Deireadh leis an mbanna ceoil Gaeilge ‘Spats Colombo’

Fógraíodh inniu go bhfuil deireadh á chur leis an mbanna ceoil a bhíodh ag seinm ar fud na tíre

Deireadh leis an mbanna ceoil Gaeilge ‘Spats Colombo’

Tá deireadh tagtha leis an mbanna ceoil ‘Spats Colombo’ a chasadh go minic ag ócáidí agus ceolchoirmeacha Gaeilge ar fud na tíre. Fógraíodh inniu ar leathanach Facebook an bhanna nach mbeidh siad ag casadh ceoil le chéile níos mó, i ndiaidh trí bliana go leith a chaitheamh i dteannta a chéile.

Sheinneadh an banna ceoil ag imeachtaí ar nós an Electric Picnic, Féile na Gealaí i Ráth Chairn, agus an Cabaret Craiceáilte in ionaid éagsúla timpeall na tíre.

Ghabh an banna buíochas leis na hiarrbhaill, Harriet Noble, Rhona Ní Chearbhaill, Róisín O’Hara, Paul Rowland agus Colmán Mac Séalaigh, agus le “gach duine a tháinig chuig seónna, a cheannaigh dlúthdhiosca nó a scríobh rud éigin deas” faoin mbanna. Ghabh siad buíochas freisin le craoltóirí raidió a chas a gcuid ceoil agus bainisteoirí a thug ardán dóibh.

Ba iad Caroline Ní Dhubhchóin, as Gaeltacht Thír Chonaill, Gráinne Bleasdale agus Brendan Feeney as Gaeltacht Chonamara, Stephen Curran agus Mícheál Ó Ciaraidh as Tír Chonaill, Seán Reynolds as Corcaigh agus Simon Noble as Sasana baill an bhanna.

Ainmníodh Spats Colombo don ghradam ‘Banna Ceoil na Bliana’ ag Gradaim Cheoil Nós ag tús na bliana seo.

Dúirt Mícheál Ó Ciaraidh, a chas an fhidil le Spats Colombo ar feadh na dtrí bliana, gur “críoch nádúrtha” a tháinig leis an mbanna ceoil.

“Rinneamar an cinneadh cúpla seachtain ó shin, táimid uilig ag obair go lánaimseartha ar rudaí éagsúla, agus an samhradh seo bhí sé iontach gnóthach dúinn ar fad. Tá clann óg ar Simon agus neart eile ar bun ag daoine eile. Bheadh sé deacair dúinn am a fháil le cleachtadh agus, maidir liom féin, tá mé gafa leis an obair ag an bpointe seo.

“Nílimid ábalta ár ndícheall a dhéanamh leis an ngrúpa agus dá bhrí sin thángamar le chéile agus rinneamar an cinneadh,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Dúirt Ó Ciaraidh, a bhfuil aithne mhaith ag an bpobal air mar láithreoir ar chláir óige TG4 agus réalta Snapchat an stáisiúin Gaeilge, go bhfuil sé “róluath anois” a rá céard atá amach roimhe ó thaobh an cheoil de ach gur mhaith leis cinnte leanúint leis.

“Tá sé róluath a rá maidir liomsa, ach tá banna eile ag Simon agus Stephen, tá siad gnóthach leis sin. Tá mé ag iarraidh sos a thógáil ón gceol agus díriú isteach ar an obair anois. Tá mé ag déanamh neart taistil i láthair na huaire do thogra nua ar TG4 agus smaoineoidh mé ar cad é a dhéanfaidh mé sa bhliain úr,” a dúirt sé.

Ar na buaicphointí a bhí ag an mbanna ceoil ó thosaigh siad trí bliana go leith ó shin, áiríonn Ó Ciaraidh na gigeanna a chas siad ag Electric Picnic trí bliana as a chéile.

“An ceolchoirm ba mhó a thaitin liom ná an ceann a chasamar ag Body and Soul in 2014. Bhí atmaisféar ar dóigh ann agus thaitin sé go mór leis an slua agus leis an mbanna uilig. Ach bhain mé sult as an am go léir a bhíomar ar an mbóthar. Bhíomar flat out,” a dúirt sé.

Thug an tréimhse a chaith Ó Ciaraidh le Spats Colombo “spreagadh” dó i dtaobh na Gaeilge de, a dúirt sé, agus léirigh sé gur féidir “go leor rudaí a dhéanamh” leis an teanga.

Dúirt sé go bhfuil sé “brónach” go bhfuil an banna ag scaradh óna chéile ach gur “críoch nádúrtha” a tháinig leis agus go bhfanfaidh na baill i dteagmháil le chéile amach anseo.

Fág freagra ar 'Deireadh leis an mbanna ceoil Gaeilge ‘Spats Colombo’'