Deimhnithe ag an OPW go mbeidh Sceilg Mhichíl dúnta don chuid eile de 2020

Rinne Oifig na nOibreacha Poiblí athbhreithniú ar an gcinneadh a tógadh mí na Bealtaine an láthair a dhúnadh

Deimhnithe ag an OPW go mbeidh Sceilg Mhichíl dúnta don chuid eile de 2020

Dheimhnigh Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) inniu go mbeidh Láthair Oidhreachta Dhomhanda Sceilg Mhichíl dúnta don chuid eile de 2020 mar gheall ar an bpaindéim Covid-19.

D’fhógair an OPW an méid sin i ndiaidh dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh a rinneadh mí Bealtaine an láthair a dhúnadh. Dúradh inniu nach mbeadh sé “indéanta an t-oileán cáiliúil a oscailt don méid atá fágtha den séasúr”.

“Tar éis machnamh a dhéanamh ar na cúinsí ar fad, táimid tagtha ar an gcinneadh nach bhfuil sé seo indéanta agus nach féidir Sceilg Mhichíl a dhéanamh sábháilte ó Covid-19 do chuairteoirí ná don bhfoireann,” a deirtear sa ráiteas.

Dúirt Coimisinéir Oidhreachta an OPW, John McMahon gur trua leis an eagraíocht go mbeadh an láthair dúnta ach nach raibh aon dul as.

“Is trua linn dá bharr sin go bhfuil orainn a dheimhniú nach mbeidh láthair Sceilg Mhichíl ag athoscailt don mhéid atá fágtha do shéasúr 2020 agus gur gá dúinn anois pleanáil d’athoscailt sa bhliain 2021, agus súil againn go mbeidh sé ar ár gcumas freastal ar chuairteoirí ar an láthair arís,” arsa Coimisinéir Oidhreachta an OPW, John McMahon.

Fág freagra ar 'Deimhnithe ag an OPW go mbeidh Sceilg Mhichíl dúnta don chuid eile de 2020'