“Tá díomá mór orm faoin dochar ollmhór a rinne ceannaire an UUP don aontachtachas,” arsa Edwin Poots an DUP tar éis meán oíche agus é ag diúltú comhghairdeas a dhéanamh le Pat Catney ón SDLP a bhain suíochán den DUP i nGleann an Lagáin.
Dar le Poots, ní ar an DUP féin a bhí locht ar bith as suíocháin a chailliúint, ná ar a gceannaire, Arlene Foster, ach ar Mike Nesbitt a mhol don UUP vótaí a aistriú chuig “náisiúnaithe”.
Níorbh iontas mór é Poots a bheith gortach agus binbeach, ach ba iontas é an cor seo i scéal an toghcháin a bhí ag goilliúint as cuimse air. Ba é sin nach mbeadh móramh aontachtach i Stormont i ndiaidh an toghcháin. Bhí Mike Nesbitt éirithe as ceannaireacht an UUP mar gur theip ar a straitéis, ‘an pholaitíocht iar-sheicteach’ a chur chun cinn. Sé shuíochán a chaill a pháirtí agus easaontas nimhiúil faoi cad ba chúis leis an mbatráil.
Níor léir go bhfuil an t-easaontas céanna sa DUP. Dúirt baill den pháirtí go raibh siad ag tacú i gcónaí lena gceannaire, Arlene Foster, ach díol suntais ab ea é nár go róchroíúil a dhearbhaigh siad é. Dúirt roinnt ionadaithe gur ghá machnamh a dhéanamh ar chúrsaí ach feileann sé go maith do dhaoine go fóill a bheith ar an bport céanna le Poots agus an milleán a chur ar Nesbitt mar gur mhol sé d’aontachtaithe aistriú chuig an SDLP. Chuidigh vótaí aistrithe ón UUP le Pat Catney i nGleann an Lagáin, toghcheantar Poots, agus chuidigh aistrithe ón SDLP le Rosemary Barton an UUP i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas, mar a raibh vótaí á n-aistriú idir an dá pháirtí sin anuraidh freisin. Go bunúsach, ba chosúil go raibh sé níos éasca ag an DUP a bhfearg a dhíriú ar Mike Nesbitt ná mar a bhí sé a dhul i ngleic leis na lochtanna agus na heasnaimh a bhí ar a bhfeachtas féin agus an gríosadh a thug Arlene Foster do Shinn Féin go háirithe, ach do náisiúnaithe trí chéile.
Nuair a cuireadh críoch leis an gcomhaireamh ag 3am Dé Sathairn, bhí 28 suíochán ag an DUP (-10), bhí 10 suíochán ag an UUP (-6), ceann amháin ag TUV agus ceann ag an Aontachtach neamhspleách Claire Sugden. Sin 40 suíochán ar fad agus bheadh gá le 46 suíochán le haghaidh móraimh.
Bhí 27 suíochán ag Sinn Féin, buaiteoirí móra an lae, 12 ag an SDLP a chruthaigh níos fearr ná mar a ceapadh ar an gcéad chomhaireamh. Sin 39 suíochán san iomlán ag náisiúnaithe. Nuair a chuirtear leis sin an 11 suíochán eile atá ag na dreamanna nach dtugann aontachtach nó náisiúnach orthu féin – Alliance (8), Comhaontas Glas (2) agus PbP (1) – tá tromlach neamhaontachtach mór ann.
(Choinnigh Alliance agus an Comhaontas Glas na suíocháin a bhí acu agus chaill PbB ceann amháin, ceann Eamonn McCann i nDoire.)
San Tionól deiridh aontachtaigh ab ea iad 56 den 108 teachta, nó breis agus leath – bhí 38 suíochán ag an DUP, 16 ag an UUP, ceann ag TUV agus bhí neamhspleách aontachtach amháin ann.
Buille mór don DUP ab ea é 10 suíochán a chailliúint, cathaoirleach an pháirtí, An Tiarna Maurice Morrow ina measc, chomh maith leis an bpríomh-aoire, Trevor Clarke. Ó thit an DUP faoi bhun 30 suíochán ní bheidh siad in ann an Achainí ar Bhonn Ábhar Buartha – an veto- a chur i bhfeidhm iad féin feasta. Sin má fhilleann na páirtithe ar Stormont.
Níl an cíoradh ar na torthaí ach ina thús. Ta trí seachtainí ag na páirtithe chun margadh a dhéanamh le feidhmeannas a chur ar bun. Níl mórán dóchais ag éinne go mbeidh rath ar a saothar sa tréimhse sin. Ach tá leagan amach úrnua ar fad i Stormont anois agus an-chuid ceisteanna le fuascailt.
Seán Mag Leannáin
B’fhéidir go bhfuil muid ag cros-bhóthar áirithe nuair a bhíonn Enda ag smaoineamh ós ard faoi Éire aontaithe. Is dea-chomharthaí iad freisin an tras-vótáil idir an SDLP agus an UUP (a ghnóthaigh suíochan sa bhreis don dá pháirtí), an vóta maith ag Alliance agus an vóta measartha maith ag an SDLP, an UUP agus an Páirtí Glas. Taispeánann sé seo go bhfuil polaitíocht an láir sach láidir i gcónaí. Braithim go bhfuil tábhacht nach beag ag baint leis seo ag tráth claochlaithe. Neosfaidh an aimsir an bhfuilimid le fírinne ag tráth cinniúnach.
Breathnóir
Chonaic mé duine á rá sna meáin shóisialta go ndearna na meáin Ghaeilge lámh níos fearr de bheith ag clúdach an toghcháin ó thuaidh ná mar a rinne na meáin Bhéarla, agus bheinn ag teacht leis an méid sin. Jab an-ghairmiúil déanta ag Máirín Ní Ghadhra agus ag a cuid comhghleacaithe – maith iad!
Fearn
Ní fada anois an reifreann ar Athaontú na hÉireann, agus athghabháil shonas na hÉireann.