Deir 66% de dhaoine ó dheas gur mhaith leo Éire Aontaithe a fheiceáil sula gcaillfear iad

Deir 64% a ceistíodh sa Phoblacht agus 56% sa Tuaisceart gur cheart go mbeadh ginmhilleadh ar fáil i gcúinsí áirithe i mórshuirbhé RTÉ agus an BBC

Screen Shot 2015-11-05 at 12.22.54

Ba mhaith le dhá thrian de dhaoine ó dheas den teorainn go mbeadh Éire Aontaithe ann lena mbeo, de réir mhórshuirbhé RTÉ agus an BBC.

30% de dhaoine ó thuaidh a dúirt gur mhaith leo Éire Aontaithe a fheiceáil sula gcaillfear iad.

Léiríonn an suirbhé atá déanta ag RTÉ Prime Time agus clár cúrsaí reatha BBC sa Tuaisceart, Nolan Live, áfach, nár mhaith ach le beagán le cois aon trian de dhaoine a ceistíodh sa Phoblacht (36%) go mbeadh Éire Aontaithe ann sa ghearrthéarma nó sa mheántéarma.

Thug 27% de dhaoine ó chúlra Caitliceach ó thuaidh le fios gur mhaith leo go mbeadh Éire Aontaithe ann sa ghearrthéarma nó sa mheántéarma.

Ba é an comhlacht Behaviour & Attitudes a rinne an suirbhé idir an 2 agus an 16 Deireadh Fómhair ar chaon taobh den teorainn. Taispeánann torthaí an tsuirbhé go bhfuil beagán le cois an cheathrú cuid de Chaitlicigh (27%) a ceistíodh sna Sé Chontae ar mhaith leo go mbeadh Éire aontaithe sa ghearrthéarma nó sa mheántéarma.

Beagán os cionn 2,000 agallamh pearsanta a cuireadh ar dhaoine le haghaidh an tsuirbhé; 1,029 i bPoblacht na hÉireann agus 1,012 i dTuaisceart Éireann. Foilsíodh na torthaí aréir mar chuid de chomhchraoladh idir RTÉ Prime Time agus Nolan Live, clár cúrsaí reatha BBC sa Tuaisceart.

Fiafraíodh de dhaoine chomh maith ar mhaith leo Éire Aontaithe a fheiceáil sula gcaillfear iad. 66% de dhaoine ó dheas a dúirt gur mhaith; 30% de dhaoine ó thuaidh a d’fhreagair ‘ba mhaith’. Ina measc siúd a ceistíodh i dTuaisceart Éireann a bhaineann le cúlra Caitliceach, d’fhreagair 57% acu ‘ba mhaith’ agus dúirt 29% ‘Níl a fhios agam’.

Fiafraíodh de dhaoine freisin an dtabharfaidís a dtacaíocht d’Éirinn Aontaithe dá dtiocfadh athrú ar chúrsaí cánach. Dúirt 31% de dhaoine ó dheas go mbeidís i bhfabhar Éire Aontaithe fiú dá gciallódh sé go mbeadh orthu níos mó cánach a íoc. Is ionann an céatadán sin agus níos lú ná leath na ndaoine a dúirt gur mhaith leo Éire Aontaithe a bheith ann ‘lena mbeo’.

Scrúdaíodh dearcadh daoine sa suirbhé ar cheisteanna sóisialta chomh maith. Dúirt 83% le lucht na bhfreagraí sa Phoblacht go mbeidís an-chompordach nó sách compordach le duine dá ndream ag pósadh duine a bhfuil dath difriúil ar a chraiceann. 86% de dhaoine i dTuaisceart Éireann a thug an freagra céanna.

Nuair a fiafraíodh a dtuairimí de dhaoine faoin nginmhilleadh, ba bheag difear a bhí idir na torthaí ar chaon taobh den teorainn. Dúirt 22% de dhaoine sa Phoblacht agus 23% de dhaoine sa Tuaisceart gur cheart go mbeadh an ginmhilleadh ar fáil gan aon srian. Dúirt 64% a ceistíodh sa Phoblacht agus 56% sa Tuaisceart gur cheart go mbeadh ginmhilleadh ar fáil i gcúinsí áirithe. Dúirt 14% i bPoblacht na hÉireann agus 20% i dTuaisceart Éireann nár cheart don ghinmhilleadh a bheith ar fáil i gcúinsí ar bith.

Toisc go bhfuil comóradh 1916 ar na bacáin, fiafraíodh de dhaoine faoin ról atá glactha ag grúpaí difriúla sa tír seo, ina measc ceannairí an Éirí Amach.

Dúirt beagnach trí cheathrú díobh sin a ceistíodh sa Phoblacht gur ghlac na ceannairí ról an-dearfach nó ról sách dearfach i stair na tíre. 25% de dhaoine i dTuaisceart Éireann a dúirt amhlaidh. 39% de dhaoine a dúirt ‘Níl a fhios agam’ mar fhreagra ar an gceist chéanna sna Sé Chontae.

Beagán le cois an cheathrú cuid (26%) de dhaoine a ceistíodh sa Phoblacht a dúirt go raibh ról an-dearfach nó sách dearfach á ghlacadh ag Banríon Shasana agus a muintir, i gcompardáid le 45% i dTuaisceart Éireann. Go deimhin, creideann níos mó daoine sa Phoblacht go bhfuil a ról an-diúltach nó sách diúltach (34%).

Cuireadh ceist ar dhaoine faoin Eaglais Chaitliceach chomh maith. Braitheann níos mó daoine i bPoblacht na hÉireann (37%) go bhfuil ról an-dearfach nó sách dearfach ag an Eaglais. An ceathrú cuid de dhaoine a dúirt amhlaidh i dTuaisceart Éireann. Os a choinne sin, ceapann níos mó daoine ó dheas – (31%) – go bhfuil an Eaglais tar éis ról an-diúltach nó sách diúltach a bheith aici go dtí seo i stair an oileáin. 25% de dhaoine sna Sé Chontae a dúirt amhlaidh leis an gceist chéanna.

Dealraíonn sé go bhfuil dearcadh dearfach i leith an tsaoil ag formhór na ndaoine atá ina gcónaí ar an oileán; dúirt 88% sa Phoblacht go bhfuil siad sona sa saol agus dúirt 84% amhlaidh sa Tuaisceart.

Is cosúil, áfach, gur mó sásamh atá á bhaint ag daoine sa Phoblacht (77%) as cúrsaí grá ina saol. 66% i dTuaisceart Éireann a dúirt go rabhadar sásta ó thaobh cúrsaí grá de. Díol suntais is ea é go ndúirt beagnach a cheithre oiread sin sa Tuaisceart nach bhfuil a fhios cé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad sásta ó thaobh cúrsaí grá de.

Fág freagra ar 'Deir 66% de dhaoine ó dheas gur mhaith leo Éire Aontaithe a fheiceáil sula gcaillfear iad'