Deireadh le craoltóirí RnaG ar nuacht Ghaeilge 2fm

Ní chuirfear dualgas Béarla ar fhoireann RTÉ Raidió na Gaeltachta mar chuid de sheirbhís nuachta dhátheangach RTÉ 2fm, a deir Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ

Raidio na Gaeltachta

Ní bheidh baill foirne nuachta RTÉ Raidió na Gaeltachta le cloisteáil ar RTÉ 2fm feasta faoi phlean nua Gaeilge RTÉ a fógraíodh an tseachtain seo. Dheimhnigh Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, an méid seo do Tuairisc.ie inné, ach dúirt sé go gcloisfear i gcónaí na craoltóirí Gaeltachta ar sheirbhís RTÉ Radio One.

“Tá sé leagtha amach go soiléir i bPolasaí Gaeilge RTÉ nach gcuirfear dualgas Béarla ar fhoireann RTÉ Raidió na Gaeltachta,” a dúirt sé.

Tá sé i gceist go mbeidh nuacht “dhátheangach” á craoladh ar RTÉ 2fm cúig huaire in aghaidh an lae le linn na bpríomhuaireanta éisteachta. Ach dheimhnigh sé gurb iad an rannóg Nuachta agus Cúrsaí Reatha in RTÉ a bheidh freagrach feasta as an nuacht i nGaeilge a sholáthar do RTÉ 2fm. Dúirt sé freisin nach mbeadh an cur chuige ‘dátheangach’ seo in úsáid ar sheirbhísí eile ar nós Raidió na Gaeltachta nó ar RTÉ Radio One nó teilifís RTÉ.

Maidir leis an tseirbhís dhátheangach nuachta ar RTÉ 2fm, dúirt Rónán Mac Con Iomaire le Tuairisc.ie inné go raibh siad ag obair “ar thaighde agus ar thrialacha i láthair na huaire” leis an gcur chuige is fearr a aimsiú.

Mar fhreagra ar cheist faoi cé chomh coitianta is atá an múnla nuachta dátheangach i dtíortha eile ar fud an domhain, dúirt Mac Con Iomaire go raibh a leithéid ag tarlú “sa Bhreatain Bheag, i bPoblacht na Seice, san Aifric Theas, sa Chamarún agus san Úisbéiceastáin i measc tíortha eile”. Ní léir, dar leis, “go bhfuil aontú maidir leis an gcleachtas nó an cur chuige is fearr.”

Bhí míshástacht ann faoin nuacht Ghaeilge ar RTÉ Radio One i mí Aibreáin na bliana seo nuair a dúirt an láithreoir Ray D’Arcy go gcuireann an briseadh don nuacht Ghaeilge ar an stáisiún isteach ar ‘rithim’ a chláir, The Ray D’Arcy Show.

Tarraingíodh aird freisin ar chomhrá idir Marion Ní Shúilleabháin, iriseoir le RnaG agus léitheoir nuachta Gaeilge ar RTÉ 2fm, agus Nicky Byrne, láithreoir de chuid 2fm anuraidh nuair a theip ar Byrne é féin a chur in iúl do Ní Shúilleabháin. “Níl barúil na ngrást agam céard ‘tá tú a rá, a Nicky Byrne!” an freagra a thug Ní Shúilleabháin ar chraoltóir 2fm a thriail í a cheistiú faoina rogha cáca milis.

Maidir leis an méid atá sa Phlean Gaeilge ag RTÉ go mbeadh “ábhar á roinnt” idir RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Raidió na Life, dheimhnigh an Grúpcheannasaí Gaeilge go mbainfeadh an chomhpháirtíocht sin le babhtáil sraitheanna cláracha, go príomha sraitheanna neamhspleácha atá coimisiúnaithe ag an dá sheirbhís tríd an scéim ‘Fuaim agus Fís’, atá á riaradh ag Údarás Craolacháin na hÉireann.

Níos luaithe i mbliana, bhí aighneas ann nuair a thóg foireann nuachta Raidió na Gaeltachta seasamh in aghaidh moladh lucht bainistíochta go gcuirfí cinnlínte nuachta ar fáil do léitheoirí nuachta Raidió na Life. Ní dheachthas chun cinn leis an bplean.

Fág freagra ar 'Deireadh le craoltóirí RnaG ar nuacht Ghaeilge 2fm'