Deimhniú ó Roinn na Gaeltachta go bhfuil cúrsaí na gcoláistí samhraidh ar ceal, ach tada ráite fós faoi mhaoiniú speisialta

An Comhaontas Glas an dream is déanaí atá ag éileamh go gcuirfí maoiniú speisialta ar fáil do na coláistí samhraidh agus do dhaoine eile atá ag obair san earnáil

Deimhniú ó Roinn na Gaeltachta go bhfuil cúrsaí na gcoláistí samhraidh ar ceal, ach tada ráite fós faoi mhaoiniú speisialta

Tá sé deimhnithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta nach mbeidh cúrsaí na gcoláistí samhraidh Gaeltachta ar siúl an samhradh seo de bharr an choróinvíris, ach níl aon leid tugtha fós acu faoi mhaoiniú speisialta a chur ar fáil do na mná tí nó na coláistí féin.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go raibh cinneadh déanta na cúrsaí a chur ar ceal agus d’fhógair an Roinn an scéal go hoifigiúil tráthnóna inné.

Dúradh i ráiteas na Roinne go dtuigeann siad gur “buille” an scéal seo don Ghaeltacht trí chéile. Dúirt siad gur “tréimhse neamhghnách, éiginnte agus dhúshlánach” í seo ach gurb í “sláinte an phobail an rud is tábhachtaí”.

“Tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis sláinte agus ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí a chosaint, ag cur san áireamh na bearta éigeandála atá á nglacadh maidir le Covid-19, tá sé fógartha ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta nach reáchtálfar aon chúrsa foghlama Gaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo de bharr na paindéime Covid-19,” a dúradh.

Dheimhnigh an Roinn chomh maith nach gá do theaghlaigh Ghaeltachta atá aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge teastas nua innealtóra a chur ar fáil i mbliana.

Níl aon ní ráite ag an Roinn fós áfach, faoi cé acu an gcuirfear nó nach gcuirfear maoiniú speisialta ar fáil do na mná tí agus do dhaoine eile atá ag obair san earnáil a bheidh thíos leis an scéal seo. D’iarr Tuairisc.ie ar an Roinn ráiteas a dhéanamh faoin ngné sin den scéal ach níor tugadh aon fhreagra ar an iarratas sin go fóill.

Tá an Comhaontas Glas ar an dream is déanaí atá ag éileamh go gcuirfí ciste tacaíochta ar fáil toisc na cúrsaí a bheith curtha ar ceal.

I ráiteas a d’eisigh siad inniu, dúirt an Comhairleoir Peadar Ó Caomhánaigh, urlabhraí Gaeilge an Chomhaontais Ghlais, go ndéanfar pobal na Gaeltachta a imeallú a thuilleadh mura dtugtar tacaíocht éigeandála dóibh.

“Tá na Gaeltachtaí faoi chois cheana féin, agus braitheann said go mór ar an airgead seo gach bliain,” a dúirt Peadar Ó Caomhánaigh.

“Tá an t-airgead seo ag teastáil ó theaghlaigh Ghaeltachta agus gan é tá an baol ann go mbeidh an Ghaeltacht scoite amach níos faide ná riamh.”

Deir an Comhaontas Glas go mbeidh “cúiteamh díreach” ag teastáil ó phobal na Gaeltachta.

“Tá níos lú maoinithe ag dul go Gaeltachtaí na tíre fiú ná na háiteanna tuaithe is mó atá imeallaithe. Gan ioncam bliantúil ó na cúrsaí samhraidh, is iad na mná tí, a dteaghlaigh, na siopaí agus na gnóthaí áitiúla a bheas thíos leis. Is faoin Rialtas atá sé taispeáint go bhfuil na Gaeltachtaí, mar chroílár na Gaeilge, tábhachtach agus gur fiú iad a chosaint.”

Faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, freastalaíonn suas le 27,000 scoláire ar choláistí samhraidh na Gaeltachta gach bliain agus íocann an Roinn fóirdheontas leis an 700 teaghlach Gaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na scoláirí.

Meastar gur fiú suas le €50 milliún sa bhliain earnáil na gcoláistí samhraidh do gheilleagar na Gaeltachta.

Tá éileamh déanta cheana ag Conradh na Gaeilge agus Fianna Fáil ar thacaíocht speisialta do mhná tí agus do na coláistí samhraidh.

Fág freagra ar 'Deimhniú ó Roinn na Gaeltachta go bhfuil cúrsaí na gcoláistí samhraidh ar ceal, ach tada ráite fós faoi mhaoiniú speisialta'

  • Micheál Ó Máirtín Loch an Iuir

    Ta ciall leis an chinneadh seo cúrsaí a chur ar ceal an samhradh seo ACH caithfear cuidiú de chineál eigin a thabhairt do bhunadh na Gaeltachta, go háirithe do na mná tí a bhíonn ag brath cuid mhaith ar an teacht isteach a thig ó na cúrsaí samhraidh. Lena chois sin, tá cuid de na coláistí á reáchtáil go deonach nó go páirtaimseartha ag daoine a bhfuil suim acu i gcaomhnú agus i bhforbairt na Gaeltachta. Beidh an-chuid oibre le déanamh ag cuid acu seo agus iad ag iarraidh socruithe a chealú–ba chóir cuid éigin a thairiscint dóibh ionas go mbeidh siad ábalta an obair riaracháin bhreise a dhéanamh agus ullmhúchán a dhéanamh do 2021. Tá an baol ann anois go dtitfidh cuid de na coláistí i léig rud a d’imreodh an-drochthionchar ar thodhchaí na Gaeltachta.