánach na hÉireann mí Feabhra seo caite agus d’fhill Bryan Sheehan ar an bhfoireann an tseachtain seo caite, ach is mór an dul chun cinn atá déanta ag an nGaeltacht le blianta beaga anuas agus iadsan is fearr atá ag cruthú i mbliana. Tar éis dóibh ardú céime a fháil ó Roinn 2 anuraidh, tá siad anois i gcluiche ceannais na sraithe agus ar ndóigh thug siad leo Comórtas Peile na Gaeltachta níos luaithe i mbliana.

Cé go bhfuil an-chaint déanta ar an nglúin óg imreoirí atá ag teacht chun cinn, Brian Ó Beaglaoich, Dara Ó Sé, Éanna Ó Conchúir, Tomás Ó Sé agus a leithéidí, ach ar lá mór mar an lá inniu is mór is fiú taithí leithéidí Mharc Uí Shé agus Sheáin M. Uí Chonchúir.

Dé Domhnaigh, 10 Meán Fómhair

An Ghaeltacht v Naomh Muire, 2.30i.n., Cill Orglan

Fág freagra ar 'Deireadh seachtaine cinniúnach do Ghaoth Dobhair, Naomh Anna agus An Ghaeltacht'