Caithfear tosnú le Ros Comáin. Táid i mbarra Roinn 1 na sraithe tar éis trí chluiche agus cé gurb iad, a bheag nó a mhór, an bhuíon chéanna a chaill a mbrí is a misneach in aghaidh chontae an Chláir i bPáirc a’ Chrócaigh sa chraobh anuraidh, níl aon amhras ná go bhfuil cló nua buailte ag a mbainisteoir óg, Davy Burke agus a leathbhádóir, Mark McHugh orthu.
Pé suas is anuas a bhí idir Roinn 2 agus Roinn 1 le blianta beaga anuas acu, ba cheart go mbeidís slán i Roinn 1 anois agus, níos tábhachtaí ná san, saor chun feachtas maith craoibhe a thógaint ar mháithreacha na sraithe. Ní mór dóibh saoirse sin an charghais a úsáid i gceart mar ní túisce an feachtas sraithe críochnaithe acu agus beidh orthu cuairt a thabhairt ar Pháirc Mhic Éil i gCaisleán an Bharraigh Domhnach Cásca i gcluiche ceathrú ceannais na craoibhe i gConnachta.
Pé giodam nó teaspach a bheidh orthu tar éis trí bhabhta sraithe, tá sé bunaithe ar mhórán oibre a bheith déanta i gcaitheamh an gheimhridh acu. Beidh siad ag súil go mbeidh an bua arís acu in aghaidh Mhuineacháin an deireadh seachtaine seo chugainn, ach tiocfaidh an lá, agus ní fada uainn é, go mbeidh na foirne eile ar comhchéim leo. Ansan a bheidh na dintiúirí á dtástáil i gceart acu.
Deireadh le ré na soineantachta i gCorcaigh
Tá deireadh le ré na soineantachta i gCorcaigh. Is mó ceacht a bhí le foghlaim Cois Laoi Dé Domhnaigh don té a bheadh ag féachaint go géar ar an gcluiche idir Corcaigh agus Áth Cliath.
Tá comharthaí ann, ainneoin a dtreascartha, go bhfuil na míreanna á gcur i bhfearas ag Corcaigh chun bonn daingean tathagach a chur fúthu féin do thosach an tsamhraidh. Ní dócha go mbainfidh siad Roinn 1 amach i mbliana ach má leanann siad orthu leis an gcaid dhearfach a facthas i bPáirc Uí Chaoimh ó leithéidí Maurice Shanley, Luke Fahy, Eoghan McSweeney agus Chris Óg Jones, níl aon bhaol ná go mbeidh siad cruaite agus críonnaithe chun craoibhe. Is dóigh liom go n-aithníonn lucht leanúna na peile i gCorcaigh chomh maith go bhfuilid ar a gcroí díchill agus iad ag iarraidh teacht ar mhúnla éigin chun na comharsain thar teora siar a chloí uair éigin.
Is deacair do chuid againn a chreidiúint ná fuil ach beagán le cois dhá bhliain ann ó d’fhág cúl Mharc Uí Chatháin ar phlaic a dtóna Ciarraí ach tá cúrsa ana-dhifriúil tógtha ag an dá thaobh ó shin.
Sa choicíos amach romhainn, beidh deis ag Corcaigh marc a leagan síos in aghaidh an dá chontae, An Clár agus Luimneach, a sheasann idir féin agus Ciarraí i dtús na Bealtaine. Deis mhaith foghlama más mar sin a fhéachann siad air.
Easpa clóchais Chiarraí
N’fheadar cén dearcadh a bheadh ag Ciarraí maidir lena dtaispeántas in aghaidh Mhaigh Eo Dé Sathairn seo ach ní bheinn ag déanamh beag is fiú den easpa clóchais a bhí iontu i gCaisleán an Bharraigh. Ar chúiseanna éagsúla, bhí tuairim mhaith ná beadh Ciarraí luite amach orthu féin i gceart sa bhfeachtas sraithe seo ach deinim amach go mbeidh ana-dhíomá orthu leis an dá bháide a ghéilleadar Dé Sathairn.
Is é seo an chéad uair le linn a thríú réimeas mar bhainisteoir ag Jack O’Connor go bhfuil dhá bháide géillte ag Ciarraí agus má leanann an neafaiseacht (ceithre bhabhta dhéag a ghéilleadar seilbh na caide sa chéad leath amháin), is gearr go mbeidh dearmad déanta ar chníopaireacht na bliana seo caite i mbéal an chúil. Bronnadh gradam réaltóg ar Thadhg Morley anuraidh as an ról a d’imir sé do Chiarraí sna cúil ach bhí mion-éachtaintí á fháil i gcaitheamh na bliana seo caite againn, leis, gur ealaín í ceird na scuaibe a chaithfear a fhoghlaim agus a athfhoghlaim ó chluiche go cluiche. Is dóigh liom go bhfuil léite le tamall ag foirne áirithe ar ghluaiseachtaí agus ar rithim Morley agus b’fhéidir go bhfuil an lá ag teacht go gcaithfidh Ciarraí seift éigin eile a tharrac chucu féin.
Tá ceithre chluiche sraithe fágtha acu chun a bheith ag obair ar na seifteanna sin, ag tosnú le cluiche tábhachtach in aghaidh Ard Mhacha tráthnóna Dé Sathairn.
Dul chun cinn déanta maidir le cúrsaí smachta
Cuireann sé iontas orm, leis an ndul chun cinn go léir a deineadh maidir le cúrsaí smachta ag Comhdháil Bhliantúil CLG an deireadh seachtaine seo caite, ná fuil aon chaint á déanamh faoin síorchur i gcéill atá ar bun anois nuair a fhaigheann imreoir buille, bíodh sé trom nó a mhalairt.
Bhíodh sé le maíomh ag lucht an traidisiúin i gcónaí nach tréith í seo a bhain leis na cluichí dúchasacha ach tá oiread titim is ag éirí anois ag imreoirí caide, go háirithe, nach féidir linn a bheith ag caitheamh anuas ar lucht an tsacair a thuilleadh.
Glacaim leis go gcaithfear a bheith cáiréiseach agus freagrach i gcónaí nuair a fhaigheann imreoir buille sa cheann ach tá oiread geáitsíochta ar bun sa lá atá inniu ann gur dheacair d’aon réiteoir nó aon mhaor eile a dhéanamh amach an bhfuil an té atá sínte gortaithe nó ag iarraidh an dubh a chur ina gheal ar na maoir.
I dtosach na haicíde is fusa é a leigheas agus, caithfear dul i ngleic leis an ealaín luath nó mall.
jpmorley0@gmail.com
Aontaím. Galamaisíocht agus mímhacántacht ó thalamh é seo ‘an titim gan éirí’ a chuireann casadh aigne ar a lán againn. ‘Dhóigh leat go raibh leath-mharú fachta ag an bhfear ‘a síneadh’ agus gan ach sonc beag tugtha dó go minic. Cuir é sin i gcomórtas leis na buillí béimneacha atá coitianta sa rugar. ‘Cheart cárta buí a nochtadh don sórt sin alfraitsíochta sa pheil. Nó, neachtar acu, ‘an t-aisteoir’ a sheoladh sall go Bollywood mar a mbeadh gealadh faoi. Cluiche breá ab ea an pheil tráth dá raibh ach níl ach lupadaíl lapadáil anois inti …agus bréagadóireacht.