Deireadh le haistear Cheatharlach agus deis ag Ard Mhacha díoltas a bhaint amach

Imreofar dhá chluiche i mBabhta 3B de na cluichí cáilithe tráthnóna agus Ceatharlach ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Mhuineachán agus Ard Mhacha ag tabhairt aghaidh ar Thiobraid Árann

Deireadh le haistear Cheatharlach agus deis ag Ard Mhacha díoltas a bhaint amach

Imreoirí Cheatharlach. Pictiúr: INPHO/Gerry McManus

Ceatharlach v Muineachán, Páirc Uí Chuilinn, 7.00i.n. (Beo ar Sky Sports)

Agus iad ar a n-aistear le peileadóirí an chontae sa chraobh, is é an t-aon rud a chuirfeadh as do lucht tacaíochta Cheatharlach ná gur dóigh go bhfuil rudaí níos crua ar a bpóca i mbliana ná mar a bhíonn sé go hiondúil i rith an tsamhraidh. Is fada an lá ó d’imir Ceatharlach cúig chluiche craoibhe in aon samhradh amháin, 1944 mar a tharlaíonn sé, ach is cinnte go mbeidh a lucht tacaíochta sásta cúpla euro eile a chaitheamh ar thicéid agus ar pheitreal as seo go ceann scríbe.

Tá an chosúlacht ann, áfach, go dtiocfaidh deireadh le feachtas Cheatharlach anocht agus iad ag tabhairt aghaidh ar Mhuineachán. Bhí an t-ádh ar fhoireann Turlough O’Brien go dtí seo sa chraobh agus trí fhoireann ó Roinn 4 den tsraith, Loch Garman, Londain agus Liatroim, imeartha acu, chomh maith le Baile Átha Cliath.

Beidh rudaí níos deacra orthu anocht agus iad ag tabhairt aghaidh ar fhoireann a measadh, ag tús na craoibhe ar a laghad, a bheith ar cheann de na cinn is láidre sa tír. Cúis díomá do Mhuineachán nach mbeidh siad ag glacadh páirt i gcluiche ceannais Uladh an lae amárach ach tháinig siad ar ais ón gcluiche a chaill siad in aghaidh an Dúin chun Loch Garman a bhualadh go héasca an tseachtain seo caite.

Cé go ndearna Ceatharlach go maith go dtí seo sa chraobh, fiú sa chluiche a chaill siad in aghaidh Bhaile Átha Cliath, déarfá gur mó cumas agus taithí atá ag Muineachán.

Rogha Tuairisc.ie: Muineachán

Imreoir Ard Mhacha, Aaron McKay agus Michael Quinlivan Thiobraid Árann. Pictiúr: INPHO/Presseye/Philip Magowan

Tiobraid Árann v Ard Mhacha, Staid Semple, 5.00i.n. (Beo ar Sky Sports)

Is deis é an cluiche seo ag Ard Mhacha díoltas a bhaint amach. Chas na foirne seo ar a chéile in Ard Mhacha níos luaithe i mbliana sa bhabhta deireanach i Roinn 3 na sraithe agus deis ag an bpéire acu ardú céime a bhaint amach. Agus an t-am caite, bhí Ard Mhacha chun cinn ach bhuail Michael Quinlivan buille na cinniúna  orthu chun an bua a thabhairt do Thiobraid Árann. Inniu, rachaidh Ard Mhacha ó dheas go dtí Staid Semple agus fonn díoltais orthu.

Cé nár éirigh leo an dul chun cinn a raibh súilag Kieran McGeeney leis a dhéanamh i gCraobh Uladh, tá leas bainte ag Ard Mhacha as an gcúldoras agus Fear Manach agus an Iarmhí sáraithe acu go dtí seo. Bua deacair a bhí sa cheann in aghaidh na hIarmhí, go háirithe, agus bhí na hUltaigh chun deiridh agus gan ach nóiméad amháin fágtha.

Bhí ar Thiobraid Árann teacht aniar maith a dhéanamh Dé Sathairn seo caite chomh maith agus an Cabhán sé phointe chun cinn orthu ag leath ama. Is iad imreoirí Liam Kearns a bhí ag ceiliúradh ag deireadh an chluiche i bPáirc Breffni, áfach. Ba iad cúil Conor Sweeney agus Robbie Kiely a rinne an beart do na Tiobraidaigh.

Tá cuid mhór sa chluiche seo ag brath ar Michael Quinlivan. Gortaíodh an tosach in aghaidh Chorcaí ach tháinig sé isteach mar ionadaí in aghaidh an Chabháin an tseachtain seo caite. Níl sé ainmnithe ar an bhfoireann a thosóidh cluiche an lae inniu, ach ní hin le rá nach mbeidh sé ar an bpáirc. Má éiríonn leis dul i bhfeidhm ar an imirt, d’fhéadfadh Quinlivan an diabhal a dhéanamh ar Ard Mhacha an athuair.

Rogha Tuairisc.ie: Tiobraid Árann

Fág freagra ar 'Deireadh le haistear Cheatharlach agus deis ag Ard Mhacha díoltas a bhaint amach'