Deimhnithe ag Coillte nach raibh aon árachas acu in aghaidh tinte sléibhe

Is ar Coillte a thitfidh costas iomlán an damáiste a rinneadh ar a gcuid talún i gConamara níos luaithe i mbliana

Deimhnithe ag Coillte nach raibh aon árachas acu in aghaidh tinte sléibhe

Tá sé deimhnithe ag Coillte do Tuairisc.ie nach raibh aon árachas ag an gcomhlacht stáit tráchtála a chlúdódh an damáiste a rinne tinte sléibhe an samhradh seo, damáiste a chosnóidh “na milliúin” euro ar a laghad.

Dúirt urlabhraí de chuid an chomhlachta le Tuairisc.ie go gcaithfeadh Coillte an costas ar fad a bhain leis an damáiste a rinne an tine mhór sléibhe ar an gClochbhaile i gConamara a sheasamh mar nach raibh árachas barraí in aghaidh tinte acu.

Dheimhnigh Coillte chomh maith nach bhfuil aon mheastachán críochnúil déanta go fóill ar an damáiste a rinne na tinte sa Bhealtaine agus nach mbeidh a leithéid acu nó go gcinnteofar costais an athphlandaithe. De réir meastacháin amháin, is fiú timpeall €10,000 an heicteár foraoiseacha  Coillte, rud a d’fhágfadh go ndearnadh luach €12 milliún de dhamáiste ar a laghad sa tine mhór sléibhe i gConamara i dtús an tsamhraidh.

Tá impleachtaí ag baint leis na costais seo don cháiníocóir sa mhéid is go n-íocann Coillte díbhinn leis an státchiste. €6.2 milliún a chuir an comhlacht tráchtála stáit isteach sa státchiste anuraidh, méadú 25% ar 2015. Bhí sreabhadh airgid de €15 milliún ag Coillte in 2016 agus súil acu an tsuim sin a ardú go dtí €60 milliún faoi 2019. Beidh brú mór millteach breise ar acmhainní an chomhlachta anois, áfach.

“Scriosadh os cionn 1,200ha d’fhoraoiseacha Coillte agus dódh go dona 2,000ha den chriathrach. Meastar go gcosnóidh sé na milliúin, ach chun an costas iomlán a bhaineann leis an damáiste a fháil amach, beidh ar Choillte an costas a bhaineann leis na foraoiseacha agus na gnáthóga a ‘athnuachan’ sna ceantair seo a fhiosrú, agus tá an obair sin fós ar siúl.

“Níl árachas barraí i gcoinne tinte ag Coillte i gcás na bhforaoiseacha seo agus mar sin is ar Coillte féin a thitfidh costas iomlán an damáiste gan aon tacaíocht ón Stát,” a dúirt urlabhraí Coillte le Tuairisc.ie.

Dúirt an t-urlabhraí gur “tréimhse fhíor-eisceachtúil a bhí ann ó thaobh líon na dtinte sléibhe” ag tús na Bealtaine.

“I ngnáthbhliain, tharlódh tuairim is 200 tine agus d’fhéadfadh go scriosfaí timpeall 300ha sna tinte sin. Sa chéad 10 lá de mhí na Bealtaine 2017, tharla 85 tine sléibhe a rinne damáiste do 1,700ha d’fhoraoiseacha Coillte, agus ba é an deireadh a bhí leis ná an tine ba mhó agus ba dhainséaraí acu ar fad, ar an gClochbhaile i nGaillimh.”

Thosaigh an tine i gConamara Dé Sathairn an 6 Bealtaine ag timpeall a 5 a chlog tráthnóna agus níor cuireadh faoi smacht í go dtí tráthnóna Dé Céadaoin, an 10 Bealtaine. Chaith 35 oibrí de chuid Coillte, trí héileacaptar, dhá inneall dóiteáin agus 30 ball d’Óglaigh na hÉireann cúig lá ansin sular ceansaíodh an tine ar deireadh.

Fág freagra ar 'Deimhnithe ag Coillte nach raibh aon árachas acu in aghaidh tinte sléibhe'