Deimhnithe ag Uachtarán na hÉireann go mbeidh an dara téarma á lorg aige

Tá sé deimhnithe ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn go mbeidh sé á chur féin chun tosaigh mar iarrthóir neamhspleách faoi alt 12.4.4 de Bhunreacht Na hÉireann

Deimhnithe ag Uachtarán na hÉireann go mbeidh an dara téarma á lorg aige

Tá sé deimhnithe ag Uachtarán na hÉireann go mbeidh an dara téarma á lorg aige.

Dheimhnigh urlabhraí de chuid an Uachtaráin go mbeadh Ó hUigínn á chur féin chun tosaigh mar iarrthóir neamhspleách faoi alt 12.4.4 de Bhunreacht Na hÉireann nuair dhéanfar an t-ordú aire i dtaobh toghchán uachtaránachta níos déanaí i mbliana.

“Tá an Rialtas curtha ar an eolas faoina chinneadh. Leanfar le clár oifigiúil an Uachtaráin i dtaobh dualgas agus ócáidí,” a dúirt an t-urlabhraí.

Dealraíonn sé go dtabharfaidh roinnt iarrthóirí dúshlán an Uachtaráin agus suim léirithe ag ag seanadóirí neamhspleácha amhail Gerard Craughwell, Joan Freeman agus Pádraig Ó Céidigh in ainmniúchán a lorg chun seasamh i dtoghchán.

Tá ráite cheana féin ag Fianna Fáil agus Páirtí an Lucht Oibre go dtacóidís siad leis an Uachtarán sa chás go mbeadh an dara téarma uaidh agus meastar go ndéanfaidh Fine Gael amhlaidh agus fógra déanta anois aige go bhfuil an dara téarma uaidh.

Déanfaidh Sinn Féin cinneadh Dé Sathairn faoin gcur chuige a bheidh acu i gcás na huachtaránachta. Tá ráite ag ceannaire Shinn Féin Mary-Lou McDonald gur dhóigh léi nár cheart ligint d’uachtarán an dara téarma a fháil gan a dhúshlán a thabhairt.

Má bhíonn toghchán ann, meastar gur ar an 25 nó an 26 Deireadh Fómhair a bheadh sé agus go mbeadh dhá reifreann ann an lá céanna.

 

 

Fág freagra ar 'Deimhnithe ag Uachtarán na hÉireann go mbeidh an dara téarma á lorg aige'