Deireadh le rúndacht faoi mhaoiniú na bpolaiteoirí…má tá

Cuirfidh an reachtaíocht chun ainmneacha na ndeontóirí do pháirtithe polaitíochta i dTuaisceart Éireann a fhoilsiú deireadh le rúndacht faoi mhaoiniú a ceadaíodh i ngeall ar chúinsí slándála de bharr na dTrioblóidí. Ach céard is fiú é mura ndéanfar deimhin de gur trédhearcacht a thoradh?

Deireadh le rúndacht faoi mhaoiniú na bpolaiteoirí…má tá

Dé Luain seo caite d’fhógair Státrúnaí Thuaisceart Éireann go rithfí reachtaíocht gan mhoill chun ainmneacha na ndeontóirí do pháirtithe polaitíochta i dTuaisceart Éireann a fhoilsiú.

Cuirfidh an t-athrú deireadh le rúndacht faoi mhaoiniú a ceadaíodh abhus i ngeall ar chúinsí slándála de bharr na dTrioblóidí. Más mall is mithid dar le daoine a bhí ag éileamh oscailteachta le fada. Breis agus fiche bliain i ndiaidh na coinbhleachta, tá sé thar am trédhearcacht a sholáthar faoi mhaoiniú na polaitíochta. Ba é Tuaisceart Éireann an t-aon réigiún sa Ríocht Aontaithe inarbh fhéidir ainmneacha deontóirí a thug airgead mór do pháirtithe a cheilt, go dlíthiúil.

Ach cé chomh trédhearcach is a bheidh an córas atá geallta ag an Státrúnaí Brokenshire? Is cosúil nár shásaigh a phlean dream ar bith ach amháin, sea, thomhais tú é, an DUP. Díol suntais é nach mbainfidh an oscailteacht ach le síntiúis a bronnadh ón mhí seo ar aghaidh. Ritheadh reachtaíocht in 2013 a cheadódh an t-eolas a fhoilsiú ó 2014 i leith sa chás go gcinnfeadh an Státrúnaí nach raibh gá le rúndacht feasta ar bhonn slándála.

Dá réir ní raibh gá ar bith leis an reacht nua atá geallta ag Brokenshire. Níor mhínigh sé cén t-údar a bhí lena chinneadh ach tá a fhios againn gur iarr an DUP gur ón tráth seo ar aghaidh a bheadh feidhm leis an dlí. Tá litir ó cheannaire an DUP, Arlene Foster, foilsithe. Tráthúil go leor cinntíonn sé sin nach bhfoilseofar mionsonraí faoin £425,000 a fuair an DUP ó eagraíocht mhistéireach darbh ainm an Constitutional Research Council le haghaidh an reifrinn faoi Bhreatimeacht. Tá ceisteanna faoin deontas sin líonmhar agus amhras go forleathan faoi.

D’fháiltigh Coimisiún na dToghchán roimh an gcinneadh deireadh a chur leis an rúndacht. Dúirt siad freisin gur mhaith leo go ndéanfadh an Státrúnaí beart, a luaithe agus ab fhéidir, chun cead a thabhairt dóibh an t-eolas ar fad faoi dheontais agus iasachtaí ó Eanáir 2014 a fhoilsiú. Níor chuir iarcheannaire an Choimisiúin fiacail ann nuair a cheistigh sé cinneadh an Státrúnaí. Dúirt Seamus Magee, a d’éirigh as in 2014, i tvuít go gcaithfeadh sé gur chuid den mhargadh idir na Tóraithe agus an DUP é an cinneadh nach mbainfeadh an scéim ach le deontais as seo amach. Thuig gach páirtí sa tuaisceart, dar le Magee, go mbeadh aon deontas os cionn £7,500 ó 2014 le foilsiú cibé uair a ghlacfaí leis nach raibh aon bhaol slándála ann níos mó.

D’éiligh an DUP sa Pharlaimint i Westminster go gcuirfí san áireamh sa reachtaíocht maoin a fhaigheann páirtithe ó thuaidh ón bPoblacht agus is cinnte go bhfaigheann Sinn Féin maoin mhór ó fhoinsí taobh amuigh de Thuaisceart Éireann. Tá an t-eolas faoina ndeontóirí foilsithe, go deonach ag páirtí an Alliance agus ag Comhaontas Glas le trí bliana anuas. Foilseoidh Coimisiún na dToghchán cuntais na bliana seo, ó Iúil go Deireadh Fómhair, i mí na Samhna. Beidh deireadh go hoifigiúil ansin le rúndacht ré na dTrioblóidí fiú más céim easnamhach í.

Anuas ar na ceisteanna faoi cheangal na gcúig gcaol a bheith ag an DUP ar James Brokenshire agus rialtas Theresa May, tá míshuaimhneas freisin faoin íosteora £7,500 atá leis an síntiús a fhógairt. Sin í an tsuim is lú a chaitheann páirtithe sa Bhreatain a admháil. Is mór an difear áfach idir theacht isteach na bpáirtithe thall agus abhus. Bheadh an bhearna an-mhór fiú mura mbeadh i gceist ach an daonra.

Tuairiscíodh go raibh os cionn £50 milliún d’ioncam ag Páirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain de réir na gcuntas do 2015 agus £42 milliún ag an Caomhaigh. Is iad Sinn Fein agus an DUP an dá pháirtí is saibhre, milliún sterling d’ioncam a bhí ag Sinn Féin agus leathmhilliún ag an DUP in 2015. I bhfianaise na ndifríochtaí sin táthar buartha go bhfuil £7,500, sular gá an síntiús a fhógairt, ró-ard i gcomhthéacs an tuaiscirt. Cothaíonn sé sin imní go mbeidh eolas á cheilt agus an baol ann go spreagfaí éilliú agus caimiléireacht. Measann formhór na bpáirtithe abhus go mbeadh íosteora £500 níos ciallmhaire i dTuaisceart Éireann.

Céim thábhachtach is ea deireadh a chur leis an rúndacht go hoifigiúil. Ach céard is fiú é mura ndéanfar deimhin de gur trédhearcacht a thoradh? Tá am fós ag Brokenshire chun an dá locht mhóra ar a scéim a cheartú. Ba chóir an dáta ar nochtadh na sonraí a chur siar go dtí Eanáir 2014 agus ba cheart an tsuim is lú a ísliú ó £7,500 go £500 nó £1,000. Bheadh an córas sin iontaofa- céim bheag bhídeach i dtreo na gnáthpholaitíochta.

Fág freagra ar 'Deireadh le rúndacht faoi mhaoiniú na bpolaiteoirí…má tá'