Deireadh ré Salt Box O’Connor, Count the Skulls Callaghan agus Rubber Legs Gaffney ar dhuganna Bhaile Átha Cliath…

Tá ‘Docklands’ Bhaile Átha Cliath athraithe go mór ach tá rianta go leor den aois seo caite le sonrú fós sa cheantar idir abhainn na Life agus na canálacha

Deireadh ré Salt Box O’Connor, Count the Skulls Callaghan agus Rubber Legs Gaffney ar dhuganna Bhaile Átha Cliath…

Pictiúr: Leon Farrell/Photocall Ireland

Ní minic a chuimhnímid ar Bhaile Átha Cliath agus muid ag trácht ar ‘Spailpíní’. Is túisce a thiocfadh scéalta Dhónaill Mhic Amhlaigh chun cuimhne dúinn nó amhrán ar nós ‘An Spailpín Fánach’. Ach léirigh seó stáitse a bhí ar siúl sa Sugar Club an oíche cheana, Are You a Button Man?, go raibh an cleachtas sin i bhfeidhm go tréan ar na duganna i mBaile Átha Cliath – suas go dtí tús na 1970idí.

Má bhí ‘cnaipe’ agat, bhí an t-ádh ort. ’Séard a bhí sa chnaipe ná suaitheantas a bhain leis an gceardchumann. Má bhí tú ceann acu sin i do sheilbh, bhí obair le fáil agat ar an duga agus tosaíocht agat ar fhir, b’fhéidir, a bhí níos sine ná thú, nó a raibh taithí ní ba mhó acu. Ba chuma, bhí ‘button’ agat.

Sheasadh na fir gach maidin ag a hocht a chlog don ‘read’ – agus léadh an stíbheadóir ainmneacha na bhfear a bhí le híreáil don lá sin. Ainmneacha ar nós Salt Box O’Connor, Count the Skulls Callaghan, Whacker Nugent, Tucker Reilly, Rubber Legs Gaffney. Maireann an focal ‘read’ sa gcaint fós; deir muintir Bhaile Átha Cliath ‘what’s the read?’ agus iad ag iarraidh scéala a fháil uait.

Bhí an obair crua, bhí an pá go maith ach ní raibh aon chinnteacht ann go bhfaigheadh aon duine pá seachtaine. Bhí fear in ann an ‘cnaipe’ a fhágáil le huacht ag a mhac agus chuireadh sé sin déistin ar na hoibrithe eile nuair a d’fhaigheadh leaid óg tosaíocht orthu ar maidin.

Tá rianta go leor den aois sin fós le sonrú thart ar lár Bhaile Átha Cliath. ‘Docklands’ a thugtar ar an gceantar a cheanglaíonn abhainn na Life leis na canálacha agus amach go béal an chalafoirt. Go dtí le gairid féin, ní mórán measa a bhíodh ag daoine ar na foirgnimh thionsclaíocha, na droichid, na loic ná na bealaí uisce. Ar nós go leor cathracha eile, bhí droch-chaoi agus droch-cháil orthu.

Tosaíodh ar an atógáil roinnt blianta ó shin – ansin tháinig an cúlú eacnamaíochta, tháinig moill ar chúrsaí, ach tá borradh iontach tarlaithe arís le tamall anuas. Ag comhdháil faoi cheantar na nduganna an tseachtain seo caite, dúradh go bhfuil 83 crann tógála le feiceáil anois ó fhuinneoga an Irish Times. Tá comhlachtaí móra idirnáisiúnta lonnaithe ann agus na mílte post tugtha isteach acu…Google, Accenture, AirBnB, Facebook agus go leor eile. Beidh áit nua eile ag Google i sean-cheanncheathrú De Valera le linn Éirí Amach 1916- Muilte uí Bheoláin.  ‘Bolands’ Quay’ an t-ainm a bheas air. Beidh áit sa bhforbairt amháin sin do 2,500 oibrí. Ach beidh árasáin, oifigí, ionaid chultúrtha agus ionaid spraoi san áit freisin.

Suas go dtí na seachtóidí bhí 6,000 fear le híreáil don obair ar an duga. Inniu, tá i bhfad níos mó ná sin (idir fhir agus mhná) ag obair san áit chéanna- agus iad ag teacht ó thíortha ar fud an domhain mhóir. Ach ní ag sclábhaíocht lena lámha atá siad ach ag obair lena n-inchinn agus lena samhlaíocht.

