Tá an lucht féachana Gaeilge a bhfuil dúil acu i gcúrsaí reatha ag feitheamh go mífhoighneach agus le frustrachas le blianta ar chlár cúrsaí reatha ó cheárta RTÉ. Is mó titim agus éirí a bhí roimh an saothar seo. Ar an Domhnach, agus gan mórán gleadhartha ná buaileam sciath á leanúint, seoladh an chéad ghála chugainn (Fóram, RTÉ1).
Sí Caoimhe Ní Laighin a bhí i mbun láithreoireachta agus aíonna éagsúla á gcur fé agallamh aici. An múnla iomlán céanna a bhí againn anseo is atá ag The Week in Politics, saothar a chraoltar uair an chloig go leith i ndiaidh an chinn seo ar an gcainéal céanna. Go deimhin bhíomar ar an gcúits gorm céanna sa stiúideo nuachta. Níor mhiste a lua chomh maith nach bhfuil ach níos lú ná leathuair an chloig sa saothar seo nuair is tarrac ar uair an chloig atá sa saothar Béarla.
N’fheadar an dtarlóidh sé riamh go mbeifear ag iarraidh an dá thrá a fhreastal agus go mbeidh an polaiteoir céanna ar an dá sheó?
Sa chéad leath den chlár bhí Thomas Byrne (FF) agus Barry Ward (FG) sa stiúideo agus Mairéad Farrell (SF) ag teacht beo ó stiúideo na Gaillimhe. Sa dara leath den chlár bhí na Teachtaí Dála Shane Moynihan (FF), Conor McGuinness (SF) agus Barry Heneghan (NS) bailithe isteach. Idir an dá linn bhí tuairisc bheag againn ó Dharragh Ó Caoimh faoi na dúshláin eacnamaíochta a bheidh le sárú ag an Rialtas. Bhí agallamh leis an ollamh emeritus Brian Ó Ceallaigh mar chuid den tuairisc.
Ceann de na dúshláin a bhíonn le sárú ag saothair cúrsaí reatha Gaeilge ná daoine éagsúla a mhealladh le bheith páirteach agus é sin a dhéanamh go leanúnach. Ar an drochuair tarlaíonn sé, de bharr riachtanais go minic, go dtagann daoine ar chlár nach bhfuil iomlán ar a gcompord ag díospóireacht as Gaeilge agus fágann sin blas mínádúrtha agus liobarnach ar cúrsaí. Lena chois sin taibhsítear dom uaireanta go mbímid róbhuíoch do pholaiteoirí as a bheith sásta cúpla focal a bheith acu linn, rud a fhágann, uaireanta, nach mbíonn an gearradh céanna sa chaint. Lena ceart a thabhairt do Chaoimhe Ní Laighin dhein sí a cúram go slachtmhar agus níorbh leasc léi corrcheist chrua a chaitheamh. É á chasadh aici le Mairéad Farrell míniú a thabhairt canathaobh ná fuair Sinn Féin mandáid ón bpobal.
Gan amhras ní mhaífeadh éinne gur príomh-am craolta é 10.30 maidin Dé Domhnaigh agus murab ionann agus The Week in Politics ní fhaca aon athchraoladh níos déanaí sa lá, agus ní fhaca ar sceideal chainéal nuachta RTÉ ach an oiread é. É craolta agus sáite amach an doras iata.
Má tá le héirí leis an gclár seo b’fhéidir go mba cheart go mbeadh níos mó bús ag RTÉ féin faoi?
An Sléibhteoir
Tá an méid is deacra den obair déanta ag RTÉ agus foireann láidir curtha le chéile srl. Amaideach nach bhfuil an rannóg mhargaíochta tar éis teacht isteach agus iarracht éigin a dhéanamh chun an scéal a scaipeadh.