Deireadh ré Rí Chill Chainnigh

Le Cóilín Ó Dubhthaigh i gCill Chainnigh

 

Is cuma leis faoi na Cait faoi láthair, níl ar intinn Henry Shefflin ach cluiche ceannais Bhaile Héil i bPáirc an Chrócaigh inniu. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá deireadh ré an Rí tagtha. Ní bheidh Henry Shefflin le feiceáil arís i ngeansaí Cill Chainnigh, tar eis dó a fhogairt ag preasócáid i gCathair Cill Chainnigh inniu go bhfuil sé éirithe as.

Bhuaigh sé 14 bonn Uile-Éireann, ina measc 10 gcinn le foireann Sinsear Chill Chainnigh, ceann amháin le foireann faoi 21 an chontae agus trí cinn lena chlub, Seamroga Bhaile hÉil – an ceann is deanaí buaite aige an tseachtain seo caite i bPáirc an Chrócaigh ar Lá Fhéile Pádraig.

Chomh maith leis sin, bhuaigh sé 13 bonn i gCraobh Sinsear Chúige Laighean, sé Sraith Naisiúnta agus aon cheann déag de Ghradaim All-Star.

Ba é Shefflin a fuair an méid is mó scóranna riamh i gCraobh na Sinsear; an t-imreoir leis an méid bonn Sinsear Uile-Éireann is mó, agus an t-aon imreoir sa tír a glac páirt i dtrí cinn déag de Chluichí Ceannais Sinsear Uile-Éireann.

D’imir sé d’fhoireann sinsear Chill Chainnigh den chead uair i 1999 i gcoinne Laoise agus bronnadh Gradam Imreoir Iomána na Bliana air sna blianta 2002, 2006 agus 2012.

Bhí sé ina captaen ar Chill Chainnigh nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann i 2007 i gcoinne Luimnigh freisin.

Leanfaidh Shefflin ag imirt lena chlub, atá sa tóir ar chraobh iomána Chill Chainnigh an athuair, agus tús á chur acu le feachtas 2016 i gceann trí seachtaine.

Fág freagra ar 'Deireadh ré Rí Chill Chainnigh'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Ní raibh a leithéad ann riamh agus ní bheidh go deo.Fear lách seimh freisean.