Deireadh le haighneas faoi chomhlacht Gaeltachta agus é tagtha slán as tréimhse scrúdaitheoireachta

Tugadh 100 lá do scrúdaitheoirí plean tarrthála gnó a ullmhú do Eirecomposites Teoranta in Indreabhán, ach thángthas ar réiteach lasmuigh den phróiseas sin

Deireadh le haighneas faoi chomhlacht Gaeltachta agus é tagtha slán as tréimhse scrúdaitheoireachta

Tá an comhlacht Gaeltachta Eirecomposites Teoranta, atá lonnaithe in Indreabhán i gConamara, tagtha as tréimhse scrúdaitheoireachta.

Tuairiscíodh i mí Aibreáin go raibh 100 lá tugtha do na scrúdaitheoirí chun plean tarrthála gnó a ullmhú mar gheall ar an tsáinn airgeadais ina raibh an comhlacht Gaeltachta.

Tá Eirecomposites anois tagtha slán ón tsáinn sin tar éis d’infheisteoirí an chomhlachta an t-aighneas a bhí eatarthu a réiteach agus athmhaoiniú a dhéanamh ar an gcomhlacht.

Bhain an tsáinn sin le cás cúirte a thug Romain Zaleski, duine de na fir ghnó is saibhre sa Fhrainc, ina n-aghaidh. Mar gheall ar an gcás cúirte sin, a bhain le conradh iasachta €2 milliún, bhí amhras ann faoina raibh i ndán don chomhlacht a dhéanann earraí don earnáil aeraspáis.

In 2014 chuir fochomhlacht de chuid Carlo Tassara, cuideachta sealbhaíochta a láimhseálann sócmhainní Romain Zaleski, tús le próiseas dlí i gcoinne Eirecomposites. Cuireadh i leith an chomhlachta Gaeltachta gur caitheadh le hinfheistíocht Carlo Tassara mar scaireanna seachas mar iasacht.

Dúirt an Breitheamh Caroline Costello san Ard-Chúirt níos túisce i mbliana go raibh fianaise tugtha ag EireComposites ar “léir” í a bheith “míchruinn” agus dúirt sí nach iarracht “bona fide”a bhí san iarracht a rinne an fear gnó Tomás Flanagan an comhlacht a cheannach.

Ba iad Baker Tilley Hughes Blake a ceapadh mar scrúdaitheoirí ar EireComposites agus chuir siad plean tarrthála faoi bhráid na cúirte an mhí seo caite. Thug Carlo Tassara agus Flanagan le fios don chúirt, áfach, go rabhthas tagtha ar réiteach maidir leis an aighneas agus go ndéanfaí athmhaoiniú ar an gcomhlacht neamhspleách ar an bpróiseas scúdaitheoireachta.

Fágann an socrú is déanaí nach gá díluacháil a dhéanamh ar fhiacha EireComposites. De réir ordú cúirte fanfaidh Flanagan ina stiúrthóir bainistíochta ar an gcomhlacht agus cuirfear Claude Le Monnier ó Carlo Tassara ar ais mar stiúrthóir. Ghlac an dá dhream leis go n-íocfaí airgead atá ag dul do na Coimisinéirí Cánach ó EireComposites agus an fochomhlacht CTL Tástáil.

De réir an ordaithe, ní foláir d’EireComposites na Coimisinéirí Cánach agus Údarás na Gaeltachta a chur ar an eolas roimh ré sa chás go mbeadh sé i gceist acu aon cheann den dá chomhlacht a scor.

De réir tuairisce sa Times bhí caillteanais €7.2 milliún ag EireComposites ag deireadh mhí an Mheithimh 2016.

Tá os cionn 50 duine fostaithe ag Eirecomposites agus i measc na gcliant atá ag an gcomhlacht, a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, tá Airbus, Bombardier agus Gníomhaireacht Spáis na hEorpa.

Bhí an comhlacht Gaeltachta ar cheann de cheithre chomhlacht in earnáil aeraspáis na tíre seo ar bhronn an Coimisiún Eorpach deontas orthu ag deireadh na bliana seo caite. €5 milliún san iomlán a bronnadh ar an gceithre chomhlacht. Bhain an comhlacht cáil amach thar na blianta chomh maith de bharr a gcuid táirgí a bheith á n-úsáid ag carranna Formula One agus ag an roicéad Ariane.

Fág freagra ar 'Deireadh le haighneas faoi chomhlacht Gaeltachta agus é tagtha slán as tréimhse scrúdaitheoireachta'