Deireadh á chur le Gradaim Chumarsáide an Oireachtais mar ócáid ann féin ceal airgid

Is le linn Oireachtas na Samhna i gCill Airne a reáchtálfar Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana

Deireadh á chur le Gradaim Chumarsáide an Oireachtais mar ócáid ann féin ceal airgid

Tá deireadh á chur le Gradaim Chumarsáide an Oireachtais mar imeacht ann féin i mbliana agus bronnfar na gradaim ag Oireachtas na Samhna 2017 a bheidh ar siúl i gCill Airne.

Bhíodh na gradaim á mbronnadh ag searmanas ar leith a reáchtáltaí i gcathair na Gaillimhe ag tús an tsamhraidh gach bliain le tamall maith de bhlianta anuas. Tá athrú mór i gceist, mar sin, leis an leagan amach nua agus an bronnadh le bheith i measc na n-ócáidí ar fad ag Oireachtas na Samhna.

Dúirt Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, Liam Ó Maolaodha, le Tuairisc.ie gur “cúrsaí airgeadais” is cúis leis an athrú ar bhronnadh na ngradam.

“Bhí costas mór ag baint leis an ócáid, idir lucht fuaime, soilse agus stáitsiú, agus i bhfianaise na gciorruithe ar fad atá déanta le blianta beaga anuas, beartaíodh nach bhféadfaí ócáid faoi leith a rith.

“Bíonn na daoine a bhíonn i láthair ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i láthair ag Oireachtas na Samhna ar aon nós agus ó tharla go bhfuil laghdú tagtha ar an maoiniú le cúpla bliain anuas, bheartaigh muid an dá ócáid a nascadh le chéile,” a dúirt Ó Maolaodha.

Dúirt sé freisin, áfach, gur mhaith le hOireachtas na Gaeilge filleadh ar chathair na Gaillimhe do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais agus go raibh súil aige gur “socrú gearrthéarmach” a bheadh san athrú seo.

“Ba mhaith a d’fheil ócáid i nGaillimh oíche Dé hAoine do na meáin Ghaeilge ó tharla gur sa chontae sin atá ceannáras na móreagraíochtaí uilig, RTÉ Raidió na Gaeltachta, TG4 agus Tuairisc.ie ina measc,” a dúirt sé.

Níl dáta cinntithe don searmanas bronnta i gCill Airne i mbliana ach thug Ó Maolaodha le fios do Tuairisc.ie gur ar Chéadaoin nó Déardaoin na féile a bheadh na gradaim á mbronnadh mar gheall ar an méid imeachtaí agus ócáidí eile atá beartaithe d’Aoine agus do Shatharn an Oireachtais cheana féin.

Dúirt sé go mbeidh “tionchar ag [an athrú] cinnte” ar líon na ndaoine a fhreastalóidh ar an ócáid ach nach bhféadfaí a rá an níos mó nó níos lú daoine a d’fhreastalódh ar imeacht lár seachtaine ag Oireachtas na Samhna.

Níl aon athrú eile beartaithe ag Oireachtas na Gaeilge ar leagan amach Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais agus ní bheidh aon rannóga nua ann i mbliana.

Rinneadh an cinneadh an ócáid a nascadh le hOireachtas na Samhna “le cúpla lá anuas” agus an phleanáil don dá ócáid ar bun ag lucht an Oireachtais.

Cuirfear tús leis an bpróiseas ainmniúcháin do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2017 go luath. Beidh foirm ainmniúcháin á gcur amach ag na hainmnitheoirí i dtreo dheireadh na míosa seo chugainn agus fógrófar an gearrliosta níos deireanaí i mbliana.

Beidh an rannóg ‘Réalta Óg na Bliana’ ann arís i mbliana, rannóg ina mbíonn vóta poiblí i gceist a thugann aitheantas do dhuine faoi bhun 30 bliain d’aois atá ag cruthú go maith sna meáin chumarsáide Ghaeilge.

Beidh seisear san iomaíocht don ghradam sin i mbliana agus beidh an líne vótála oscailte ar an gcéad lá de mhí Mheán Fómhair.

Fág freagra ar 'Deireadh á chur le Gradaim Chumarsáide an Oireachtais mar ócáid ann féin ceal airgid'