Deir Gníomhaireacht Sláinte Phoiblí sa Ghearmáin nár chóir vacsaín AstraZeneca a thabhairt do dhaoine atá os cionn 65 bliain

D’fhéadfadh an moladh seo ón nGearmáin an teannas faoi sholáthar na vacsaíne idir AstraZeneca agus an tAE a ghéarú 

Deir Gníomhaireacht Sláinte Phoiblí sa Ghearmáin nár chóir vacsaín AstraZeneca a thabhairt do dhaoine atá os cionn 65 bliain

Níor chóir vacsaín in aghaidh an COVID-19 a rinne AstraZeneca agus Ollscoil Oxford a thabhairt d’aon duine atá os cionn 65 bliain, dar le príomh-ghníomhaireacht sláinte phoiblí na Gearmáine.

Institiúid Robert Koch, príomh-ghníomhaireacht sláinte phoiblí na tíre a rinne an moladh ar an mbonn nach raibh “dóthain sonraí ar fáil chun éifeachtúlacht na vacsaíne a mheas i gcás daoine atá os cionn 65 bliain d’aois.

Táthar ag súil go dtabharfaidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach ceadúnas do vacsaín AstraZeneca amárach. An vacsaín agus a soláthar bun is barr an aighnis atá idir an comhlacht agus an tAontas Eorpach. 

D’fhéadfadh an moladh seo as an nGearmáin an teannas faoi sholáthar na vacsaíne idir AstraZeneca agus an tAE a ghéarú. Ní bhaineann an moladh seo ach leis an nGearmáin faoi láthair agus tá an vacsaín á dáileadh sa Ríocht Aontaithe cheana féin.

Ar iarratas ón gCoimisiún Eorpach, tá fiosrúchán ar siúl ag lucht rialacháin sa Bheilg faoin láthair táirgthe vacsaíne atá ag AstraZeneca in aice leis an mBruiséil. Rinneadh an fiosrúchán chun a fháil amach an fadhbanna táirgeachta is cúis leis an moill a bheidh ar sholáthar na vacsaíne do thíortha an Aontais Eorpaigh, mar atá á mhaíomh ag an gcomhlacht. Comhlacht Sasanach-Sualannach é AstraZeneca. 

Tharraing an mhoill sin aighneas teasaí agus dhiúltaigh an tAE glacadh leis go raibh tús áite ag an Ríocht Aontaithe don soláthar vacsaíní a táirgeadh i monarchana na tíre.

Dhiúltaigh Stella Kyriakides. Coimisinéir Sláinte an AE glacadh le cás AstraZeneca go raibh ceangal conartha orthu an vacsaín a sholáthar don Ríocht Aontaithe ar dtús. 

Dúirt Kyriakides nár chóir go mbeadh aon bhuntáiste ag an Ríocht Aontaithe.

“Ní ghlacfaimid leis an loighic sin gur de réir mar a tháinig tú féin a thiocfaidh do sheal,” a dúirt sí. “B’fhéidir gur mar sin a oibríonn sé i siopa an bhúistéara ach ní hamhlaidh a bhíonn i gconarthaí ná sna conarthaí réamhcheannaigh atá againne.” 

Tá fearg ar na ballstáit, Éire chomh maith le cách, le AstraZeneca toisc go ndúirt an comhlacht nach mbeidís ábalta ach 25% den mhargadh a bhí déanta a chur ar fáil sa gcéad ráithe den bhliain seo.

Údar dóchais a bhí ag Pfizer-BioNTech inniu agus iad ag maíomh go raibh an vacsaín s’acusan éifeachtúil in aghaidh na gcineálacha den choróinvíreas a tháinig as an mBreatain agus as an Afraic Theas. 

Dúradh sa ráiteas gur “beag seans” go gcuirfeadh “na difríochtaí beaga” atá idir na cineálacha nua “aon laghdú suntasach ar éifeachtúlacht na vacsaíne”. 

Fág freagra ar 'Deir Gníomhaireacht Sláinte Phoiblí sa Ghearmáin nár chóir vacsaín AstraZeneca a thabhairt do dhaoine atá os cionn 65 bliain'