Deireadh le traidisiún fada polaitíochta agus Mícheál Kitt ag éirí as

Tá an Teachta Dála Micheál Kitt ag éirí as an bpolaitíocht ach ag fanacht go fóill mar urlabhraí Gaeltachta ag Fianna Fáil

File Photo Galway East Fianna Fail TD Michael Kitt is to retire from politics at the next general election. 1428/11/2007. One World Week. Fianna Fail Minister for Overseas Development Michael Kitt T.D. opens the One World Week. The central action of this year's (OWW) is " The Writing's on the Wall" Wall of solidarity and marks a coming together of youth groups accross Ireland to express unity with youth in Ireland, Northern Ireland, Israel and the Occupied Palestinian Terrorities. The event was held in DanceHouse, Foley Street, Dublin today (28/11/2007). Photo: Sasko Lazarov/RollingNews.ie
Micheál Kitt Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Tiocfaidh deireadh le ceangal mhuintir Kitt as Oirthear na Gaillimhe leis an bpolaitíocht naisiúnta go luath de bharr an chinnidh atá fógartha ag an Teachta Micheál Kitt (FF) go bhfuil sé ag éirí as an bpolaitíocht roimh an gcéad olltoghchán eile.

Dheimhnigh an tUasal Kitt nach mbeadh sé ag dul san iomaíocht sa chéad olltoghchán eile ach thug sé le fios do Tuairisc.ie go leanfaidh sé air mar urlabhraí Gaeltachta Fhianna Fáil an fhaid is a bheadh ceannaire an pháirtí, Mícheál Ó Máirtín, sásta é a fhágáil i mbun an chúraim sin.

Tá traidisiún fada polaitíochta ag muintir Kitt a théann siar 70 bliain. Bhí a athair, Michael, sáinnithe sa pholaitíocht freisin agus toghadh eisean chun na Dála den chéad uair i 1945.

Toghadh Micheál Kitt féin chun na Dála i 1975 agus ghlac sé páirt in aon cheann déag d’olltoghcháin mar aon le fothoghchán amháin. Bhí an Teachta Kitt ina Aire Stáit i dtrí roinn agus is é Leas-Cheann Comhairle Dháil Éireann é i láthair na huaire.

Dúirt sé le Tuairisc.ie inniu nach raibh spéis ag éinne dá chlann leanúint leis an traidisiún polaitíochta agus dul chun cinn san olltoghchán. Tá poist ag gach duine dá cheathrar clainne, a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Deireadh le traidisiún fada polaitíochta agus Mícheál Kitt ag éirí as'