Deireadh an tsamhraidh deireadh na saoirse

Sílim gur ag na gasúir atá an ceart. Ba cheart súp a bhaint as an tseachtain dheireanach den samhradh amhail is nach mbeadh deireadh léi go deo

Deireadh an tsamhraidh deireadh na saoirse

Pictiúr: RollingNews.ie

Tá an cumha buailte orm anois agus an samhradh ag teacht chun deiridh. ‘An bhfuil sibh réitithe le haghaidh na scoile fós?’ a fhiafraíonn chuile dhuine a chastar orainn ar an mbóthar dínn le trí lá anuas. ‘An bhfuil muid réitithe?’ a fhiafraím díom féin go drogallach. Níl, ná baol orainn.

Is í an tseachtain dheireanach de laethanta saoire an tsamhraidh an comhartha go bhfuil sé in am sceideal éicint a chur i bhfeidhm arís. Le seacht seachtaine anuas, tá aon bhlas den smacht nó rialacha a bhíodh i bhfeidhm againn sa teach imithe le sruth agus níl a fhios agam cén chaoi a gcuirfidh muid am codlata rialta (roimh a deich a chlog san oíche, nó a haon déag, scaití) i bhfeidhm arís.  

Níl aon duine ag iarraidh a ghabháil isteach sa leaba san oíche agus níl éinne ag iarraidh a theacht amach aisti ar maidin. An raibh tráth den saol ann go mbíodh muid ag éirí is ag réiteach is ag dul amach an doras in am don scoil ar maidin? Ní fhéadfadh go raibh.

Thriail mé tús a chur leis an sceideal scoile aréir, is níor éirigh rómhaith liom. ‘Ok, suas libh anois, tá sé in am a ghabháil a chodladh,’ a d’fhógair mé ag a hocht a chlog tráthnóna. Níor bhreathnaigh aon duine orm ach lean ar aghaidh leis an gcluiche ‘cogadh na Ninjas’ atá ag dul ar aghaidh, chomh fada le mo bharúil, go leanúnach ó am éicint ag tús mhí Iúil.

‘Dáiríre atá mé, caithfidh muid a ghabháil suas a chodladh, tá sé a hocht a chlog!’ Níl mé cinnte cén fáth gur luaigh mé an t-am leis an bhfógra, ós rud é nach bhfuil ach tuiscint fhánach acu ar chúrsaí ama.

Maireann siad sa samhradh síoraí. Sa domhan ina maireann siad, beidh duilleoga glasa ar na crainnte go brách agus tá tráthnóntaí fada ag síneadh amach rompu gan tús ná deireadh leo.

Ach i m’intinnse, tá deireadh leis an samhradh cheana féin. Tá mé ag cuimhneamh ar éadaí scoile, is boscaí lóin, is leabhair, is gníomhaíochtaí iarscoile, is deifir, deifir, deifir.

Níl a fhios acu céard is deifir ann. Nuair a chuimhním ceart air, sílim gur acusan atá an ceart is gur ormsa atá an mearbhall. Ba cheart súp a bhaint as an tseachtain dheireanach den samhradh, amhail is nach mbeadh deireadh léi go deo.

In áit a bheith ag diúltú do na moltaí uilig atá déanta ag na gasúir don tseachtain seo ar an údar go bhfuil an iomarca le déanamh le réiteach don scoil, b’fhéidir gur cheart dom glacadh leo ar fad.

B’fhéidir gur cheart a ghabháil amach ag snámh sa bhfarraige, an clár snámha a tharraingt anonn is anall i mbriseadh na trá, 99s a ithe (fiú má bhíonn sé ina bháisteach), portáin a chuartú faoin bhfeamainn sna locháin chladaigh, luí sa ngaineamh agus breathnú ar an spéir agus cluiche cogadh Ninjas (eile) a imirt. Beidh an geimhreadh sách fada.

Fág freagra ar 'Deireadh an tsamhraidh deireadh na saoirse'