Deireadh le cluichí cáilithe an Pro 14 agus Cúige Chonnacht ag fágáil slán le Muldoon

Tá babhta 21 sa Pro 14 sroichte againn agus áit sna babhtaí ceathrú ceannais agus leathcheannais ar fáil do na foirne a bheas sa gcéad trí áit i ngrúpaí A agus B

Deireadh le cluichí cáilithe an Pro 14 agus Cúige Chonnacht ag fágáil slán le Muldoon

Seo linn é, Babhta 21, an babhta deiridh de na cluichí cáilithe sa bPro 14.  Áit sna babhtaí ceathrú ceannais agus leathcheannais ar fáil do na foirne a bheas sa gcéad trí áit i ngrúpaí A agus B. Chomh maith leis sin beidh áit freisin i gcomórtas Chorn na gCuradh ag an gcéad trí fhoireann Eorpacha is airde ar thábla ghrúpaí A agus B. Mar eolas daoibh, ní féidir le ceachtar den dá fhoireann ón Afraic Theas atá ag imirt sa bPro 14 imirt i gCorn na gCuradh faoi láthair. 

Mar a sheasann cúrsaí agus an 21ú cluiche fós le n-imirt tá Glaschú (75 pointe) cinnte dá n-áit ar bharr ghrúpa A. Tá na Muimhnigh (67 pointe) sa dara háit faoi láthair níos mó ná cúig phointe taobh thiar díobh, rud a chiallaíonn go mbeidh Glaschú ag imirt sa mbaile sna babhtaí leathcheannais den chomórtas seo. 

I ngrúpa B is iad na Laighnigh (70 pointe) atá ar bharr an tábla faoi láthair, iad cúig phointe chun cinn ar na Scarlets. Mar sin féin, fiú dá mbeadh an bua le pointe bónais ag na Scarlets ar na Dragons an Satharn seo – agus tá seans maith go mbeidh – agus dá mbeadh na Connachtaigh in ann an lámh in uachtar a fháil ar Chúige Laighean, is iad fir Átha Cliath a bheas ag imirt sna cluichí leathcheannais. An difear scórála ollmhór is cúis leis sin: +264 pointe atá acu faoi láthair i gcomparáid leis an +138 atá ag na Scarlets. 

Ach céard faoin gcluiche sin idir Cúige Chonnacht agus Cúige Laighean ar an mBóthar Beag? Níl seans na ngrást ag na Connachtaigh (34 pointe) áit a bheadh fiú gar do bharr thábla ghrúpa A a bhaint amach. Níl áit sna cluichí ceathrú ceannais i ndán dóibh agus seo é cluiche deiridh an tséasúir acu, críoch faoi dheireadh le ceann de na séasúir is measa a bhí acu le fada an lá. Bí ag súil mar sin féin go mbeidh an staid lán go doras do chluiche deiridh John Muldoon, laoch an iarthair, imreoir a thug a raibh ann, idir chorp agus anam, don chúige. Is cinnte go mbeidh luchta leanta Chonnacht glórach agus é ag fágáil slán leo. Mar sin féin seans maith gur leis na Laighnigh a bheas an lá, cé nach gcuirfinn as an áireamh go mbeadh an bua gan choinne uair amháin eile ag foireann John Muldoon. 

Scéal eile ar fad a bheas againn ar Pháirc Thuamhan, áit a gcuirfidh na Muimhnigh (67 pointe) fáilte roimh na hUltaigh (60 pointe agus sa cheathrú háit i ngrúpa B) foireann atá fós ar thóir an tríú háit. Caithfidh na cuairteoirí bua le pointe bónais a fháil agus ag an am céanna a bheith ag súil nach mbeidh ar chumas Dhún Éideann (64 pointe agus sa 3ú háit) oiread agus pointe amháin fiú a fháil agus iadsan i gcoinne Ghlaschú. Seans go bhfuil an iomarca “b’fhéidearthachtaí” ansin, beidh sé an-deacair ag na hUltaigh. Seans maith gur sa seachtú háit sa bPro 14 a bheas siad agus beidh orthu imirt sa gcamchuairt sin idir foirne ón bPro 14, an Premiership agus an Top 14 agus iad ar thóir áit i gCorn na gCuradh an tséasúir seo chugainn.  Ní dóigh liom go bhfuil sé i ndán dóibh é sin a bhaint amach tríd an Pro 14. 

Fág freagra ar 'Deireadh le cluichí cáilithe an Pro 14 agus Cúige Chonnacht ag fágáil slán le Muldoon'