Deireadh leis an gcaint trí na fiacla i ré na mascanna

Tá an saol athraithe ag na mascanna, fiafraigh de do chluasa é!

Deireadh leis an gcaint trí na fiacla i ré na mascanna

Tá deireadh leis an gcogar, an chaint trí na fiacla agus an abairt faoi d’anáil ó thosaigh an masc aghaidhe ag teacht chun cinn.

Ní foláir na cluasa a bheith glanta amach go maith ós rud é go bhfuil a mbéal clúdaithe ag chuile dhuine a chasfar ort is ní féidir ach leath na cainte a thuiscint.

B’fhéidir gur fearr as muid, chomh fada is go gcloiseann muid an leath ceart.

Is ar na cluasa atá an t-ualach ag titim agus an masc á iompar acu chomh maith leis na spéaclaí, agus, go minic, péire cluasán sáite isteach iontu freisin.

Ní fada nó go mbeidh call againn le huachtar speisialta a thabharfaidh cosaint don smidín beag craicinn sin atá idir do chluais agus do chloigeann. An bhfuil ainm speisialta ar an smidín craicinn sin?

Mura bhfuil, is gearr go mbeidh mar gheall ar na haicídí a thiocfaidh ar an gcine daonna de bharr a bheith ag iompar dhá chloch meáchan thart ar a gcluasa chuile lá. Clais na gcluas, doirín na dúdóige b’fhéidir, nó ascaill na héisteachta.

B’fhéidir nach uachtar a bheadh ag teastáil ach diallait bheag chluaise a bhféadfaí chuile shórt eile a cheangail anuas aisti.

As seo amach, ní bheidh aon chall le smideadh ó chnámh an leicinn síos. Beidh borradh mór faoi mhaisiú na súl is na malaí.

Má tá tú ag iarraidh a bheith ‘istigh’ ar an bhfaisean i rith an tséasúir Fómhair/ Geimhridh 20/21, cuir dath beoga ar do mhalaí, cíor amach le sprae gruaige iad agus greamaigh ruainne bling bling os a gcionn.

An faisean is mó atá tagtha chun cinn ar ndóigh i mbliana ná an masc féin agus is iomaí treabh atá tagtha ar an saol.

Feicfidh tú An Leathchluasaí, agus an masc ag luascadh anonn is anall anuas ó chluais amháin aige. Tá An Smigeadóir ann freisin, a chaitheann an masc thíos ag clúdach na smige, cé nach bhfuil aon chruthúnas ann (go bhfios dom) go bhfuil an coróinvíreas in ann a theacht amach trí do smig.

Ná dearmad An Srónadóir, a cheanglaíonn an masc ar an dá chluais is a chlúdaíonn an béal go maith ach a fhágann an tsrón ina gobán tíre. Agus céard a déarfá leis Na Púicíní a chlúdaíonn, ní hamháin an béal agus an tsrón, ach na súile freisin?

“Mamaí, an bhfuil a fhios agat cén sórt maisc a bheadh go deas ortsa?” a d’fhiafraigh an Babaí díom.

“Níl a fhios,” a deir mé cé go raibh fios maith agam cén sórt masc a bhí i gceist aige agus go bhfaca mé an fear a bhí á chaitheamh ag siúl tharainn dhá shoicind roimhe sin agus masc mór buí air.

“Ceann de na ceanna sin le straois mhór bharrúil orthu,” a deir sé agus a thuairim maidir leis an ‘ngobán daor’ ab fhearr dom agus muid ag tabhairt aghaidh isteach ar shéasúr an Fhómhair/Gheimhridh 2020.

‘Ní cheapaim é, a mhaicín,’ a deir mé.

Fág freagra ar 'Deireadh leis an gcaint trí na fiacla i ré na mascanna'