Deichniúr maraithe sa phléasc ar an Chraoslach i nDún na nGall

Dúirt sagart an pharóiste, an tAthair Joe Duffy, nach bhfacthas riamh cheana sa cheantar a leithéid d’uafás

Deichniúr maraithe sa phléasc ar an Chraoslach i nDún na nGall

Deichniúr atá maraithe sa phléasc a tharla ar an Chraoslach i nDún na nGall, páiste agus beirt déagóirí ina measc.

Maraíodh ceathrar fear agus triúr ban sa phléasc a tharla ag stáisiún peitril agus siopa le muintir Lafferty ar an mbaile.

Gortaíodh ochtar san eachtra agus dúirt na Gardaí nach raibh aon duine eile á chuardach acu.

Dúirt sagart an pharóiste, an tAthair Joe Duffy, nach bhfacthas riamh cheana sa cheantar a leithéid d’uafás.

“Tá imní orm faoi na laethanta agus na seachtainí romhainn amach. Tá sé chomh hosréalach agus dochreidte. Bhrisfeadh sé do chroí agus tá sé uafásach. Ba gheall le scannán ficsin é ag tarlú os ár gcomhair amach. Níor cheap aon duine go bhféadfadh rud mar seo tarlú. Tá croí an phobail briste aige.”

Dúirt an Ceannfort Dave Kelly ó stáisiún an Gharda Síochána i mBaile na nGallóglach go raibh fiosrúchán ar bun faoin bpléasc ach go raibh an chuma ar an scéal gur timpiste thragóideach a bhí ann.

Thart ar 3.20pm inné a tharla an phléasc inar scriosadh foirgneamh an stáisiúin peitril ar imeall an bhaile agus cuid de bhloc árasán in aice láimhe.

Fág freagra ar 'Deichniúr maraithe sa phléasc ar an Chraoslach i nDún na nGall'

  • AN Teanga Bheo

    Mó bhrón libh ar fad sibhse atá gortaithe agus tinn ach beannacht lenár gcairde atá imithe uainn. Go raibh cabhair ó Dhia acu uilig ag an am fíorbhrónach seo.