Istigh i lár na bhforbairtí sin uilig, tá Duga na Canálach Móire, ar scríobh mé faoi anseo cheana. Is ann a bhíonn mo chlub báid dragúin ag traenáil faoi dhó sa tseachtain. Agus mé ag freastal ar an gcomhdháil a d’eagraigh lucht gnó na nduganna (Docklands Business Forum), bhí sé spéisiúil an bhéim a cuireadh ar imeachtaí ar an uisce.

Más mall is mithid. Níl a fhios cé mhéid uisce a bhíonn thart ort sa dúthaigh seo. Tá 75,000 méadar uisce i nDuga na Canálach Móire leis féin agus uisce domhain ann, toisc gur do na báid lastais a bhíodh ag freastal ar na gnóthaí mórthimpeall fadó a tógadh é. Thagadh báid mhóra lasta isteach sa Duga ó Abhainn na Life agus iad ag úsáid na loic a tógadh san 18ú haois. Coinníonn geataí móra adhmaid an t-uisce sa Duga, toisc go mbíonn an Life ag ísliú is ag ardú leis an taoille.

Bhain ár gclub féin úsáid as cúpla mí ó shin nuair a bhíomar ag glacadh páirt i dtaispeántas ar son na mBád Tarrthála ar an Life. Bhí an bád dragúin ar an Duga, áit a bhfuil ár gclub, The Plurabelle Paddlers, suite agus b’éigean dúinn dul amach tríd an loc chomh fada leis an abhainn.

Le linn ré fhir an ‘chnaipe’ thagadh báid isteach, luchtaithe le gaineamh don chomhlacht mór gloine, Irish Glass Bottle Company, agus le gual don chomhlacht gáis – The Gas Company. Deirtear go raibh luas rómhór faoi bhád gainimh uair amháin agus gur bhris sé geata an loic. Sceith an t-uisce amach as Duga na Canálach agus fágadh folamh é. Sách dona, a deir tú, ach céard faoin ngadaí a bhí tar éis mála seodra a chur ‘i bhfolach’ san uisce, crochta ar théad ó bhalla an duga? Níor shamhlaigh sé ariamh go mbeadh an ‘loot’ ar taispeáint don domhan mór ar an gcaoi sin.

Is faoin gComhairle Cathrach anois atá cúram Dhuganna Bhaile Átha Cliath – cé go bhfuil an t-ainm ‘Dublin Docklands’ fós in úsáid. Tá dréachtstraitéis ullmhaithe acu don uisce – ‘Draft Water Animation Strategy’ a thugann siad air. Aithnítear anois go bhfuil suim nach beag ag turasóirí in imeachtaí uisce. Is maith leo freisin siúl thart agus pictiúir a ghlacadh ar bhruach na habhann, agus in áiteanna a mbíonn radharcanna feiceálacha.

Agus cé go mb’fhéidir gur mhaith le daoine a gcuid bád a cheangal pé áit is mian leo, cuireann an Chomhairle cosc air sin aon áit a gcuirfeadh sé isteach ar an radharc – os comhair Theach an Chustaim, mar shampla. Amach anseo, tá súil acu i bhfad níos mó den turasóireacht bádóireachta a fheiceáil, luaimh agus seanbháid seoil (‘Tall Ships’), cuir i gcás, ach áit cheart le huisce domhain a chur ar fáil dóibh.

Fógraíodh an tseachtain seo go mbeidh cúrsaí cadhcála ‘uisce bán’ á reáchtáil in aice leis an IFSC, Lárionad Seirbhísí Airgeadais na hÉireann, taobh istigh de dhá bhliain. Tá tús le cur leis an obair ar an ionad go luath. Níor smaoinigh Charlie Haughey air sin agus é ag beartú an ionaid mhóir idirnáisiúnta airgid. Ní shin é an t-aon iarsma de ré Haughey sna Docklands. Is ann freisin atá a sheanluamh ‘Celtic Mist’ agus é anois is seilbh an Ghrúpa Éireannaigh maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna.

Ar a laghad tá an luamh in úsáid. Bád eile a mbeadh scéal le hinsint aici, agus a cuid ‘button men’ féin aici le haghaidh lastaí d’Oileáin Árainn, an Naomh Éanna i gceann de na seanduganna agus í á coinneáil le chéile ag an meirg. Dá sábhálfaí in am í, d’fhéadfadh sí a bheith lárnach in aon straitéis turasóireachta don cheantar álainn, stairiúil seo. Ach tá an seans sin caillte anois.

Fág freagra ar 'Deireadh ré Salt Box O’Connor, Count the Skulls Callaghan agus Rubber Legs Gaffney ar dhuganna Bhaile Átha Cliath…'