Deireadh curtha leis an bhfoláireamh Ná hÓl i ndeisceart Chonamara

Bhí an foláireamh i bhfeidhm ar feadh breis is mí agus cé gur féidir le formhór an phobail an t-uisce a úsáid mar is gnáth arís, tá fógra uisce a fhiuchadh curtha i bhfeidhm i gceantar Ros an Mhíl

Deireadh curtha leis an bhfoláireamh Ná hÓl i ndeisceart Chonamara

Tá deireadh curtha ag Uisce Éireann leis an bhfoláireamh Ná hÓl a bhí i bhfeidhm i gceantar Chois Fharraige i gConamara.

D’fhág leibhéal ró-ard mangainéise san uisce i gcóras an Spidéil go raibh beagnach 6,000 duine i ndeisceart Chonamara fágtha gan uisce sábháilte le breis is mí ach tá sé fógartha ag Uisce Éireann anois gur féidir an t-uisce a ól.

Dúradh go bhfuil an obair ar an gcóras curtha i gcrích agus go léirítear go bhfuil torthaí sásúla faighte ar thástálacha ar an uisce.

“Is mian le hUisce Éireann agus le Comhairle Chontae na Gaillimhe a chur in iúl do thomhaltóirí, tar éis oibreacha leasúcháin ar an soláthar seo a bheith críochnaithe agus torthaí sásúla monatóireachta a fháil, go bhfuil deireadh láithreach bonn leis an bhfoláireamh Ná hÓl a bhí i bhfeidhm ar scéim soláthar uisce An Spidéil. Rinneadh an cinneadh seo tar éis dul i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte,” a deirtear i ráiteas Uisce Éireann.

Tá fógra curtha i bhfeidhm i gceantar Ros an Mhíl an t-uisce a fhiuchadh i gcónaí agus tá obair fós ar bun leis na fadhbanna a bhaineann leis an gcuid sin den scéim a réiteach. Dúirt Uisce Éireann nach mbaineann an fógra sin ach le thart ar 250 custaiméir sa gceantar a fhaigheann a gcuid uisce ó thaiscumar Ros an Mhíl.

An fáth a thug Uisce Éireann go gcaithfear an t-uisce i gceantar Ros an Mhíl a fhiuchadh ná go bhfuil leibhéal  íseal clóirín san uisce ansin agus go bhfuil an baictéar drólannach [coliform] san uisce. Dúradh go bhfuil saineolaithe Uisce Éireann agus Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag obair leo ag iarraidh an scéal a réiteach “chomh luath agus is féidir”.

Is féidir le gach duine eile a úsáideann an t-uisce ar scéim soláthair an Spidéil tosú ag úsáid an uisce mar ba ghnáth – é a ól, bia a ullmhú agus fiacla a scuabadh.

Eisíodh an foláireamh do chóras an Spidéil ar an 16 Meán Fómhair agus tá na mílte duine ó cheantar na bhForbacha siar chomh fada le Ros an Mhíl buailte ag an bhfadhb ó shin

Ghabh Uisce Éireann agus Comhairle Chontae na Gaillimhe leithscéal leo siúd a bhí buailte ag an bhfadhb agus gabhadh buíochas leis an bpobal as a bheith “foighneach, comhoibritheach agus cabhrach” le linn tréimhse an fholáirimh Ná hÓl.

Tá Ionad Teagmhála Uisce Éireann do Chustaiméirí (1800 278 278) ar fáil chun ceisteanna ó chustaiméirí a fhreagairt maidir le deireadh a chur leis an bhfoláireamh seo. Tá a thuilleadh eolais ar fáil ar a suíomh gréasáin.

Dúradh go leanfaidh Uisce Éireann ag obair le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar mhaithe le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas rialaithe atá ag dul ar aghaidh go fóill agus ar an monatóireacht agus an tástáil a dhéantar ar an soláthar uisce óil.

Thug an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) le fios an tseachtain seo caite gur léirigh 17 de thástálacha ar chóras uisce poiblí i gConamara go raibh an leibhéal mangainéise ann ró-ard.

Léirigh an tástáil a rinneadh ar an gcóras ar an 15 Meán Fómhair, an lá sular eisíodh an foláireamh Ná hÓl, go raibh an leibhéal mangainéise 23 uair níos airde ná mar ba cheart dó a bheith.

Fág freagra ar 'Deireadh curtha leis an bhfoláireamh Ná hÓl i ndeisceart Chonamara'

  • Colm

    Thar am! agus Hurrá!